Tá saol an pholaiteora éirithe níos dainséaraí le ceathrú céid anuas, dar leis an Teachta Dála agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh. Dúirt Ó Snodaigh, a toghadh ina Theachta Dála den chéad uair in Olltoghchán na bliana 2002, go n-airíonn sé go bhfuil sé “níos dainséaraí” a bheith i do pholaiteoir ar na saolta seo le hais mar a bhí nuair a chuir sé tús lena ghairm.
Ag labhairt dó ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Loch Garman ag an deireadh seachtaine, dúirt Ó Snodaigh a bhí ina chathaoirleach ar choiste Gaeilge an Oireachtais sa Dáil dheireanach, nach dtuigeann cuid de na daoine a bhuaileann bleid air agus é amuigh i measc an phobail “an difríocht idir díospóireacht agus achrann” agus go bhfuil sé éirithe “dainséarach” do TD a bheith i measc a phobail féin.
“Tharla sé dom féin cúpla tamall ó shin agus mé i mo shuí i mo theach tábhairne áitiúil. Bhí bean istigh sa teach tábhairne nár aontaigh le mo chuid polaitíochta, bhí tuairimí aici a bheadh níos faide amach ar an eite dheis, agus thosaigh sí ag screadach orm agus mé i mo shuí ansin.
“Ní thuigeann na daoine seo an difríocht idir díospóireacht agus achrann, agus tá sé deacair plé ceart a dhéanamh leo. D’imigh sí ar deireadh ach dúirt duine eile liom go raibh sé curtha in airde ar na meáin shóisialta aici go raibh mé i mo shuí sa phub sin agus gur chóir do dhaoine dul ann agus a míshástacht liom a chur in iúl. Bheartaigh mé féin imeacht liom abhaile sula mbeadh aon achrann eile ann,” a dúirt sé le linn seimineár a bhí á reáchtáil mar chuid den Ard-Fheis.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Barry Ward, a bhí i láthair ag an seimineár céanna, go raibh saol an pholaiteora dúshlánach freisin. Dúirt sé gur ar líne, ar na meáin shóisialta, a bhíonn cuid den chéasadh is measa a fhaigheann sé féin ach dúirt sé nach bhfuil a chás-sa leath chomh dona céanna is a bhíonn cás na mban atá tar éis iad féin a chur os comhair an tsaoil mar pholaiteoirí.
“Tá sé i bhfad níos measa do mhná agus tá sé sin an-soiléir ó bheith ag féachaint ar na meáin shóisialta. Deirtear rudaí uafásacha gránna le mná atá tar éis iad féin a chur chun tosaigh mar pholaiteoirí,” a dúirt sé.
D’fhógair roinnt mhaith Teachtaí Dála go raibh sé i gceist acu éirí as an bpolaitíocht roimh olltoghchán na bliana seo caite. Luaigh cuid acu siúd a d’éirigh as an drochíde a tugadh dóibh ar an tsráid agus ar na meáin shóisialta mar cheann de na cúiseanna gur bheartaigh siad gan leanacht ar aghaidh i saol na polaitíochta.
Ionsaíodh iarrthóir mná de chuid an Chomhaontais Ghlais le linn an fheachtais toghchánaíochta do na toghcháin áitiúla i mí na Bealtaine seo caite. Bhí Janet Horner ar an gCuarbhóthar Thuaidh i mBaile Átha Cliath ag crochadh a cuid póstaer féin nuair a d’ionsaigh fear í féin agus a comhghleacaí. Buaileadh an t-iarrthóir neamhspleách Tania Doyle agus í amuigh ag toghchánaíocht ar an taobh eile den phríomhchathair ar an lá céanna.
Fág freagra ar '‘Saol an pholaiteora éirithe níos dainséaraí’ – Aengus Ó Snodaigh'