Saothar patuar a dhéanann léamh boigéiseach ar arm Mheiriceá i rith an Dara Cogadh Domhanda

Sraith beochana atá leamh agus lán le buaileam sciath í The Liberator. Baineadh triail as cur chuige faoi leith agus theip air…

Saothar patuar a dhéanann léamh boigéiseach ar arm Mheiriceá i rith an Dara Cogadh Domhanda

The Liberator
Stiúrthóir: Grzegorz Jonkajtys
Cliar: Bradley James, Martin Sensmeier, Jose Miguel Vasquez, Forrest Goodluck.

Thug na meáin le fios Dé Luain seo caite go raibh sé i gceist ag The American Forces Network sraith beochana Netflix, The Liberator, a chraoladh nuair a sheolfaí é ar an gCéadaoin. Tugann sin léiriú ann féin ar an léamh a dhéanann an tsraith seo ar “scéal fíor” The Thunderbirds, rannán gaisciúil de chuid arm Mheiriceá i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Cur chuige beochana faoi leith atá againn anseo ar a dtugtar rotoscoping. Sé sin go ndéantar beochan a leagan anuas ar fhís bheo. Réalachas sa bheochan, mar dhea, agus gan dabht, ciorrú ar an mbuiséad, go mórmhór agus cúrsaí cogaíochta idir lámha.

I dtosach an chéad chláir fógraítear, le cad é buaileam sciath, gur leaindeáil an rannán seo sa tSicil mí Iúil 1943 agus gur cuireadh tús le turas cogaíochta cúig chéad lá a thug iad ar fud thíortha na hEorpa a bhí faoi fhorghabháil na Naitsithe.

Gné shainiúil de chuid na Thunderbirds ná go raibh sé ar cheann de na rannáin ba imeasctha in arm Mheiriceá. Cuirtear é seo in iúl chomh maith sa tráchtaireacht tosaigh agus tagairtí do Mheiriceánaigh de bhunadh Mheicsiceo, bundúchasaigh Mheiriceá agus ‘dustbowl cowboys’.

Is cinnte gur téama suimiúil é sin; daoine nach féidir leo deoch a bheith acu i bhfochair a chéile ag baile ag seasamh an fhóid le chéile ar pháirc an áir.

Is liobarnach an cíoradh a dhéantar ar an téama, áfach. Dríodar cainte faoi uaisleacht na gciníocha éagsúla agus bréagtheannas sna hiardhearcthaí.

Fíor-Mheiriceánach é Felix Sparks (James), é cróga calma agus tógtha leis an dríodar cainte. In iardhearcadh léirítear conas mar a thugann sé a chomplacht le chéile. J Company atá baiste orthu óir go bhfuilid sa Jail sa lonnaíocht traenála.

Tá a fhios agat féin an cúram; éiríonn leis iad a spreagadh, a thabhairt leis agus bráithreachas a ghiniúint sa ghrúpa.

Tá sárshaothair amhail Saving Private Ryan (1998), Band of Brothers (2001) agus The Pacific (2010) tar éis léiriú cumasach suaite a dhéanamh ar bhráithreachas agus brúidiúlacht na cogaíochta.

Níl an tsraith seo in ann coinneal a choimeád leo.

Ní dóigh liom gur oir an cur chuige beochana don chúram ach an oiread. Ní hé nach féidir le saothair bheochana a bheith brúidiúil gruama mar léirigh leithéidí Love Death & Robots (2019) gur féidir leo a bheith amhlaidh.

Ní hamháin go raibh dathanna na beochana tréigthe agus ciotach go minic, ach bhí easpa leanúnachais inti in áiteanna eile.  Níor baineadh leas aisti leis an scéal a insint ar shlí dhifriúil. Samhlaíodh dom go raibh siad ag iarraidh an réalachas gruama a léiriú dúinn, amhail na saothair thuas, ach ní chuige sin an bheochan.

Baineadh triail as cur chuige faoi leith anseo agus theip air. Nuair a chuireann tú an buaileam sciath gan dealramh anuas air sin, níl agat ach saothar patuar leamh.

Fág freagra ar 'Saothar patuar a dhéanann léamh boigéiseach ar arm Mheiriceá i rith an Dara Cogadh Domhanda'