Sarah Palin ag iarraidh dul as Wasilla go Washington arís

Agus nasc daingean cruthaithe aici idir í féin agus Donald Trump beidh sé deacair ag an bPáirtí Poblachtach Sarah Palin a cháineadh agus fonn uirthi filleadh ar an stáitse náisiúnta

Sarah Palin ag iarraidh dul as Wasilla go Washington arís

Tá sí ar ais! Bhí go leor a cheap gur Amadán Aibreán a bhí ann nuair a chuala siad an scéal go raibh Sarah Palin ag cur a hainm chun cinn le bheith mar iomaitheoir do shuíochán comhdhála in Alaska faoi cheann cúpla mí. Ach ní hea, ná é agus an tseachtain seo tháinig IarUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump amach lena thacaíocht a léiriú di go poiblí.

In 2008 a cuireadh Sarah Palin in iúl don phobal sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain nuair a roghnaigh an t-iarrthóir uachtaránachta a bhí ag na Poblachtánaigh John McCain í mar iarrthóir leas-uachtaránachta dá fheachtas féin. Bhí an-tóir ar Palin a bhí ina gobharnóir ar Alaska ag an am ag an eite sin don Pháirtí Poblachtach a bhí gafa leis an Tea Party.  An eite dheis chéanna a bhfuil dáimh acu anois le Donald Trump nach bhfuil iarracht ar an Teach Bán in 2024 curtha as an áireamh aige fós. 

Cén fáth, mar sin, an bhfuil Palin ag iarraidh filleadh ar an bpolaitíocht? D’éirigh sí as mar ghobharnóir ar Alaska i Meitheamh 2009 roinnt míonnatar éis an toghcháin uachtaránachta ar chruthaigh sí go dona ann in 2008. Fiosrúcháin leanúnacha faoi cheapacháin a rinne sí le inn di bheith in oifig an ghobharnóra chomh maith le postanna agus conarthaí a bronnadh ar ghaolta agus daoine a raibh aithne acu orthu a spreag an cinneadh. Dúirt sí ag an am go raibh géarleanúint náireach á déanamh uirthi. Bhí bliain go leith sa téarma oifige le críochnú aici nuair a d’éirigh sí as agus ní mó ná sásta a bhí go leor de phobal a stáit léi.

Cén fáth mar sin iarracht eile a dhéanamh dul as Wasilla go Washington? Ta sí ar dhuine de leathchéad iarrthóir a bhfuil a n-ainm curtha chun cinn acu le suíochán Don Young, a bhásaigh sa Márta. a líonadh. Ba é an t-aon ionadaí comhdhála ag Alaska ó 1973.  Reáchtálfar an chéad bhabhta i mí an Mheithimh agus ansin beidh fothoghchán iomlán ar siúl i mí Lúnasa.

Cé go bhfuil aithne náisiúnta ar Palin de bharr an toghcháin in 2008 is beag barúil atá ag meáin na Stát Aontaithe go bhfuil tacaíocht aici i measc a muintire féin in Alaska. Tuairiscítear, mar sin féin, comhairleoirí mór le rá a bheith ceaptha aici – Corey Lewandowski a bhí ina bhainisteoir feachtais ag Trump agus Michael Glassner, iarchomhairleoir de chuid Trump. Trí nasc chomh daingean a chruthú idir í féin agus Trump beidh sé deacair ag an bPáirtí Poblachtach í a cháineadh mar go mbeidh siad ag brath ar go leor ar lucht tacaíochta an iaruachtaráin cuidiú leo sna toghcháin lár-téarma i mí na Samhna.

Gobharnóir measartha go maith a bhí in Palin sular ghabh sí eite dheis na bPoblachtánach chuici féin le linn fheachtas McCain. Cé acu cur chuige a réiteoidh an bealach go Washington dí? Tá ceisteanna go leor faoin méid tacaíochta áitiúil atá aici in Alaska ach samhlaítear gur ag tnúth le bheith ar an stáitse náisiúnta atá sí. Bealach amháin nó eile – tá sí ar ais.

Fág freagra ar 'Sarah Palin ag iarraidh dul as Wasilla go Washington arís'