Saortar ‘Beirt Bhaile na hAbhann’! Cuirtear go Páras Páidí agus PQ don PTC!

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Giorraíonn beirt bóthar i gcás an Tour de France ar TG4 ach nár bhreá Páidí agus PQ a fheiceáil i mbun PTC ar an Champs-Élysées?

Saortar ‘Beirt Bhaile na hAbhann’! Cuirtear go Páras Páidí agus PQ don PTC!

Saortar Beirt Bhaile na hAbhann! Tá mé ag éirí imníoch faoin bheirt laochra sin de chuid TG4 – Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn, aka PQ – atá i mbun tráchtaireachta ar an Tour de France le coicís anuas. Is iad atá ábalta eolach i mbun a gcuid cúraimí agus iad beo ar espresso agus inspioráid.

Is é an donas, áfach, nach bhfeiceann tú ceachtar acu os comhair an cheamara sa Fhrainc agus aon PTCs acu agus cúlra álainn na Fraince leo. (Piece To Camera – tá cara agam san earnáil!) Bíonn laochra na rothaíochta – Chris Boardman, Seán Kelly, Greg LeMond – le feiceáil ar ITV agus Eurosport agus iad ag caint le tráchtairí na stáisiún sin. Faraor, iomrá ná iomrá ar Bheirt Bhaile na hAbhann ní bhíonn ann. Glacaim leis gur i seomra beag i gConamara atá siad agus iad ag déanamh obair na gcapall ar son na rothaithe.

Bhuel, ní fada go mbeidh deireadh leis an Tour agus tá an t-am ann an bheirt a shaoradh. Cuirtear go Páras don staid dheireanach iad! Ba mhaith liom Páidí agus PQ a fheiceáil ar an Champs-Élysées. Ba mhaith liom go mbeadh deis acu PTC a dhéanamh sa Fhrainc agus gloine fíona ina nglac acu. Tá an méid beag sin tuillte acu!

Chapeau don bheirt as a gcumas cainte. Giorraíonn beirt bóthar.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Cluiche measartha eile in Ulaidh

Cluiche measartha eile in Ulaidh. Bhí Tum Eoghain i bhfad róchumasach ag an Dún agus ní mór an t-iontas é go raibh an lá leo. Mar sin féin, is cóir agus is ceart a rá go bhfuil ábhar maith ceiliúrtha acu. Is iad is fearr in Ulaidh le tamall agus beidh a lucht leanúna ag iarraidh go mbeidh siad san iomaíocht don chorn mhór ar ball. Sin an chéad dúshlán eile gan amhras.

Nach iontach an obair atá déanta ag Mickey Harte mar bhainisteoir? Tá na foirne móra eile peile sa Tuaisceart – Dún na nGall, Arrggh Mhacha, Doire – thuas seal, thíos seal an t-am ar fad. Ach ní thránn peil Thum Eoghain ar fad ar fad in am ar bith – a bhuíochas le Harte. Craobh eile Ultach agus seans measartha acu le Sam a bhaint arís.

Tá eolas acu ar an ród atá rompu, ar na dúshláin agus ar na constaicí. Tá luach cúpla cúilín leis an chuimhne sin, an chuimhne institiúideach.

Samhlaigh cad é a bhainfeadh Harte amach sa chás go raibh sé i mbun ceann de na contaetha móra peile – Ciarraí, mar shampla – bliain i ndiaidh bliana? Nó i mbun ceann de na contaetha móra sin a bhfuil neart peileadóirí acu (ní hionann an dá rud!) – Maigh Woe, Gaillimh, Corgi?

Colm Cooper. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Buckfast– ‘seaimpéin na Lorgan’

Thug Ceiltigh Ghlaschú a gceann leo agus chloígh Linfield 2-0 sa chomórtas cáilithe do Shraith na Seaimpíní. Déanfaidh sin cúis bhreá do lucht leanúna an chlub. Buíochas do Dhia, ní raibh trioblóid mhór ag an chluiche – diomaite de dhuine amháin a chaith buidéal Buckfast le Leigh Griffiths as na Ceiltigh.

Níl a fhios agam an bhfuil eolas ag léitheoirí (léitheoir?!) an cholúin seo cad is Buckfast ann? Tugann siad “seaimpéin na Lorgan” air sa taobh seo tíre, deoch ghránna  ar fad ar fad atá ann nach n-óltar ach ar son aon chúise amháin – le bheith bliotach!

Dona go leor a bhí sé gur caitheadh buidéal le Griffiths, ba mheasa arís, ámh, go raibh an buidéal folamh. Cad é an dóigh a n-ólfaidh peileadóirí na gCeilteach deoch an dorais – 2-0 – agus an buidéal folamh?

Jamie, Fionn, Goll agus Gooch

Bhuel, bhuel, bhuel, bhuel… Ní minic a bhíonn Pat Spillane moltach faoi pheil Uladh ach mhol sé Jamie Clarke de chuid Ard Mhacha go hard na spéire ar an Sunday Game Dé Domhnaigh. “Ginias” a thug sé ar fhear Chrois Mhic Lionnáin, an “Gooch nua”! Ní bheidh Clarke in ann bailiúchán mór bonn uile-Éireann a chruinniú mar a rinne Gooch. Mar sin féin, is sa tseanchas atá sé anois, luaite le Fionn, Goll agus an Gooch!

FOCAL SCOIR: Dála an scéil, ná bac Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann a léamh. Ní bhaineann sé leis an Tour agus níl iomrá ar bith ar rothar ann!

Fág freagra ar 'Saortar ‘Beirt Bhaile na hAbhann’! Cuirtear go Páras Páidí agus PQ don PTC!'