Saoirse Kilkenny, misneach ógánaigh na Gaillimhe agus Chiarraí agus ceachtanna eile CLG…

Féachann Tuairisc.ie ar chuid dá raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine seo caite

Saoirse Kilkenny, misneach ógánaigh na Gaillimhe agus Chiarraí agus ceachtanna eile CLG…

Seachain an dtabharfaí cead a chinn do Chiarán Kilkenny

Faoin tráth seo, cheapfá go mbeadh a fhios ag Kevin Walsh agus ag peileadóirí na Gaillimhe a thábhachtaí agus atá Ciarán Kilkenny d’fhoireann Átha Cliath. Is é Kilkenny stiúrthóir na foirne agus iad ar an ionsaí. Ní stopann sé ag rith, ag cuartú spáis ná ag iarraidh deiseanna a chruthú dá chomrádaithe. Agus tá sé breá ábalta scór a fhéil é féin nuair is gá.

Cé go bhfuil sé sin uile soiléir le roinnt blianta anuas, rinne Gaillimh cinneadh cead a chinn a thabhairt do Kilkenny i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite.

Tá a gcóras cosanta féin ag Gaillimh ina dtiteann cúigear nó seisear siar ina líne 45 méadar amach ón gcúl. Bíonn leathchúlaí láir na Gaillimhe, Gareth Bradshaw, i lár na líne sin ach ní dhéanann sé aon iarracht a chéile comhraic, Kilkenny sa gcás seo, a mharcáil. D’fhág sé sin go raibh an tÁth Cliathach in ann a bheith rith anonn agus anall inné gan aon duine ag leagan lámh air. Seans nach bhfuil aon imreoir eile in Éirinn níos éifeachtaí sa ról sin ná Kilkenny.

Bhí Kilkenny seasta ag lorg na mbearnaí i gcosaint na Gaillimhe agus d’éirigh leis trí phointe a scóráil chomh maith. Más faoi Thír Eoghain seans ar bith a bheith acu sa chluiche ceannais, ní féidir leo an spás sin a thabhairt dó.

Rinne Pádraig Hampsey thar barr agus é ag marcáil Conor McManus agus Michael Murphy le cúpla cluiche anuas agus seans go mbeidh sé ag coinneáil súil ghéar ar Kilkenny sa chluiche ceannais faoi cheann trí seachtaine.

 

Niall Scully, BÁC. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Murab ionann agus gach dream eile, ní thraochann Áth Cliath

Tá iliomad buanna ag foireann Átha Cliath seo ach ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu arís ná a aclaí agus atá foireann Jim Gavin. Cé go bhfuil na foirne maithe uile ag traenáil cúig nó sé huaire in aghaidh na seachtaine, fós tá an chuma ar an scéal go bhfuil leibhéal eile bainte amach ag Áth Cliath ó thaobh na haclaíochta.

Rinne Gaillimh a míle dícheall coinneáil leo sa chluiche leathcheannais ach ba léir fiú ag deireadh an chéad leatha go raibh tuirse ag teacht ar na Gaillimhigh. Mar a luaigh fear Dhún na nGall, Michael Murphy ar The Sunday Game aréir, bíonn an oiread sin oibre le déanamh ag foirne chun an liathróid a bhaint d’imreoirí Átha Cliath, gur minic nach mbíonn an fuinneamh fágtha acu deiseanna dá gcuid féin a chruthú.

In aghaidh na Gaillimhe, bhí Áth Cliath breá sásta seilbh a choinneáil ar an liathróid agus an dúshlán a thabhairt do na Gaillimhigh í a bhaint díobh. Cé nach raibh ach cúpla cúilín idir na foirne ag leath ama, thuig imreoirí Átha Cliath go maith nach mbeadh Gaillimh in ann acu ó thaobh a gcuid aclaíochta agus rinne siad scrios i dtreo dheireadh an chluiche.

Le roinnt blianta anuas, ní raibh ach Maigh Eo in ann coinneáil leo ar feadh 70 nóiméad, ach cé go bhfuil an aois tagtha ar fhoireann Mhaigh Eo, éiríonn le Gavin imreoirí nua a thabhairt isteach gach uile bhliain, rud a fhágann go mbíonn meánaois na foirne i gcónaí mar a chéile.

 

Is áit uaigneach í Pirc an Chrócaigh do Drew Wylie, atr éis gur chaill aMuineacháín. Pictiúr; Seán Ó Mainnín, Tuairisc.ie

Beidh sé deacair ar Mhuineachán tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh

Chaithfeá trua a bheith agat do Mhuineachán agus deis caillte acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den dara huair riamh agus den chéad uair ó 1930. Ní fhéadfá locht a fháil ar an iarracht a rinne siad agus, dá mbeadh réiteoir eile ann inné, b’fhéidir go mbeadh an lá leo. Faraor, is í an fhadhb is mó atá ag Muineachán ná go bhfuil cúpla imreoir nua ag teastáil uathu más leo na cluichí móra seo a bhaint. Níl aon réiteach simplí ar an easpa sin.

Ba é Conor McManus a fuair 26% de na scóranna uile a fuair Muineachán sa chraobh i mbliana.  Ní bhfuair sé ach aon chúilín amháin ón imirt inné agus, cé gur léirigh Conor McCarthy agus Kieran Hughes a gcumas scórála ar feadh tréimhsí gairide, níor leor é.

