Saothar taitneamhach toirtiúil eile ó cheárta na sárdhrámaíochta

Is fiú go mór breathnú ar ‘Julia’, léamh HBO ar shaol is ar shaothar Julia Child

Saothar taitneamhach toirtiúil eile ó cheárta na sárdhrámaíochta

Ba í Julia Childs banríon na cócaireachta agus ceannródaí na gclár cócaireachta teilifíse i dtosach na seascaidí. Séard a chuireann an tsraith is déanaí ó HBO (Julia, Sky Atlantic/Now TV) roimhe ná éachtaint a thabhairt ar shaol agus ar shaothar na mná ar leith seo. 

Ba chloch mhíle é an leabhar cócaireachta dá cuid, Mastering the Art of French Cooking, a scríobhadh i gcomhar le Simone Beck agus Louisette Bertholle. Foilsíodh an saothar toirtiúil, cuimsitheach sin i 1961 agus sí tuairim na coitiantachta gurb é a mhúscail suim na bPoncánach sa chócaireacht agus i mbia na Fraince. Cuimhnigh chomh maith go raibh ré nua na mbéilí réamhdhéanta reoite faoi lán seoil i Meiriceá na tréimhse sin. 

Tugann an saothar léargas ar cheardaíocht, ar shamhlaíocht agus ar scil na cócaireachta. Dúil ag cách sa bhéile blasta, fir ach go háirithe, ach gan mórán inniúil chun a dhéanta, fir ach go háirithe. Léirítear Julia Childs (Sarah Lancashire) mar bhean gheanúil atá lán le ceol agus a bhfuil a croí sa chócaireacht. 

Í ar a suaimhneas ach sáspan agus friochtán a bheith ina lámha aici. Blianta caite aici féin agus a fear, Paul Child (David Hyde Pierce), ar Mhór-Roinn na hEorpa, an Fhrainc ach go áirithe. An oiliúint agus an taithí ansin ag cur lena cumas agus a suim sa chócaireacht mar aon leis an leabhar cinniúnach sin a ghiniúint.  

Ní raibh aon pháistí ar mhuintir Child agus sa chéad chúpla gála (ceithre cinn as na hocht gcinn atá scaoilte go dtí seo) címid go bhfuil an t-athrú saoil ag luí uirthi agus í ag déanamh a marana ar a saol, dá réir. Tá Paul féin ag pointe cinniúnach óir go bhfuil a phost sa tseirbhís taidhleoireachta caillte aige agus é díomhaoin dá réir.

Nuair a fhaigheann Julia an deis déanann sí í féin a ghuailleáil isteach i gcláir chócaireachta teilifíse ar chraoltóir seirbhíse poiblí i mBostún; tionscnamh ceannródaíoch nua i dtionscal nach raibh tagtha in inmhe go fóill. Gné eile den chlár mar sin ná conas mar a chuaigh an chéad chlár cócaireachta riamh i bhfeidhm ar an bpobal. Fite fuaite leis sin tá gnéasachas agus seobhaineachas fhearaibh na teilifíse agus cad é drochmheas acu ar Julia agus a saothar. 

An drochmheas céanna ar an léiritheoir cúnta Alice (Brittany Bradford) atá ag seasamh an fhóid do Julia agus ag cur suas le seobhaineachas a comhghleacaithe fireanna ag an am céanna. Tá tógáil croí agus greann ag baint leis an leibhéal a dhéanann Julia ar an láithreoir scolártha drochmheastúil. Muc ar gach mala aige go bhfuair Julia an ceann is fearr air ach é ag crochadh leis an uibheagáin bhlasta a deineadh dó. 

Teacht i láthair iontach ag Lancashire mar Julia, a deisbhéalaíocht agus diabhlaíocht le sonrú go láidir. Tá an gaol idir í agus Paul lárnach sa saothar agus cé go mbíonn easaontuithe eatarthu is gaol daingean agus grá domhain atá eatarthu. 

Saothar taitneamhach toirtiúil eile ó cheárta na sárdhrámaíochta.

Fág freagra ar 'Saothar taitneamhach toirtiúil eile ó cheárta na sárdhrámaíochta'