Saoránach de chuid na hÉireann maraithe san Úcráin

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh ‘an-bhrón’ air faoi mharú Pierre Zakrzewski agus gur ghoill scéal a bháis go mór air

Saoránach de chuid na hÉireann maraithe san Úcráin

Pierre Zakrzewski, ar chlé, le cuid dá chomhghleacaithe ó Fox News

Maraíodh san Úcráin saoránach de chuid na hÉireann a bhí ag obair mar cheamaradóir do Fox News. Dúirt an cainéal nuachta gur maraíodh Pierre Zakrzewski agus gur gortaíodh a chomhghleacaí, Benjamin Hall, le linn ionsaí in Horenka lasmuigh de Kyiv inné. Bhí an bheirt ina bhfeithicil nuair a buaileadh san ionsaí í.

Ag labhairt di faoi Pierre Zakrzewski, dúirt Suzanne Scott, Príomhfheidhmeannach Fox News Media, nach raibh a shárú ón ó thaobh cumais agus díocais. Chaith Pierre Zakrzewski tréimhsí mar ghrianghrafadóir cogaidh in Afganastáin, an Iaráic agus an tSiria agus rinne sé “beagnach gach scéal mór idirnáisiúnta” do Fox News, arsa Scott.

Tuairiscítear go bhfuil beirt de thriúr deartháireacha Pierre Zakrzewski agus a máthair ina gcónaí i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an Taoiseach go raibh “an-bhrón” air faoi bhás Pierre Zakrzewski agus gortú Benjamin Hall agus gur ghoill an scéal go mór air.

“Tá mé ag cuimhneamh ar a muintir, a gcairde agus a gcomhiriseoirí. Cáinimid cogadh mímhorálta gan idirdhealú seo na Rúise ar an Úcráin,” arsa an Taoiseach.

Idir an dá linn tá níos mó ná trí mhilliún duine teite ón Úcráin ó thús an ionraidh de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce na Náisiún Aontaithe.

“Trí mhilliún duine díbeartha as a n-áit chónaithe. Trí mhilliúin, mná, páistí agus daoine leochaileacha, agus iad scartha óna gcuid agus a gcairde,” arsa ceannasaí na Eagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, Antonio Vitorino.

Dúradh gur páistí thart ar leath de na daoine a bhí teite ó thús an ionraidh ar an 24 Feabhra.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, inniu gur 97 páiste a maraíodh sa tír ó thús an ionraidh.  In óráid le Parlaimint Cheanada, dúirt go raibh “gach rud” á scrios ag fórsaí na Rúise “ionaid chuimhneacháin, scoileanna, ospidéil, tithe”.

“Tá 97 páiste Úcránacha maraithe cheana,” arsa Zelensky.

“Ní mór atá á lorg againn. An chóir atá á lorg againn, tacaíocht cheart a chabhróidh linn teacht slán, sinn féin a chosaint, beatha daoine a shábháil.”

Sheas baill Pharlaimint Cheanada agus thug bualadh bos do Zelensky i ndiaidh a chuid cainte.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Saoránach de chuid na hÉireann maraithe san Úcráin'