Saol na teanga ar líne le plé ag comhdháil faoin nGaeilge sa ‘Ré Dhigiteach’

Beidh aoichainteoirí ón earnáil oideachais, teilifíse, raidió, foilsitheoireachta agus ó na meán idirlín i láthair ag an gcomhdháil dar teideal ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’

An-Ghaeltacht

Beidh an saineolaí is mó a shamhlaítear le obair cheannródaíoch ó thaobh na Gaeilge ar líne, an t-Ollamh Kevin Scannell, i measc na n-aoichainteoirí a bheidh i láthair ag comhdháil faoi ‘Phobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’ a reáchtálfar an mhí seo chugainn

Beidh aoichainteoirí ón earnáil oideachais, teilifíse, raidió, foilsitheoireachta agus ó na meán idirlín i láthair ag an gcomhdháil dar teideal ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’, a reáchtálfar in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha an mhí seo chugainn.

Beidh an chomhdháil á reáchtáil ag Gréasán na Meán, Skillnets i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, agus an comhlacht léiriúcháin ROSG mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus beidh an tOllamh Kevin Scannell, atá aitheanta ar dhuine de mhórcheannródaithe na teanga ar líne, as Ollscoil Saint Louis i Missouri i measc na n-aíonna a bheidh i láthair.

Foilseoidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta plean nua digiteach an Stáit don Ghaeilge i mbliana agus beidh an Dr Aodhán Mac Cormaic ón Roinn sin ag an gcomhdháil le cur i láthair a dhéanamh ar ábhar an phlean.

Fág freagra ar 'Saol na teanga ar líne le plé ag comhdháil faoin nGaeilge sa ‘Ré Dhigiteach’'