Saothar toirtiúil faoi bhuille scoir na Beatles

Saothar ocht n-uaire an chloig de chuid Peter Jackson é ‘The Beatles: Get Back’,  atá bunaithe ar 60 uair an chloig físe agus 150 uair an chloig fuaime

Saothar toirtiúil faoi bhuille scoir na Beatles

Tá Disney+ ag cur gothaí orthu féin gan aon agó. Tá an-éileamh ag an bpobal ar Dopesick le cúpla seachtain anuas, dála Wand Vision roimhe sin. Seo chugainn anois Peter Jackson lena mhórshaothar faoi na Beatles, (The Beatles: Get Back, Disney+) Breis agus ocht n-uaire an chloig d’ábhar físe is fuaime atá sa tsraith trí chlár seo. Craoladh an chéad cheann ar an Aoine agus an dá ghála eile ar an Satharn agus an Domhnach.

Ní fhacthas cheana tromlach mór an ábhair seo agus baineadh é as taisce ábhar a thaifead Michael Lindsay-Hogg a raibh clár faisnéise á dhéanamh aige faoin Fab Four i dtosach na bliana 1969. Tuairim is 60 uair an chloig físe agus 150 uair an chloig fuaime a bhí ag Lindsay-Hogg de cheathrar Learpholl ag cumadh, ag cleachtadh agus ag cabaireacht. Níl cáil na giorrachta ar Peter Jackson agus sin an chúis go bhfuil sraith chomh toirtiúil againn.

Tréimhse chinniúnach ba ea í seo i saol an bhanna cheoil is mó cáil is éileamh riamh. Tugann an chéad deich nóimint nó mar sin achoimre ar a n-aistear go dtí sin; iad ag tosú amach sna déaga luatha, an cháil dhomhanda, ceol a chuir na ladhracha ag damhsa agus mná óga le báiní. Faoi 1969 bhí teannas le brath eatarthu, an fuinneamh ag tráth agus iad bailithe den Beatlemania. Bhí an banna ar a dhé deiridh.

I mí Eanáir na bliana sin bhíodar bailithe le chéile le tabhairt faoi cheolchoirm a dhéanfaí a thaifeadadh. Bheadh orthu ceithre amhrán déag a chumadh is a chleachtadh don ócáid agus Lindsay-Hogg ann le gach rud a thaifeadadh. Get Back an teideal a bhí ar an tionscnamh ach is Let it Be a baisteadh ar an albam agus an clár teilifíse. Cuireadh clabhsúr ar an tionscnamh leis an gceolchoirm cháiliúil siúd ar bharr foirgnimh ar Saville Row; ba í an cheolchoirm dheiridh acu í mar bhanna.

Níl i gcuid mhaith den saothar ach an ceathrar ag ceol, ag cumadh, ag caint agus ag sáraíocht ar a chéile. A ngiollaí ag faoileáil timpeall is ag tindeáil orthu.  Cogadh na mba maol é ach ar shlí tuigeann tú, agus tuigeann siad, go bhfuil a ré le chéile ag teacht chun críche. Téann rudaí chun leadráin ar uairibh ach tá léargas á fháil agat ar phróiseas cumadóireachta an bhanna mar aon leis an gcaidreamh eatarthu. É sin ar fad agus athchóiriú slachtmhar déanta ar an bhfíseán.

Tá draíocht ag baint lena gcumais chumadóireachta, an caidreamh speisialta achrannach idir Lennon agus McCartney go háirithe. Níl aon bhruíon ann ach tá an teannas le brath. Iad athraithe mar dhaoine agus mar ealaíontóirí, suimeanna agus spriocanna difriúla acu ó thaobh an cheoil. George Harrison ag iarraidh guailleáil isteach i bpaiste cruthaitheachta na beirte, Ringo bocht i bhfolach taobh thiar dá dhrumaí. Yoko ansin i rith an ama agus gan focal aisti. Is beag a deir John go minic ach an oiread agus de réir na dtuairiscí bhí greim faighte ag an hearóin air faoin dtráth seo.

Sé McCartney, lena mheon thíoránach, gheanúil a dhéanann iad a ghríosú agus an tionscnamh a bhrú ar aghaidh. Dá mbeadh clár den saghas seo déanta cúig bliana roimhe sin an mbeadh dinimic dhifriúil ann?

Is cinnte nach mbeidh an goile ag cách dó seo agus is cinnte freisin go ndéanfaidh na handúiligh gach nóimint a alpadh siar.

Saothar toirtiúil faoi bhuille scoir na Beatles.

Fág freagra ar 'Saothar toirtiúil faoi bhuille scoir na Beatles'