Saothar ait, taitneamhach atá idir mhagadh agus dáiríre

Ní chuireann an saothar Sualannach seo aon fhiacail ann ó thaobh na tíriúlachta agus léamh ait á dhéanamh aige ar thionchar na teicneolaíochta ar shaol an lae inniu

Saothar ait, taitneamhach atá idir mhagadh agus dáiríre

Féilire digiteach roinnte, aipeanna léitheoireachta, postálacha Instagram, Facetime agus pornagrafaíocht ar an bhfón póca. Ní thógann sé i bhfad ar an tsraith Shualannach Love & Anarchy (Netflix) a chur abhaile orainn go mbeidh an teicneolaíocht agus a tionchar ar an saol laethúil ina téama lárnach sa tsraith seo atá idir mhagadh agus dáiríre.

Ocht gclár atá sa tsraith agus sa chéad ghála cuirtear Sofie Rydman (Ida Engvoll) inár láthair. Bean phósta a bhfuil beirt chlainne uirthi, bean chumasach, uaillmhianach a bhfuil saol sócúil aici.

Í féin agus a fear ag diúgadh ar espresso fad is atá siad ag caint ar athdhearadh an tseomra folctha agus an dinnéar a bhailiú ón deilí. Ar hap an tairne léirítear dúinn nach gcuirfidh an tsraith aon fhiacail ann ó thaobh na tíriúlachta mar éalaíonn Sofie isteach an leithreas le dul i mbun babhta glacaireachta.

Is comhairleoir ar chúrsaí digiteacha í agus tá sí fostaithe ag tigh foilsitheoireachta den seandéanamh le cabhrú leo dul i dtreo an digitithe (an diabhal teicneolaíocht sin arís). Téamaí sollúnta faoi thosaíochtaí agus prionsabail foilsitheoireachta mar aon le tionchar na teicneolaíochta ar an earnáil ag teacht go barr uisce agus an piarda margaíochta Denise (Gizem Erdogan) i bpíobán an tsean-eagarthóra liteartha Friedrich (Reine Brynolfsson) faoi shaothair ar fiú iad a fhoilsiú.

Is mó an luí atá ag Sofie le cúrsaí díolacháin agus taobhaíonn sí leis an mbean óg. Níos faide anonn, agus alltacht is goimh ar Denise faoi phictiúr gáirsiúil a sheol duine dá n-údair, aontaíonn Sofie le Friedrich óir is é an fear céanna an t-údar is mó díol atá acu. Tagairt don chultúr “woke” agus difríochtaí idir na glúnta i gcnáimhseáin Friedrich faoi imní lucht na dúiseachta.

Léirítear dúil Sofie sa ghlacaireacht i rith an ama agus aon oíche amháin san oifig agus gach duine imithe abhaile, tugann sí faoin gcúram arís. Tagann an t-oifigeach IT óg Max Järvi (Björn Mosten) isteach an oifig i ngan fhios. Cé go mbaintear stangadh as, an chéad rud a ritheann leis ná pictiúr a thógaint; gné shuarach eile de chuid na teicneolaíochta, gné a scaoileann meitheal an chláir tharstu gan mórán plé.

Bhí teannas idir an bheirt roimhe seo agus obair ghlórach an fhir óg ag cur as don bhean. Athraíonn an teannas go dúmhál de shaghas agus as sin go spallaíocht agus cleasaíocht. Tugann siad dúshlán a chéile agus gach cor ina aghaidh an chaim acu go spraíúil agus an teicneolaíocht mar uirlis acu.

Tá fonn diabhlaíochta ar Sofie ach níl a fhios againn canathaobh. Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil sí sona sásta sa mbaile agus ina saol oibre. I gcúpla radharc fánach léirítear gur duine ciotrúnta é a hathair atá gafa le teoiricí comhcheilge agus is léir go bhfuil a iompar ag luí go trom ar Sofie. B’fhéidir nach bhfuil sa spallaíocht neamhfhisicúil (go fóill) mar sin ach iarracht breith ar dhiabhlaíocht na hóige agus bheith saor ó bhuairt.

Saothar atá ait, taitneamhach, gan a bheith róghreannmhar nó ródháiríre.

Fág freagra ar 'Saothar ait, taitneamhach atá idir mhagadh agus dáiríre'