Saor ó cháin ‘faoi dhó’… dáiríre

D’imigh sin agus tháinig seo, mar is léir ón athrú, de réir a chéile, ar chóras an ‘Double-Irish’ a d’fhógair Michael Noonan sa Cháinaisnéis. Seo an stair a bhaineann leis an scéal.

Pictiúr: Leon Farrell /Photocall Ireland
Pictiúr: Leon Farrell /Photocall Ireland

A ndúirt airí rialtais, i ngach rialtas, faoi chóras an ‘Double-Irish’ go dtí an Mháirt seo caite.

A leithéid seo: ‘Tá córas cánach trédhearcach i bhfeidhm in Éirinn. Tá forálacha cháin chorparáideach na hÉireann ag teacht le gach conradh cánach idirnáisiúnta agus le gach dlí náisiúnta cánach atá i bhfeidhm.

Níor tairgeadh socrú cánach speisialta do chomhlacht ar bith ariamh. Níl bob á bhualadh againn ar thír ar bith. Níl aon chúis náire againn. Dála an scéil, níl stát ar bith eile gan locht. Táimid toilteanach feabhsuithe a phlé, ach coinneofar an ráta 12.5 faoin gcéad i bhfeidhm.’

A ndúirt Michael Noonan Dé Máirt, agus airí eile ón Mháirt.

A leithéid seo: ‘Tá na rialacha a bhaineann le ‘pleanáil chánach ionsaitheach’ á leasú ar fud an domhain. Beidh ar chomhlachtaí nua lonnú anseo ó thaobh cánach de ó 1 Eanáir 2015. Beidh ar na comhlachtaí atá lonnaithe in Éirinn cheana féin iad féin a lonnú abhus ar chuinsí cánach faoi dheireadh 2020. Deimhneoidh an t-athrú seo cinnteacht chánach. Cabhróidh sé linn comhlachtaí nua a mhealladh go hÉirinn. Tá ár gcóras cánach á fheabhsú, ach coinneofar an ráta 12.5 faoin gcéad i bhfeidhm.’

Nó, i mbeagán focal, an córas breá cánach gan smál a bhí i bhfeidhm in Éirinn go dtí seo, ní foláir é a athrú ionas go mbeidh ár gcóras breá cánach gan smál as seo amach. Agus ar fhaitíos go ndéanfadh Joe Higgins nó duine ar bith eile ón mionlach atá in aghaidh an chórais seo dearmad ar na buntáistí, tá 160,000 Éireannach fostaithe ag comhlachtaí ón iasacht faoi láthair

Is léir an chontrárthacht ghlan idir an dá leagan oifigiúil thuas. Mar sin féin, ná bí ródhian ar bhunaitheoirí ná ar chosantóírí an chórais. Leas a dtíre féin a spreag iad, faoi mar a spreag sé a gcomhghleacaithe sna Stáit Aontaithe, sa bhFrainc, san Ísiltír, i Lucsamburg go háirithe agus i mórán tíortha eile.

Ainneoin chealú de réir a chéile chóras an ‘Double Irish’, níl deireadh leis an mbrú ón iasacht ar Éirinn. Leanfar le fiosrú an tsocraithe a rinneadh chun Apple a mhealladh agus a choinneáil i gCorcaigh, agus tá fiosruithe eile beartaithe. Agus déan talamh slán de go mbeidh diancheisteanna á gcur ar an aire airgeadais ar an gCoimisinéir nua Iomaíochta nua Margrethe Vestager (ar iar-aire airgeadais sa Danmhairg í) faoi thogra cánach nua a fógraíodh sa Bhuiséad.

Gheall Michael Noonan Dé Máirt go mbunódh sé ‘bosca paitinn’, nó mar a thug sé air ‘Bosca Forbairt Eolais’, i mbuiséad na bliana seo chugainn. Céard é? Seift chánach eile, faoinar féidir le comhlacht an brabach a dhéantar ar mhaoin intleachtúil a choinneáil saor ó cháin.

Tá cleasanna dá leithéid – gabh mo leithscéal – tá seifteanna dá leithéid curtha i bhfeidhm romhainn ag naoi gcinn de bhallstáit an AE, agus an Coimisiún á bhfiosrú.

Fad is a bhaineann sé le cáin chorparáideach níor dhún aon aire airgeadais doras ariamh, mar is eol do gach cuntasóir, gan doras eile a oscailt in áit éigin. Bímis macánta. Cé mhéad duine dáiríre atá ag clamhsán gur mar sin atá?