Tá nós ag go leor daoine sa lá atá inniu ann tabhairt faoi aiste bia ar bheagán carbaihiodráití chun meáchan a chailleadh. Itheann na daoine seo níos mó próitéine (feoil, pónairí, srl) agus ní itheann siad mórán carbaihiodráití (prátaí, pasta, srl). Tá na haistí bia seo clúiteach mar gur minic a chailltear a lán meáchain níos gasta ná mar a chaillfí ar go leor aistí bia eile.
Sampla de seo is ea an South Beach Diet, mar a gcailltear idir 10 agus 14 punt sa chéad choicís nuair a itear feoil agus glasraí nach bhfuil mórán carbaihiodráití iontu, cál agus spionáiste cuir i gcás. Ní cheadaítear prátaí, rís ná pasta atá lán le carbaihiodráití. Ní cheadaítear torthaí, ná glasraí a bhfuil go leor carbaihiodráití iontu, cairéid mar shampla. I ndiaidh coicíse ceadaítear éagsúlacht níos mó sa bhia agus bíonn cead tuilleadh carbaihiodráití a ithe. Bíonn meascán próitéiní agus carbaihiodráití á n-ithe ansin agus cailltear an meáchan níos moille.
Níorbh eol cad é an tionchar a bhíodh ag na haistí bia seo ar bheagán carbaihiodráití ar shláinte an duine go fadtéarmach.
Chun a fháil amach cad é mar a d’éirigh le daoine nár ith mórán carbaihiodráití, rinne foireann taighdeoirí ón Brigham and Women’s Hospital agus Ollscoil Harvard i mBostún, anailís ar grúpa amháin thar thréimhse 25 bliain.
Roghnaíodh 15,428 duine ó chúlraí difriúla ó cheithre cheantar sna Stáit Aontaithe. Rinneadh anailís ar a sláinte thar na blianta. Le linn na tréimhse taighde fuair 6,283 bás. As na sonraí a bailíodh bhí na taighdeoirí in ann an nasc idir aiste bia agus tréimhse saoil a thomhas.
Bhí an mhortlaíocht nó an ráta báis ba lú i measc an ghrúpa sin a fuair 50-55% dá gcuid calraí ó charbaihiodráití.
Bhí ráta báis níb airde ag daoine sa ghrúpa a fuair níos mó ná 70% dá gcuid calraí ó charbaihiodráití.
Ag daoine sa ghrúpa a fuair níos lú ná 40% dá gcuid calraí as carbaihiodráití a bhí an ráta báis ab airde.
As na sonraí a bailíodh, mheas na taighdeoirí go mairfeadh duine 50 bliain d’aois a gheobhadh níos lú ná 30% dá chuid calraí ó charbaihiodráití tuairim is ceithre bliana níos giorra ná duine den aois chéanna a gheobhadh 50% dá chuid calraí ó charbaihiodráití.
Chomh maith leis sin, bhí tionchar nach beag ag foinse na próitéine ar na rátaí mortlaíochta.
As an dream a fuair 40% dá gcuid calraí as carbaihiodráití, mhair na daoine a fuair a gcuid próitéin as plandaí (glasraí agus pónairí) níos faide ná na daoine a fuair an chuid ba mhó dá gcuid calraí as próitéin na n-ainmhithe.
Cé go mbíonn aistí bia ar bheagán carbaihiodráití áisiúil chun meáchan a chailleadh sa ghearrthéarma, léiríonn an staidéar seo nach bhfuil sé sláintiúil a bheith ag brath ar phróitéin amháin fá choinne calraí san fhadtéarma. Tá meascán den phróitéin agus carbaihiodráití de dhíth in aiste bia a bhíonn cothrom folláin. Is iad na daoine a fhaigheann 50% dá gcuid calraí ó charbaihiodráití is faide a mhaireann.
Padraic de Bhaldraithe
Tá roinnt doiléire le brath san alt. Má dhéanann tú d’uireasa carbaihiodráití, ní bhíonn an corp ag brath ar phróitéiní le haghaidh fuinneamh (calraí) a fháil. Is túisce a bhaintear calraí as na lipidí (saill agus ola)ná as próitéiní.
Rud eile, tá cúis eile seachas cailleadh meáchain a dtugann daoine faoi aiste bia nach mbíonn ach beagán carbaihiodráití ann – troid in aghaidh na hailse. Tá bunús eolaíochta leis an gcreideamh atá ag roinnt oinceolaithe go bhfuil a leithéid de bhia-aiste tairbheach don té a bhfuil ailse air nó uirthi.
Padraic de Bhaldraithe
Céard faoin tríú grúpa bithmhóilíní móra a bhíonn in aiste bia cothrom folláin – na lipidí (ola agus saillte). Níl siad luaite ar chor ar bith?
Is túisce a bhaineann do chorp calraí astu ná as próitéiní