Saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 – mórchuid cainte agus gannchuid gnímh romhainn arís?

Sa dara halt de dhá cheann, caitear súil ar chuid de na scéalta is mó a bheidh ann i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 agus ar chuid de na dúshláin is mó a bheidh le sárú

Saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 – mórchuid cainte agus gannchuid gnímh romhainn arís?

An Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht

Más bliain thábhachtach í 2019 le muinín a chothú in athuair as an Straitéis Fiche Bliain, is cinnte gurb amhlaidh an cás don phleanáil teanga, páistín fionn Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Go deimhin deir saineolaithe teanga gur tréimhse fhíorthábhachtach í seo, ní don phleanáil teanga amháin, ach don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Cúis díomá ab ea torthaí na hanailíse a rinne Tuairisc.ie anuraidh ar a laghad airgid atá caite go dtí seo ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga féin sa Ghaeltacht agus gach saghas caiteachais anois á áireamh ag an Roinn mar chaiteachas ar phleanáil teanga.

Faoi mhí Dheireadh Fómhair seo caite, ní raibh ach €120,000 caite ar fheidhmiú phleananna teanga na Gaeltachta ó cuireadh tús leis an bpróiseas a bunaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012. Dúirt iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh níos túisce go mbeadh €2.65 milliún ar fáil in 2018 “fá choinne pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”, ach ghéill sé faoi dheireadh nach raibh ach €120,000 ar fad caite ar fheidhmiú na bpleananna sa Ghaeltacht.

Tá dul chun cinn áirithe déanta le bliain anuas agus plean teanga ceadaithe anois do 13 ceantar Gaeltachta, nó leath de na 26 ceantar pleanála teanga, ach tá an tuairim ann anois go bhfuil am na cainte thart agus go gcaithfear tús a chur le feidhmiú na bpleananna. Beidh pobal na Gaeilge ag súil go gcuirfidh Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga nuacheaptha Údarás na Gaeltachta, splanc i bpróiseas lochtach atá imithe chun fadála agus chun leimhe ó cuireadh tús leis. 

An Ghaeilge sa státseirbhís

Dáil Éireann. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

 

B’fhéidir go gcreideann siadsan nach bhfuil aon teorainn leis an dóchas a bhíonn acu go rachfar i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státseirbhís in 2019. Is deas an smaoineamh é ach níl ann ach rámhaillí. Bhain conspóid mhór le fógra Roinn na Gaeltachta in 2013 go raibh córas úr bunaithe ar phainéil earcaíochta le teacht in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.  Faoin gcóras seo, bhí painéal daoine le cruthú a mbeadh líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaithe úra sa státseirbhís.

Moladh i gceannteidil an bhille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí in inmhe a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Díol spéise, áfach, gur thug Stiúrthóir na Gaeilge Roinn na Gaeltachta le fios i dTithe an Oireachtais i mí Aibreáin nach bhfuil sé i gceist spriocdháta a chur leis an moladh sa reachtaíocht teanga nua.

D’inis Aodhán Mac Cormaic do Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán gur “próiseas fadtréimhseach” a bheadh ann an sprioc seo a bhaint amach. Bhí ciall leis an gcaint sin i bhfianaise easpa suime an Rialtais sa scéal.

Níor earcaíodh in 2018 sa státseirbhís go léir ach beirt nua chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo. Tá roinnt airí rialtais ag maíomh i gcónaí nach bhfuil oiread agus post amháin aitheanta ina ranna mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis agus is ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí á gcur ar fáil i nGaeilge ag go leor ranna stáit.

Tá an ‘Béarla éigeantach’ i réim sa státseirbhís le fada, agus níl an toil pholaitiúil ann an scéal a leigheas. Bígí ag súil mar sin le neart cainte faoin gceist seo i mbliana, ach ná bíodh ródhóchas ag aon duine go bhfeicfidh muid fuascailt na faidhbe go luath.

