Saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 – tá sé ag éirí déanach i salún an tseans deiridh…

Sa chéad cheann de dhá alt, caitear súil ar chuid de na scéalta is mó a bheidh ann i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 agus ar chuid de na dúshláin is mó a bheidh le sárú

Saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 – tá sé ag éirí déanach i salún an tseans deiridh…

Bliain chinniúnach eile don Straitéis…

Níl aon cheist ach gur bliain fhíorthábhachtach a bheas in 2019 ó thaobh na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge. Mura mbeadh sé ráite chomh minic cheana, déarfá go deimhin gur i ‘salún an tseans deiridh anois’ atáimid, nach mór cúig bliana ó d’fhógair Roinn na Gaeltachta féin go raibh a raibh i ndán don Straitéis idir dhá cheann na meá.

Dúradh an uair sin go raibh an baol ann go gceapfadh pobal na Gaeltachta nach bhfuil an Stát ‘dáiríre’ nó ‘macánta’ faoin teanga agus cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ó shin i dtaobh na pleanála teanga agus plean gníomhaíochta nua don Straitéis foilsithe, tá an baol céanna i gcónaí ann.

Ní haon bhréag a rá ach an oiread nach dócha go bhfuil mórán blianta fágtha ag an rialtas chun muinín an phobail a spreagadh athuair ins an straitéis úd. Tá lear beartas pleanáilte do 2019 ach is é tástáil na putóige a hithe. Is cinnte go mbeidh ar lucht riartha na straitéise poiblíocht dhiúltach na bliana anuraidh a chur de dhroim seoil go gasta más mian leo go mbeidh aon rath ar a gcuid iarrachtaí.

De réir anailís a rinne an sochtheangeolaí aitheanta Seosamh Mac Donncha i mí Eanáir seo caite níl aon fheidhm le haon chuid de na struchtúir lena rabhthas in ainm is an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích. Ba é an t-adhmad a bhí le baint as a chuid saothair ná gur “léir anois nach bhfeictear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar thosaíocht ag an Rialtas reatha”. Cén t-iontas mar sin gur beag muinín atá ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aisti?

Tá tuar dóchais sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a d’fhoilsigh an rialtas i mí an Mheithimh. Tá naoi réimse gnímh agus suas le 180 beart sa phlean. Dúirt iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh gur ar na chéad chúig bliana amach romhainn a chuirfear an bhéim le spriocanna réalaíocha a bhaint amach.

Gealltar sa phlean go ndéanfar taighde in 2019 ar conas a d’fhéadfaí an páirt-tumadh a thabhairt isteach i scoileanna na tíre, chun deis a thabhairt do dhaltaí i scoileanna Béarla ábhar nó ábhair a fhoghlaim trí Ghaeilge. Gealltar fosta go gcuirfear tús ar bhonn píolótach idir 2019-2021 i roinnt scoileanna leis an Chlár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha. Anuas air sin, gealltar go dtabharfar isteach plean cuimsitheach náisiúnta don luathoideachas Gaeilge. Cruthófar dhá phost sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige in 2019 chun forbairt a dhéanamh ar an soláthar luathoideachais i nGaeilge ar fud an stáit.

Beidh duine amháin den bheirt a fhostófar sa Roinn Leanaí freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorbairt an luathoideachais trí mheán na Gaeilge i naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus beidh an duine eile ag cur comhairle ar na naíonraí sin maidir leis an tSeirbhís Forbartha agus Tacaíochta Caighdeán, Tús Níos Fearr. Gealltar go gcuirfear tacaíocht agus acmhainní nua ar fáil do naíonraí chun seirbhís luathoideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Sa bhreis air sin, gealltar go mbunófar ciste nua in 2019 chun “spreagadh agus tacaíocht” a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil páistí acu sa chóras gaeloideachais an Ghaeilge a labhairt níos minice sa bhaile. Tá sé ag éirí déanach i salún an tseans deiridh agus mórán gealltanas á dtabhairt.

An Díolúine ón nGaeilge san Ardteist…

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Gealltar gur in 2019 a rachfar i ngleic ar deireadh thiar thall leis an gcleasaíocht a bhíonn ar bun ag daltaí áirithe chun éalú ó bheith ag staidéar na Gaeilge, cé go bhfuil imní ar dhaoine gurbh amhlaidh go ndéanfadh moltaí na Roinne Oideachais an córas níos scaoilte fós.  ardú leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí a dtugtar díolúine dóibh ón scrúdú Gaeilge Ardteiste de bharr míchumas foghlama ach, ag an am céanna, tá níos mó ná a leath díobhsan agus staidéar a dhéanamh acu ar theanga iasachta amháin ar a laghad. 

Chuir an Roinn Oideachais tús le próiseas comhairliúcháin faoin scéal ag deireadh na bliana seo caite agus d’fhoilsigh siad roinnt moltaí maidir le leasú a dhéanamh ar an gcóras faoina gceadaítear díolúine do dhaltaí ó staidéar na Gaeilge. D’admhaigh siad chomh maith go mbíonn 40% de na díolúintí a cheadaítear ‘mícheart’ agus go bhfuil an córas lochtach go smior.

