Saothar snasta faoi The Miami Showband ag Netflix

Cé nach dtugtar aon ní úrnua chun solais in ‘The Miami Showband Massacre is clár cumhachtach é

Saothar snasta faoi The Miami Showband ag Netflix

‘The Irish Beatles’ a thugann Des Lee ar an mbanna ceoil a raibh sé mar cheann feadhna orthu sa chlár faisnéise corraitheach The Miami Showband Massacre (Netflix). Idir mhagadh agus dáiríre atá  sé agus é ag iarraidh a chur abhaile ar an lucht féachana go raibh rath thar na bearta ar an mbanna tráth a raibh dúil mhíchuibheasach sna seó-bhannaí.

Sna radharcanna tosaigh cuirtear ábhar cartlainne ar shléacht na dTrioblóidí le hais físeáin de cheolchoirmeacha na seó-bhanna ina bhfuil raidhse seatanna de ghruaig fhada na bhfear, sciortaí gearra na mban agus ceol le cloisteáil a chuirfeadh na ladhra ag damhsa.

Taibhsíodh dom ón tús go raibh an clár dírithe orthu siúd a bhí aineolach go maith ar na Trioblóidí agus an sléacht a deineadh ar an mbanna. Cuirtear in iúl sa reacaireacht gur maraíodh 3,700 duine agus gur gortaíodh tuairim is 40,000 eile i rith an tríocha bliain den choimhlint. Cabhraíonn úsáid chliste na ngrafaicí leis an aineolaí brí a bhaint as coimhlint pholaitiúil, reiligiúnda an tuaiscirt agus na toisí tíreolaíocha a bhain leis.

Ar an 31 Iúil 1975 bhí ceolchoirm ag an Miami i nDroichead na Banna i gContae an Dúin. Ar a slí abhaile trasna na teorann dóibh stop baicle den UDR iad. Níor bhain seo siar astu ach nuair a iarradh orthu éirí amach as an veain thosaigh imní ag teacht orthu. Fad is a bhí cuid d’fhir an UDR ag útamáil istigh sa veain phléasc buama. Séideadh Lee thar claí, gortaíodh Stephen Travers go dona agus maraíodh triúr eile: Fran O’Toole,  Brian McCoy agus Tony Geraghty.

Maraíodh beirt den UDR sa bhuama agus ciontaíodh beirt eile as an sléacht. Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach mar go raibh, ón oíche chinniúnach sin leith, líomhaintí go raibh arm na Breataine claonpháirteach san eachtra. Bhí Travers féin cinnte go raibh Sasanach ar an láthair an oíche úd agus mhaígh Ken Livingstone i bParlaimint na Ríochta Aontaithe blianta ina dhiaidh sin gurbh é an gníomhaire faisnéise míchlúiteach Robert Nairac an té sin.

’Sé an claonpháirteachas sin, agus feachtas Stephen Travers príomhthéama an chláir. I gcaitheamh na mblianta thug daoine, cáipéisí agus fiosrúcháin éagsúla nithe chun solais a léirigh go raibh claonpháirteachas i gceist. Níl an fhírinne iomlán ar eolas go fóill, áfach, agus tá Travers agus Lee ag tabhairt Aireacht Chosanta na Ríochta Aontaithe chun cúirte.

Cé nach dtugtar aon ní úrnua chun solais is clár cumhachtach é seo, go mórmhór dóibh siúd atá aineolach ar na cúrsaí seo. Labhraíonn Travers go deisbhéalach, tomhaiste i gcaitheamh an chláir agus is léir gur fhág eachtraí foréigneacha na hoíche úd lorg trom air. Déanann sé cur síos mothúchánach ar an “enduring personality change” a bhain dó.

Tá meitheal mhaith cloigne cainte ann, ach is iad na paistí cainte le hiarbhaill de na seirbhísí faisnéise is mó a bhain siar asam. Ní chuireann r Colin Wallace agus Fred Holroyd fiacail ann is iad ag trácht ar an gclaonpháirteachas agus an tslí go ndein an bhunaíocht a seacht ndícheall gach rud a chóimeád faoi choim. Go deimhin cuireadh, gan aon bhunús, dúnmharú i leith Wallace agus deineadh Holroyd a dhaoradh go hinstitiúid shíciatrach.

Saothar snasta a bhainfidh creathadh asat.

Fág freagra ar 'Saothar snasta faoi The Miami Showband ag Netflix'