Tá aird tarraingthe ag Comhairle Náisiúnta Slándála Iosrael ar an tír seo agus é fógartha go bhfuil saoránaigh Iosrael i mbaol níos mó ná mar a bhíodh má théann siad go hÉirinn.
Níl an tír seo ina haonar, tá 80 tír ar fad a bhfuil fainic tugtha ina dtaobh agus aon tír dhéag eile san Eoraip ar ardaíodh an leibhéal baoil iontu ó 1 go 2, agus iarrtar ar lucht taistil a bheith níos cúramaí sna tíortha sin.
Meastar an baol breise seo a bheith ann agus é ina imní go bhfuil an frith-Sheimíteachas ag dul in olcas ar fud na cruinne.
Na tíortha eile san Eoraip ar ardaíodh an leibhéal baoil iontu ó 1 go 2, An tSualainn, an Spáinn, an Fhrainc, Málta, an Phortaingéil, an Ísiltír, an Bheilg, an Ungáir, an Bhulgáir, an Ghréig agus an Íoslainn.
Cuireadh baol leibhéal 2 i bhfeidhm ar an Astráil, an Rúis, an tSín agus tíortha go leor i Meiriceá Theas agus Láir.
“Níl muid ag rá le pobal Iosrael gan dul go dtí an Eoraip ach táimid ag rá leo a bheith níos cúramaí ná mar a bheidís de ghnáth,” a dúirt feidhmeannach ón gComhairle le Harretz.
Tá roinnt tíortha eile a raibh leibhéal contúirte 2 luaite leo roimhe seo agus é sin ardaithe go leibhéal 3 anois – ina measc an Afraic Theas agus Eiritré, chomh maith le tíortha i lár na hÁise, an Tuircméanastáin, an Tuircméanastáin agus an Chasacstáin. Moltar do dhaoine gan dul go dtí na tíortha sin ach amháin i gcás riachtanais.
Cuireadh an branda “dearg” ar thíortha eile agus dúradh le hIosraelaigh na tíortha sin a sheachaint nó iad a fhágáil go beo, tíortha sa Mheánoirthear ina measc.
Fág freagra ar 'Saoránaigh i mbaol níos mó ná mar a bhíodh má théann siad go hÉirinn – Iosrael'