An t-acht teanga ó thuaidh

 

 

“I couldn’t care less about the Irish Language. Let them speak it until they are green, white and orange in the face, as long as it doesn’t encroach on me.”

B’in a bhí le rá ag iar-Chéad-Aire an Tuaiscirt Peter Robinson, roimh chomhdháil bhliantúil an DUP i mí na Samhna. Dúirt sé go gcreideann sé nár cheart go mbeadh ceist na Gaeilge sa Tuaisceart ina dris chosáin roimh athbhunú Stormont. Dúirt sé gur ceist fhánach í ceist na teanga i gcomparáid le cúrsaí póilíneachta agus cúrsaí dlí agus cirt a bhí ina gconstaicí roimh roinnt na cumhachta sa Tuaisceart san am atá caite.

Beidh súil ag pobal na Gaeilge sa Tuaisceart go bhfuil an ceart aige agus gurb í 2019 an bhliain a thiocfar ar chomhréiteach faoi chearta teanga agus faoi institiúidí Stormont a athbhunú. Tuairiscíodh i mí Feabhra seo caite go raibh na páirtithe éagsúla ar tí teacht ar shocrú maidir leis an tsáinn pholaitiúil chun rialtas díláraithe a athbhunú. Go deimhin tháinig an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine go Stormont agus tuairiscíodh go raibh acht Gaeilge mar chuid den socrú sin. I ndeireadh ama, áfach, thit an tóin as an socrú sin agus cuireadh deireadh leis an bpróiseas idirbheartaíochta nuair a chinn Arlene Foster gan iarracht a dhéanamh fiú an margadh faoi cheist na Gaeilge a dhíol le cosmhuintir a páirtí. Tá an chosúlacht ar an scéal i dtús 2019 gur beag dul chun cinn atá déanta idir an lá linn. Ach níl an t-éileamh ar reachtaíocht teanga imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, agus is cinnte go ngéaróidh an Dream Dearg ar a bhfeachtas sa bhliain amach romhainn. Seasfaidh siad an fód go deireadh, ach is í fírinne an scéil gurb iad polaiteoirí díomhaoine Stormont a shocróidh cé acu an mbeidh nó nach mbeidh reachtaíocht ann. Ná bímis ag súil le réiteach gasta ar an cheist achrannach seo, agus fiú má bhíonn réiteach ann bí cinnte gur acht níos uiscealaí ná mar atá ag teastáil a bheidh ann.

Gaiscígh Gaeltachta ar thairseach na staire

I gcúrsaí spóirt, beidh deis i mbliana ag Gaoth Dobhair a bheith ar an gcéad chumann Gaeltachta riamh le Craobh Shinsir na hÉireann a thabhairt leo. Tá áit bainte amach ag na Conallaigh i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann mí Feabhra agus má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Chora Finne na Gaillimhe sa chluiche sin, beidh siad ag triall ar Pháirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig.

Bhí bliain ar leith ag an gcumann anuraidh agus craobh an chontae buaite acu den chéad uair le dhá bhliain déag anuas agus mar bharr air sin d’éirigh leo Craobh Uladh a bhaint. Ach dúshlán mór rompu más fúthu Craobh na hÉireann a thabhairt leo, ach is iomaí údar misnigh atá ag cumann Mhachaire Gathlán i nidiadh ghaiscí 2018.

Tá An Spidéal sa tóir ar Chraobh na hÉireann chomh maith in 2019 agus iad fós san iomaíocht sa chraobh idirmheánach. Imreoidh na Gaillimhigh i gcoinne Naomh Éanna Aontroma i gcluiche leathcheannais na hÉireann mí Eanáir agus iad ag iarraidh sampla Mhaigh Cuilinn, a bhuaigh an chraobh in 2008, a leanúint.

 

Fág freagra ar 'Saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 – mórchuid cainte agus gannchuid gnímh romhainn arís?'