Saothar ealaíonta agus cumhachtach é ‘Roma’…in áiteanna

Ceardaí cruthanta é Alfonso Cuarón agus a rian sin ar ‘Roma’, ach ar an iomlán bhí díomá ar ár léirmheastóir leis

Saothar ealaíonta agus cumhachtach é ‘Roma’…in áiteanna

Roma
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Alfonso Cuarón
Cliar: Yalitza Aparicio, Marina de Tavira, Nancy García García, Jorge Antonio Guerrero, Fernando Grediaga

Ag deireadh Roma tagann scríbhinn ar scáileán a thugann le fios go bhfuil an saothar tiomnaithe do Libo. Libo Rodríguez atá gceist, bean a raibh Alfonso Cuarón an-mhór léi agus í ag obair mar chailín aimsire i dtigh a mhuintire i Meicsiceo i dtosach na seachtóidí. Is léir go bhfuil príomhcharachtar an scannáin seo, Cleo Gutiérrez (Aparicio) bunaithe ar an mbean úd.

Ceardaí cruthanta é Cuarón a bhfuil dhá dhuais Oscar aige as a chuid gaiscí le Gravity (2013).  Údar scannán é atá go hiomlán teann as féin agus bogann an saothar ar aghaidh ar a bhogstró. Saothar cumasach, ealaíonta, dea-mhéineach atá anseo le téiceanna fada agus an scannánaíocht dubh is bán. B’fhéidir, áfach, go bhfaigheann an maoithneachas an ceann is fearr air agus go bhfágann an ceangal láidir pearsanta le Libo púicín air agus é ag iarraidh guth a thabhairt do Chleo.

Carachtar fulangach, foighneach, dúthrachtach í Cleo a bhíonn ag sclábhaíocht léi ó dhubh do dubh ar bheagán buíochais agus airgid i dteaghlach de chuid na huas-mheánaicme atá buailte fúthu i gceantar Colonia i gcathair Mheicsiceo. Is léir, áfach go bhfuil grá mór aici do leanaí an teaghlaigh agus grá mór acu di. ’Sé an grá agus an ceangal mínádúrtha seo ceann de bhunchlocha an scannáin.

Tá ceathrar páistí ag fear an tí, Antonio (Grediaga), agus bean an tí, Sofía (de Tavira). Lá de na laethanta fógraíonn Antonio, ar dochtúir é, go bhfuil sé ag imeacht go Quebec i mbun oibre. I radharc eile níos déanaí faigheann an lucht féachana agus a mhac amach in éineacht go bhfuil sé imithe trasna na cathrach agus thar claí le bean eile. Timpeall an ama chéanna éiríonn Cleo torrach agus is buachaill báire é an t-athair, Fermín (Guerrero) a bhagraíonn uirthi fanacht glan air.

Cé go n-éiríonn le Cuarón carachtar caithiseach a chur os ár gcomhair amach ní carachtar tathagach í Chleo.  Is mór an t-ábhar díomá go bhfuil sí chomh beagfhoclach sin. Ní deir sí mórán níos mó ná abairt nó dhó in aon radharc agus ní chloisimid aon ní suntasach faoina hóige, a teaghlach nó an ceantar imeallach as ar eascair sí.

Toisc go bhfuil an carachtar chomh támáilte, leamh sin agus go bhfuil sonraí fúithi chomh héiginnte sin tá sé an-deacair uirthi an scannán a iompar agus ar an lucht féachana ionannú léi go hiomlán.

Déantar iarracht chiotach cúrsaí polaitiúla na tréimhse a chniotáil isteach sa chúram. Léiriú neafaiseach ar eachtraí brúidiúla Fhéile Chorp Chríost mar aon le tagairtí fánacha don chorraíl faoi chúrsaí talún.

Saothar ealaíonta agus cumhachtach in áiteanna ach ar an iomlán bhí díomá orm.

Fág freagra ar 'Saothar ealaíonta agus cumhachtach é ‘Roma’…in áiteanna'