Saol níos fearr i ndán d’iománaithe na nDéise

Is geall le stíl foireann peile an stíl iomána atá á cleachtadh ag Port Láirge agus chaithfeá meas a bheith agat ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu

Ian Byrne with Philip Mahony 22/3/2015
Philip Mahony ó Phort Láirge ag cur brú ar Ian Byrne ó Loch Garman. ©INPHO/Tommy Grealy

 

Cad é mar thaispéantas a thug iománaithe na Déise an Domhnach thíos i bPáirc Loch Garman coicís ó shin! Chuireadar chun páirce le plean agus bhíodar múiníneach go leor chun cloí leis. Léiríodar an-spiorad, fonn oibre agus comhimirt ó thús.

Bhíos i mo bhainisteoir le Corcaigh i 2006 agus sinn mar rogha na n-údar roimh Chluiche Ceannais na hÉireann i gcoinne Chill Chainnigh. Bhíomar sa tóir ar thrí chraobh as a chéile agus bhí tuiscint mhaith faoin dtráth sin ag saoithe na hiomána ar ár modh oibre. Imirit ar ardluas agus agus tacú lena chéile – b’shin bunchloch na stíle againn.

Is cuimhin liom go maith conas mar a thosnaigh na Cait an tráthnóna fómhair sin. Bhíodar chugainn ó thús mar a bheadh cuaifeach ann. Níor thugadar dár n-imreoirí an t-am ná an spás a theastaíonn chun cluiche a stiúriú. Chuireadar stop linn ag rith leis an liathróid agus chinntíoadar go raibh an trian lár den pháirc plódaithe.

Bhogadar an líne leaththosach amach go dtí an lár agus bhogadar amach faoin bpáirc an líne lántosach freisin. Mar sin bhí an stráice sin den pháirc plúctha le himreoirí, rud a chur bac orainn an stíl ab ansa linn a chur ag obair. Dar ndóigh, chailleamar an cluiche.

I mo thuairimse, ba ar an lá sin a cuireadh an síol do na taicticí a chleachtann cuid mhaith foirne na laethanta seo: mórán imreoirí ag feidhmiú i dtreo lár an ghoirt agus spás fághta do dhuine nó beirt tosaithe i mbéal an chúil.

Bhuel, coicís ó shin, bhain Port Láirge casadh eile as an bhfoirmle sin. Ní raibh aon oidhre orthu ach foireann peile. Ar feadh tréimhsí fada le linn an chluiche, ní raibh ach tosaí amháin fágtha chun tosaigh acu. Bhí gach duine eile timpeall nó taobh thiar den áit a raibh an liathróid. Chuireadar stop le gach iarracht a rinne an freasúra agus is beag deis scórála a bhí Loch Garman.

An Domhnach seo caite, chuir fir na Déise an dlaoi mhullaigh ar an dtaispeántas sin le bua iontach ar Ghaillimh, agus an córas imeartha ceanann céanna curtha i bhfeidhm arís acu.

Ba é Port Láirge an t-aon fhoireann as roinn 1B na sraithe a bhuaigh a gcluiche ceathrú ceannais. Níl aon dabht ach go bhfuil éacht déanta ag an mbainisteoir Derek McGrath agus a roghnóirí Dan Shanahan agus Fintan O’Connor.

Anuraidh chailleadar amach sa chéad babhta i gcraobh na Mumhan in athimirt i gcoinne Chorcaí agus (cé go rabhadar an-mhaith sa chéad cluiche), cheapas an lá sin nach mbeadh aon ní cóir i ndán dóibh go ceann cúpla bliain.

Ach is cosúil anois nach amhlaidh a bheidh.

Bunaithe ar fhianaise an dá chluiche dheireanach, táim ag súil go mór lena iad a fheiscint i gcraobh na Mumhan 2015.

Agus mar ullumhuchán don bhfeachtas sin tá cluiche leathcheannais na Sraithe le himirt fós acu. Agus Tiobrad Árann rompu, is tástáil mhaith an cluiche seo agus tabharfaidh sé léargas níos fearr dúinn ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu.

Go dtí seo i mbliana, is í foireann na nDéise is mó atá i mbéal phobal na hiomána. Tá cuid mhaith de na bunchlocha leagtha cheana féin agus dúshraith maith leagtha ag foirne buacacha meánscoile agus mionúir.

Tá cuid mhaith des na himreoirí ar thairseach na foirne sinsir seo, agus ann cheana chun a dtaithí a roinnt leo tá leithéidí Páraic agus Philip Mahony, Kevin Moran agus Brick Walsh.

‘Sea, tá saol níos fearr i ndán d’iománaithe na nDéise.

Fág freagra ar 'Saol níos fearr i ndán d’iománaithe na nDéise'

  • sean o rathaille

    Bhfuil se in am do John Allen, Donal O Gradaigh, trachtairi eile iomana agus pobal iomana na hEireann uile go leir an seodleabhar ‘Sceal na hIomana’ le Liam O Caithnia (Brathair) a leamh? Chun cur lenar n-eolas, lenar liofacht agus lenar dTUISCINT ar an gcluiche arsa uasal seo, mar bhiodh! Agus mar a thainig si anuas chugainn as broinn na haimsire. Ni hansa, Ta!