Saothair ealaíne saor in aisce iad clúdaigh do chuid leabhar!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: comhairle maidir leis an dearadh intí! 

Saothair ealaíne saor in aisce iad clúdaigh do chuid leabhar!

Tá fadhb agam: an iomarca leabhar. Do na seilfeanna i m’árasán, cibé.

Ceannaigh seilfeanna breise, a deir tú.

Pointe maith, ach aon uair a ritheann an smaoineamh sin liom féin ritheann an cheist seo liom freisin: tá cónaí orm in árasán atá ar cíos agus cé go bhfuil nach mór dhá bhliain déag caite agam ann faoin am seo, an mbeidh mé ann i bhfad eile? An trioblóid a bhainfeadh le seilfeanna breise a chur suas agus a bhaint anuas arís…

Ach mí nó dhó ó shin, nuair a ghlan mé na seilfeanna atá ann cheana féin (trioblóid ag baint leis sin freisin ach caithfear é a dhéanamh) tháinig mé ar réiteach: chuir mé cuid de na leabhair os comhair na leabhar eile, a n-aghaidh amach, ionas go mbeadh a gclúdach le feiceáil seachas a ndroim.

Ní hamháin go raibh breis spáis agam ar an gcaoi sin ach ar an bpointe boise bhí sé phíosa ealaíne nua ag cur maise ar mo sheomra suite, ceann amháin ar gach seilf. 

Léaráid lán teannais atá ar chlúdach Se eu fosse chão, cnuasach gearrscéalta leis an bPortaingéalach Nuno Camarneiro. Seomra óstáin sna 1950idí: bean leathnocht ina seasamh in aice le fuinneog dhorcha, lámha ar na cromáin, í á scrúdú ó bhun go barr ag fear atá ina shuí ar chathaoir, toitín idir mhéara a dheasóige siúd. I bhféachaint tharcaisniúil na mná atá an draíocht.

Féinphortráid líníochta de dhuine de na húdair is fearr liom, Tove Jansson, atá ar chlúdach a húrscéil Fair Play.

Stumpa fir in oladhathanna atá ar chlúdach Shepherds of the Night, aistriúchán ar úrscéal de chuid an Bhrasaíligh Jorge Amado, a scríobh an leabhar céanna i bhfoisceacht scread asail ón áit a bhfuil cónaí orm féin i gcathair Salvador. 

Grianghraf dubh agus bán d’fhear breá eile atá ar chlúdach Drown, an chéad chnuasach gearrscéalta leis an údar Doiminiceach ó Mheiriceá Junot Diaz – an saothar a mhúscail mo shuim sa ghearrscéalaíocht an chéad lá riamh.

Seán Ó Mainnín – Rocky Ros Muc – a bhreathnaíonn isteach i mo sheomra suite ó chlúdach an leabhair mhórdhíola le Rónán Mac Con Iomaire.

Agus ar deireadh, léaráid bhreá a mheabhródh póstaer de chuid Toulouse-Lautrec duit, gal ag éirí aníos as cupán caife: an clúdach a rinne an dearthóir grafach Alan Keogh, bail ó na béithe air, do m’úrscéal féin Aiséirí.

Ach gan mhoill, beidh orm na saothair ealaíne sin a chur ar ais i measc na leabhar eile agus rogha eile a chur ina n-áit: is damanta an dochar a dhéanann grian na dtrópaicí do chlúdaigh leabhar.

Fág freagra ar 'Saothair ealaíne saor in aisce iad clúdaigh do chuid leabhar!'