Ní haon iontas gurbh é Conor McManus príomhscórálaí na foirne ach ba é an cúl báire, Rory Beggan, a bhí sa dara háit ar an liosta sin. Níor éirigh ach le triúr, McManus, Beggan agus McCarthy níos mó ná deich scór a aimsiú i rith fheachtas na craoibhe ar fad. Is maith a thuigeann foirne eile go mbíonn sé deacair ag Muineachán má chuireann tú stop le McManus.

 

Michael Lenihan, Ciarraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An-mhisneach léirithe ag fir óga na Gaillimhe agus na Ríochta

Is iad Ciarraí agus Gaillimh a bheidh i gcluiche ceannais mhionúir na hÉireann i mbliana tar éis dóibh a gcluichí leathcheannais a bhuachan ag an deireadh seachtaine agus léirigh an dá fhoireann an-chuid misnigh ina gcuid imeartha.

I gcluiche an tSathairn, bhí Gaillimh cúig phointe chun deiridh agus gan ach 20 nóiméad fágtha ach, nuair a tháinig fir an iarthair chucu féin, ní raibh aon fhreagra ag contae na Mí orthu. D’aimsigh Gaillimh trí chúl i sé nóiméad i lár an dara leath agus faoin am go raibh an cluiche thart, bhí farasbarr seacht gcúilín ag Gaillimh.

Is maith a thuigfidh siad, áfach, nach mbeidh sé éasca acu sa chluiche ceannais mar, ní hamháin go bhfuil imreoirí den scoth ag Ciarraí ach, shaothraigh siad a mbua go maith ina gcluiche leathcheannais in aghaidh Mhuineacháin.

Ba láidre Ciarraí ar feadh cuid mhaith den chluiche sin agus bhí siad seacht bpointe chun cinn tar éis 41 nóiméad. Nuair a cuireadh Conor Flannery an Daingin den pháirc ina dhiaidh sin, áfach, tháinig athrú iomlán ar an gcluiche. D’aimsigh Muineachán 2-2 gan aon fhreagra ó fhir na Ríochta agus ba iadsan a bhí chun cinn in am cúitimh. Bhí an móiminteam uile ag Muineachán ag an bpointe sin ach rinne Ciarraí teacht aniar iontach.

Tháinig fear na Gaeltachta Ruaidhrí Ó Beaglaoich isteach tráth a raibh brú ollmhór ar Chiarraí agus bhuaigh sé cic saor ar an bpointe, cic deacair a shlánaigh Paul Walsh. Choinnigh fir óga na Ríochta orthu ag cur brú ar Mhuineachán agus ba é Jack Kennelly a chinntigh go mbeadh áit acu i gcluiche ceannais na hÉireann nuair a fuair sé cúilín eile dóibh agus gan ach 60 soicind fágtha.

Mar sin, ní bheidh aon easpa misnigh ar na himreoirí óga a chuirfidh chun páirce ar an 2 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Saoirse Kilkenny, misneach ógánaigh na Gaillimhe agus Chiarraí agus ceachtanna eile CLG…'

  • Tomás de Buitléir

    “Beidh sé deacair ar Mhuineachán tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh
    Chaithfeá trua a bheith agat do Mhuineachán agus deis caillte acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den dara huair riamh agus den chéad uair ó 1930. Ní fhéadfá locht a fháil ar an iarracht a rinne siad agus, dá mbeadh réiteoir eile ann inné, b’fhéidir go mbeadh an lá leo.”

    Aontaím leat a Phádraic. Ar a laghad aithníonn scríobhneoir amháin go raibh baint ag an réiteoireacht le toradh an chluiche idir Muineachán agus Tír Eoghain.

    Is cinnte gur chaill Muineachán deis iontach cluiche ceannais a bhaint amach ar chúiseanna éagsúla. Bhí gá le guaim níos fearr a choinneáil agus roghanna níos fearr a dhéanamh – go háirithe agus iad ar an ionsaí. Chuaigh roinnt deiseanna scórála amú dá bharr seo. Agus, cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta i mbliana, is dócha go bhfuil easpa inteacht scórálaithe fós ann.

    Ach is cinnte go raibh tionchar nach beag ag an réiteoir ar an toradh. Dar leis an Sunday Game, bhí drochlá ag an reiteoir ach mhaigh siad go raibh botúin ar an da thaobh agus naibh raibh baint ag seo leis an toradh. Is anailís bog agus leisciúil atá sa mhéid seo. Ní raibh ach cúilín eatarthu ag an deireadh; mar sin d’fhéadfadh fiú botún amháin an toradh a athrú.

    Bhí a fhios ag an saol go raibh cluiche dian i ndán dúinn; mar sin ba cheart réiteoir níos laidre a cheapadh. I ndeireadh an lae, tá éacht déanta ag Muineachán teacht chuig an bpointe seo agus níl sé sách maith gur lig an CLG síos iad ar an gcaoi seo.

    Tá súil agam go dtiocfaidh Muineachán arís ach is bóthar fada atá rompu teacht chuig an pointe céanna arís.