Saol níos réchúisí agus níos cuileachtúla ag muintir Bheaglaoich ar TG4 agus an chéad iarracht ag RTÉ ar chlár Covid do phobal na Gaeilge

Meabhraíonn clár amháin den dá chlár atá á léirmheas an saol cuileachtúil mar a bhí dúinn agus tugann an ceann eile éachtaint dúinn ar an tslí a bhfuilimid ag broic leis an saol mar atá sé anois

Saol níos réchúisí agus níos cuileachtúla ag muintir Bheaglaoich ar TG4 agus an chéad iarracht ag RTÉ ar chlár Covid do phobal na Gaeilge

Clár ceoil faoi chló an chlár taistil atá againn sa tsraith sé chlár Slí na mBeaglaoich (TG4, Dé Domhnaigh). As seo go ceann cúig seachtaine tá beirt de theaghlach ceoil cáiliúil na mBeaglaoch ó Iarthar Duibhneach le camchuairt an Iarthair a thabhairt i gcamper van agus iad ag casadh ceoil is ag cadráil faoi cheol fan na slí. Deir Cormac linn ag tosach an chéad ghála go raibh ‘Beauty’ a veain champála dhá scór bliain in 2019. Beartaíonn sé féin agus a athair Breanndán a slí a dhéanamh ó thuaidh ó Chiarraí go dtí Dún na nGall, áit as a dtáinig muintir Bheaglaoch an chéad lá riamh a deirtear linn.

I gcaitheamh an turais labhróidh siad le seanchairde agus cairde nua ó thaobh an cheoil agus seinnfidh siad poirt ina dteannta. Ní chuadar rófhada ó bhaile sa chéad chlár agus iad siar is aniar bhóithre Pharóiste Múrach le dreasanna ceoil a dhéanamh lena muintir féin; le huncail Chormaic, Tommy ‘An Lord’ Ó Conchubhair ar dtús agus ansin le clann iomlán Bhreanndáin. Buaileann siad bóthar ansin agus iad ag treabhadh leo ar a mbogstró ó Dhaingean Uí Chúise go Cathair Uí Mhóráin agus as sin go hArd Fhearta agus Lios Tuathail. Iad “ag scaipeadh na gcleití”, mar a deir Breanndán linn.

Is clár ceoil é seo, áfach, agus is léir ón gcéad nóimint mianach ceoil na mBeaglaoch mar aon lena ndúil ann. Lena chois sin is láithreoirí caithiseacha agus leábharaicí iad Breanndán agus Cormac agus is cinnte go mbeidh cad é cuileachta againn ina bhfochair ó thuaidh. Cad é lúbaireacht ag baint lena líomhaintí, i gcomhar le muintir Chiarraí Thuaidh, gur ghoid muintir an Chláir ceol na gCiarraíoch. Ina ainneoin sin, áfach, is ar Chontae an Chláir a bheidh a dtriall an tseachtain seo chugainn. I dtráth seo an Chovid-19 meabhraíonn an clár seo saol níos réchúisí agus níos cuileachtúla dúinn.

Sé Ar Scáth a chéile (RTÉ, Dé Luain) an chéad iarracht ag RTÉ freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge ó tháinig an t-athrú saoil. Is éard atá ann ná dialanna físe as Gaeilge ó dhaoine ar fud na tíre, agus an domhain go deimhin, is iad ag déanamh cur síos ar conas mar atá siad ag dul i ngleic leis an saol nua ait seo. Nóimint amháin táimid ar an nGráig in Iarthar Duibhneach le hÁine Uí Dhubhshláine, ansin vae linn go Cathal Ó Cuaig in Barcelona agus as sin go Bláthnaid O’Donoghue a theith ó Nua-Eabhrac go North Carolina i dtosach na hainnise.

Dhein lucht soláthair na bhfíseán a gcúram go maith, ach bhí an chuma ar nár tugadh mórán de threoir dóibh seachas ‘dein sibh féin a thaifeadadh agus cuir chugainn é’ agus nár caitheadh mórán dua ina dhiaidh sin leis na píosaí a shníomh le chéile. Arb é seo an clár Gaeilge is saoire a deineadh riamh?

Mar sin féin, fuaireamar éachtaint éigin ar an saol atá againn go léir, gach duine ag iarraidh an lá a chaitheamh sa tigh nó i ngiorracht cúpla ciliméadar de.

Táimid, in uireasa an ghriothail laethúil, in ann níos mó ama a chaitheamh lenár dteaghlaigh ach táimid múchta acu ag an am céanna.

Fág freagra ar 'Saol níos réchúisí agus níos cuileachtúla ag muintir Bheaglaoich ar TG4 agus an chéad iarracht ag RTÉ ar chlár Covid do phobal na Gaeilge'