Saothar fabhtach nach dtugann a cheart don duine agus na heachtraí suaite atá idir lámha

An locht is mó atá ar ‘Sergio’ ná gur cuireadh thar a fhulaingt é ag iarraidh an iomarca eachtraí agus gnéithe a chlúdach

Saothar fabhtach nach dtugann a cheart don duine agus na heachtraí suaite atá idir lámha

Sergio

Stiúrthóir: Greg Barker

Cliar: Wagner Moura, Ana de Armas, Brían F. O’Byrne, Bradley Whitford, Clemens Schick

Chaith Sergio Vieira de Mello breis agus tríocha bliain mar thaidhleoir leis na Náisiún Aontaithe. I gcaitheamh na mblianta seoladh é chuig cuid de na háiteanna is suaite ar fud na cruinne le tabhairt faoi mhisin dhaonnúla agus pholaitíochta ar son na heagraíochta. Nuair a maraíodh é san Iaráic in 2003 ba é Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Chearta an Duine agus é tar éis teacht i gcomharbacht ar Mary Robinson an bhliain roimhe sin.

Taidhleoir cumasach agus duine ar leith ba ea é agus bhíothas ag tuar go raibh an-seans aige a bheith ina cheann feadhna ar na Náisiúin Aontaithe. Déanann an saothar seo iarracht éachtaint a thabhairt ar an bhfear féin mar aon le cíoradh a dhéanamh ar a chuid oibre ar son na NA.

Seo an dara huair ag Greg Barker tabhairt faoi léamh ar de Mello óir dhein sé fadscannán faisnéise faoin ábhar céanna agus leis an teideal céanna breis agus deich mbliana ó shin. Bhain an saothar sin agus an ceann seo an-adhmad as leabhar de chuid Samantha Power.

An locht is mó atá agam ar an saothar seo ná gur cuireadh thar a fhulaingt an scannán ag iarraidh an iomarca eachtraí agus gnéithe a chlúdach. Chaith an Brasaíleach tréimhsí sa Phacastáin, sa tSúdáin, sa Chipir, sa Liobáin agus mórán áiteanna eile nach iad.

Tá sé ionann is dodhéanta saol chomh heachtrúil leis sin a shá isteach i scannán atá faoi bhun dhá uair an chloig ar fhad. Cinnte is fearr a d’oirfeadh sraith lena leithéid de scéal a insint mar aon le léargas a thabhairt ar na tíortha cráite ar thug sé seal iontu agus na ceisteanna cigilteacha polaitíochta is coimhlinte ar thug sé aghaidh orthu.

Mar bharr ar an donas caitear an iomarca ama ag trácht ar an gcaidreamh rómánsúil a bhí aige le Carolina Larriera (Armas).

I dtosach an scannáin címid de Mello ag tabhairt faoin Iaráic i ndiaidh ionradh na Meiriceánach agus a gcomhghuaillithe. Cuirtear abhaile orainn cé chomh casta is chomh dúshlánach a bheidh a chuid oibre ansin.

Tá a chur chuige féin aige féin agus an mheitheal dhílis atá aige; carachtar cumaisc leis an aisteoir Éireannach O’Byrne ina measc. Is i bhfoirm iardhearcthaí a dhéantar eachtraí ina shaol roimis sin a insint agus bímid ag léimt ó thréimhse go tréimhse, tír go tír agus ar ais arís. Déantar léiriú suaiteach ar an mbuamáil a deineadh ar an Canal Hotel in Baghdad agus an chocstí a deineadh dos na hiarrachtaí tarrthála. Tugann Moura taispeántas cuibheasach gan a bheith maíteach ar an bhfear é féin, duine a bhí gafa ag a chuid oibre is a d’fhág a chlann in áit na leathphingine.

Dhein de Mello gaisce sa Tíomór Thoir sa mhaoirseacht a dhein sé ar aistear na tíre sin chun neamhspleáchais. Is cuí mar sin go ndíreodh an scannán cuid mhaith air sin ach ar an drochuair thosaigh an léiriú ar an gcaidreamh rómánsúil ag teacht sa tslí air sin.

Lena chois sin ní fiú na deich triuf an sciuird a thugann an scannán ar an gCambóid.

Saothar suimiúil ach dar liom go bhfuil scannán níos stuifiúla dlite don fhear agus na heachtraí suaite a raibh baint aige leo.

Fág freagra ar 'Saothar fabhtach nach dtugann a cheart don duine agus na heachtraí suaite atá idir lámha'