Saothar suaithinseach a thugann éachtaint ar thréimhse faoi leith i stair Hollywood.

Saothar suaithinseach a thugann éachtaint ar thréimhse faoi leith i stair Hollywood.

Saothar suaithinseach a thugann éachtaint ar thréimhse faoi leith i stair Hollywood.

Stiúrthóir: David Fincher
Cliar: Gary Oldman, Amanda Seyfried, Lily Collins, Tom Pelphrey, Arliss Howard, Charles Dance, Tom Burke, Sam Throughton, Monika Gossman.

Tá conspóid agus éiginnteacht i gcónaí faoi bhunús Citizen Kane, saothar a áiríonn mórán mar an scannán is fearr a deineadh riamh. Ní raibh an buachaill bán Orson Welles ach sna fichidí luatha nuair a mheall an cheárta scannánaíochta RKO é go Hollywood in 1940 le tabhairt faoi fhadscannán. Ag tosach an scannáin Mank, deir an scríbhneoireacht ar scáileán linn go raibh saoirse iomlán aige a rogha ábhair agus a rogha comhghuaillí a tharraingt chuige féin. Roghnaigh sé an Herman J Mankiewicz (Oldman), scaothaire, fear dí agus scríbhneoir cumasach.

Ceann de phríomhthéamaí an tsaothair seo ná an éachtaint a thugtar ar an bpróiseas cruthaitheachta agus Mank ag dul i mbun script Citizen Kane. Seoltar Mank, i gcoinne a thola nach mór, chuig rainse iargúlta i dteannta a chúntóra Rita (Lily Collins) agus a fhisiteiripeora Freda (Gossmann). Welles ag súil nach mbeidh aon ní san iargúil, deoch mheisciúil ach go háirithe, le Mank a chur ar seachrán.

Tugann na hiardhearcthaí léargas dúinn ar cad as a d’eascair coincheap an scannáin mar aon le léargas taitneamhach a thabhairt ar Hollywood
na dtríochaidí. Ní haon iontas go raghaidh an toise seo den scannán i bhfeidhm ar dhaoine. Cuimhnigh go rabhthas i gceartlár ré órga Hollywood, na stiúideonna i mbarr a réime agus gan na talkies ar an bhfód ach le roinnt blianta.

Is léir go bhfuil Fincher ag baint súp as an tréimhse seo a léiriú agus úsáid á baint aige as scannánú dubh agus bán, ceol comhaimseartha, an scríbhneoireacht ar scáileán, na carúil shnoite agus na cultacha sainiúla. Cad é tagairtí do réalta agus piardaí móra na tréimhse, David O. Selznick agus Louis B. Mayer san áireamh.

Tá Oldman féin ag ramhrú air seo agus cé go dtugann sé taispeántas breá uaidh is dóigh liom go bhfuil sé róchríonna don ról; tá Oldman dhá bhliain le cois na trí scór agus in iardhearcthaí áirithe tá Mank in ainm is a bheith sna tríochaidí luatha. Cuirtear carachtar báúil, traigéideach os ár gcomhair. Fear santach ar shlí, ach fear flaithiúil cabhrach ar shlí eile. É liobrálach ach neadaithe i rachmas Hollywood.

Bhaineas féin súp as an léiriú a thugtar ar mhórchúis phiardaí na stiúideonna agus cúrsaí polaitíochta na tréimhse. Is as seo a gineadh smaoineamh Mank don scannán. Bhí aithne ag Mank ar William Randolph Hearst (Dance), ba chairde iad ar shlí aon uair amháin, ach chuireadh sotal, camastaíl agus dearcadh polaitiúil Hearst pip air. Go deimhin is eachtra bhréagnuachta ón tréimhse is mó a thug spreagadh do Mank dul i mbun pinn ar thóir díoltais.

Cuirtear abhaile orainn gur dána an mhaise dó é óir gur fear cumhachtach dainséarach ab ea Hearst, piarda mór na meán agus na polaitíochta. Is cuma le Mank, agus is cuma leis freisin go bhfuil sé cairdiúil le leannáin Hearst, Marion Davies (Seyfried).

Saothar ann féin a thugann léiriú taitneamhach ar an bpróiseas cruthaitheach agus ar ré órga Hollywood.

Fág freagra ar 'Saothar suaithinseach a thugann éachtaint ar thréimhse faoi leith i stair Hollywood.'