Ach chuir Conradh na Gaeilge i leith na Roinne go raibh an toradh a bheadh ar a próiseas comhairliúcháin “réamhshocraithe” agus d’iarr siad ar an Aire Oideachais Joe McHugh an próiseas a chur ar cheal láithreach. An ndéanfar ndéanfar leasú chun feabhais in 2019 ar an gcóras lochtach faoina gceadaítear díolúine do dhaltaí ón nGaeilge, nó an amhlaidh go gcuirfidh an t-athbhreithniú dlús le próiseas arbh é an toradh a bheidh air faoi dheireadh ná go mbeidh an Ghaeilge ina ábhar roghnach don Ardteist? (Féach ‘An Ghaeilge éigeantach’ thíos)

Bille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla…

Ba sa bhliain 2012 a gealladh don chéad uair go mbeadh leasú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sé bliana ina dhiaidh sin níl radharc ar bith ar ar an mbille go fóill. Tharla sórt Lannigans Ball i Roinn na Gaeltachta le dornán blianta anuas agus na hairí stáit Joe McHugh agus Seán Kyne ag babhtáil a gcuid cúram lena chéile. Cén t-iontas mar sin gur thit an leasú chun siléige?

In 2017 ghlac an Rialtas le ceannteidil an bhille a bhí curtha faoina bhráid chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus bhí cuid mhór le moladh iontu, cé nach raibh siad gan locht ná baol air.  I mí an Mheithimh 2018 d’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a dtuarascáil ar dhréachtreachtaíocht teanga nua. Ba é an t-adhmad a bhí le baint as ná nach n-aithníonn ceannteidil an bhille nua, a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge. Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur chóir don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus a Roinn “an ghéarchéim reatha a gcaithfidh pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta dul i ngleic léi” a aithint láithreach.

Cáineadh go láidir an easpa cinnteachta a mhaítear a bhaineann le cur i bhfeidhm na sprice i dtaobh cúrsaí earcaíochta agus spriocanna eile sa dréachtreachtaíocht. Moladh sa tuarascáil go mbeadh spriocdhátaí níos cinnte le cuspóirí na gceannteideal agus go mbeadh forálacha na reachtaíochta nua “soiléir, sainiúil” agus “faoi réir spriocanna ama dochta”.

Gealladh go minic anuraidh go bhfoilseofaí an bille roimh dheireadh 2018 ach níor tharla sin. Dúirt an tAire Stáit Kyne go ndearnadh gach iarracht an bille a chríochnú in am, ach go raibh beirt a bhí ag obair air ina Roinn amuigh tinn agus nár éirigh leis an beart a dhéanamh. Deirtear go mbeidh foilsiú théacs an bhille ar bharr an liosta tosaíochtaí i mbliana, ach is minic sin cloiste cheana. Idir an dá linn, tá lucht cearta teanga agus eile ag éirí buartha gurbh í fírinne an scéil ná nach bhfuil aon ghoile sa chóras stáit leis an Acht a neartú dáiríre. An mbeidh na sonraí agus na spriocanna atá á n-éileamh ag eagraíochtaí teanga agus an Coimisinéir Teanga sa bhille ach a bhfoilseofar é, nó an mbeidh sé níos laige ná mar a bhíothas ag súil leis nuair a foilsíodh na ceannteidil?

An Ghaeilge éigeantach

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Meastar go bhfuil an bhagairt is mó le blianta fada do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ar na bacáin.

Baineann an bhagairt seo cuid mhór  le hathbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an NCCA, ar chóras na hArdteiste, athbhreithniú a chuirfidh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair. 

Cé nach bhfuil an t-athbhreithniú ach ina thús go fóill, tá ceist na Gaeilge éigeantaí go mór sa treis sa phlé cheana féin. Caitheadh amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil a d’fhoilsigh an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú agus tugadh suntas don bhéim a leagadh ar thuairimí diúltacha faoin nGaeilge sa cháipéis sin.

Mar chuid den tuarascáil rinneadh suirbhé i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí chun a dtuairimí a fháil faoi scrúdú na hArdteiste agus údar imní a bhí i gcuid dá raibh sa tuarascáil chéanna do dhaoine atá buartha faoi impleachtaí an athbhreithnithe do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Is cinnte go gcuirfidh an t-athbhreithniú seo de chuid na Roinne Oideachais agus na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an t-athbhreithniú ar chóras na díolúine ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair. Is beag a bhí sa chéad tuarascáil a ón NCCA ná i bplécháipéis na Roinne faoin díolúine a bhréagnódh an tuairim go mbeidh cath mór ar son stádas na Gaeilge sa chóras le troid ag eagraíochtaí teanga in 2019.

Fág freagra ar 'Saol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 – tá sé ag éirí déanach i salún an tseans deiridh…'

  • Aodán Ó Sé

    Alt suimiúil ar ndóigh seachas clichés an Bhéarla, m.s. Salún an tSeans Deiridh agus Tastáil na putóige í a ithe!

  • Colin Ryan

    Déantar talamh slán de anseo, mar is gnách, go bhfuil neartú na Gaeilge ag brath go hiomlán ar an Stát agus nach gá an teanga a mhúineadh ar bhealach beoga tarraingteach a mheallfadh na daltaí. Bréagthuairimí, ar ndóigh. Is díol spéise í an díth céille atá fite fuaite in aon diospóireacht dá leithéid.

  • Pól Ó Braoin

    Tuigim cás na ndaoine nach bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim mar rogha teanga ar scoil. Is cuimhin liom go mbíodh buntáiste eicint ann agus an Ghaeilge ar do thoil agat… buntáiste nach bhfuil ann níos mó. Ní gá an teanga a bheith agat le obair a fháil sa státseirbhís… agus an méid sin féin le feiceáil go follasach agus tú ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid le do chuid gnoithe a dhéanamh le seibhísí stáit na tíre seo… Creidim go mbíonn gasúir na gaeltachta ag éalú i dtreo an bhéarla mar cheapfainn féin go bhfeiceann siad an Éire nua s’againne…