Saol agus saothar Mháirtín Uí Chadháin le plé ag comhdháil ar líne inniu

Tá fearadh na fáilte á chur roimh chách cluas a thabhairt le sraith cainteanna atá á réachtáil ag Ollscoil na Tríonóide mar chuid d’imeachtaí comórtha 50 bliain an mhórscríbhneora

Saol agus saothar Mháirtín Uí Chadháin le plé ag comhdháil ar líne inniu

Pléifear saol agus saothar mhórúdar na Gaeilge, Mairtín Ó Cadhain ag comhdháil lae a bheas á reáchtáil ar líne inniu, Dé hAoine, an 20 Samhain.

Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bheas i mbun na hócáide, atá á heagrú mar chuid d’imeachtaí comórtha 50 bliain ó bhásaigh an scríbhneoir.

Pléifear téamaí agus gnéithe éagsúla de shaothar Uí Chadhain le linn na gcainteanna a bheas á sruthú beo ar líne.

I measc na ndaoine a bheas i mbun cainte, tá an tOllamh agus údar Alan Titley, a d’aistrigh leaganacha Béarla d’úrscéalta Uí Chadhain, Cré na Cille (The Dirty Dust) agus Fuíoll Fuine, (The Dregs of the Day) agus Radvan Markus, an Seiceach aitheanta ar bronnadh mórgradam liteartha air mar gheall ar an aistriúchán Seicise a rinne sé ar Cré na Cille.

Téamaí éagsúla i saothar an Chadhnaigh, Cré na Cille, a bheas faoi chaibidil ag Radvan Markus, leitheidí grá, aicmí sóisialta agus coimhlint. Déanfaidh an Titlíoch plé ar na dúshláin éagsúla a bhain le haistriúchán a dhéanamh ar úscéalta an Chadhnaigh.

Beidh cainteanna ann chomh maith a dhíreoidh ar luathshaothar an Chadhnaigh agus ar shaothar neamhfhoilsithe an údair atá i leabharlanna agus cartlanna éagsúla. Mícheál Briody agus Caitlín Nic Íomhair a bheas i mbun na gcainteanna sin. Téamaí an bháis agus na beatha a bheas faoi chaibidil ag Ian Ó Caoimh.

Díreoidh an Dr Colm Ó Cuaig agus Dr Charles Dillon ó Acadamh Ríoga na hÉireann ar an saothar toirtiúil foclóireachta a d’fhág Máirtín Ó Cadhain ina dhiaidh ina gcur i láthair siúd.

‘Cumadóireacht Uí Chadhain: tionscnamh cartlainne agus foilsitheoireachta’ is teideal don chaint a bheas á tabhairt ag an Ollamh le Gaeilge, Máirín Nic Eoin, agus beidh caint dár teideal ‘An tOlc Bunaidh: Titim an Duine’ á cur i láthair ag an Ollamh Máire Ní Annracháin.

Ag 3.30pm, i ndiaidh na gcainteanna ar fad, seolfaidh an tOllamh agus údar Gearóid Denvir leabhar nua Cumadóireacht Uí Chadhain a chuir Mícheál Briody agus Máirín Nic Eoin in eagar agus a d’fhoilsigh Leabhar Breac.

Deirtear go bhfuil fearadh na fáilte roimh chách cluas a thabhairt le héisteacht leis na cainteanna ar fad a bheas á sruthú ar shuíomh na hOllscoile anseo.

Tá clár ‘Comhdháil: Máirtín Ó Cadhain 2020’ ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Saol agus saothar Mháirtín Uí Chadháin le plé ag comhdháil ar líne inniu'

  • Fionnbarra

    An mbeidh na seisiún fágtha ar líne ar feadh tamaill do dhaoine atá ag obair ar an Aoine?