Sárchluiche agus bua eile do na Laighnigh romhainn

Caithfidh Cúige Mumhan na laigí a léirigh siad sa dara leath an tseachtain seo caite a leigheas

Sárchluiche agus bua eile do na Laighnigh romhainn

INPHO/Dan Sheridan

Agus mé ag scríobh anseo an deireadh seachtaine seo caite bhí mé ag tuar go raibh seans iontach ag an gceithre chúige an lámh in uachtar a fháil sna cluichí acu don tríú babhta le cúl a chéile.

Is léir gur chuir mé mallacht an tráchtaire ar na Muimhnigh! 

Thosaigh siad mar a bheadh súil agat leis ón bhfoireann atá ar bharr an tábla, agus trí úd bhreátha acu sa gcéad leath.

Port eile ar fad a bhí acu sa dara leath, áfach.  Lig na Muimhnigh na maidí le sruth ar fad agus d’aimsigh na Scarlets trí úd in achar gearr sé nóiméad, éacht a chuir deireadh le rás na Mumhan agus toradh a chinntigh nár éirigh leo na pointí bónais cailliúna féin a aimsiú.

Sciorr na Muimhnigh ó bharr an tábla go dtí an dara háit dá bharr agus chomh maith leis sin chuir siad a seans ar chluiche leathcheannais sa mbaile i mbaol.

Tá sé chluiche le n-imirt fós sna réamhbhabhtaí, cluiche an deireadh seachtaine seo san áireamh, ach mar sin féin ní féidir le haon fhoireann deis ar chluiche éasca a bhuachan a ligean le fána, go háirithe agus an cluiche sin beagnach buaite ag leath-am. Sin díreach a rinne na Muimhnigh i Luimneach an Satharn seo caite agus is iadsan atá thíos leis anois.

Maidir le cluichí Bhabhta 17 an deireadh seachtaine seo, beidh buntáiste an bhaile ag na Connachtaigh agus ag Cúige Uladh, agus iad ag cur fáilte roimh fhoirne ón Iodáil. Zebre, foireann atá in íochtar an tábla, a bheas ar an mBóthar Beag. Beidh foireann Treviso atá san 11ú háit i mBéal Feirste. Is deacair a shamhlú nach mbeidh bua le pointe bónais ag an dá chúige.

Beidh na Muimhnigh ag taisteal go dtí an Bhreatain Bheag le tabhairt faoi Caerdydd (atá sa seachtú háit). Seo é an cluiche deiridh nach mbeidh fáil ag na foirne ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta. Caithfidh Cúige Mumhan na laigí a léirigh siad sa dara leath an tseachtain seo caite a leigheas lena chinntiú go bhfanfaidh siad ar bharr an tábla nó gar de ar aon chaoi. Má theipeann orthu, seans go mbeidh siad i gcruachás agus cluichí crua i gcoinne Ghlaschú, Chúige Uladh agus Chúige Connacht le n-imirt fós.

Seans gurb é an cluiche idir Cúige Laighean agus Scarlets rogha an deireadh seachtaine seo. Tá Cúige Laighean ar bharr an tábla faoi láthair agus tá Scarlets trí áit taobh thiar díobh. Is cinnte go dtabharfaidh an bua a bhí ag na Scarlets ar na Muimhnigh Dé Sathairn seo caite misneach iontach dóibh agus iad ag imirt as baile san RDS arís an Satharn seo. 

Tá mise ag súil le sárchluiche agus bua eile do na Laighnigh.


Dé hAoine, 3 Márta

Cúige Chonnacht v Zebre Rugby, 19:35

Cúige Uladh v Benetton Treviso, 19:35

Dé Sathairn, 4 Márta

Cardiff Blues v Cúige Mumhan, 17:15

Cúige Laighean v  Scarlets, 19:35

Fág freagra ar 'Sárchluiche agus bua eile do na Laighnigh romhainn'