Santaíonn an scríbhneoir ciúnas, ach an bhfaighidh sé é?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: cá rachaidh scríbhneoir meánaosta i ndomhan nach bhfuil ciúnas ná cúlráid fágtha ann?

Santaíonn an scríbhneoir ciúnas, ach an bhfaighidh sé é?

Nuair a bhíonn mo chuid comharsana sa bhloc árasán mar a bhfuil cónaí orm sa Bhrasaíl ag ól agus ag béicíl nó ag déanamh athchóiriú ar a gcuid seomraí folctha, is minic a thagann cumha orm i ndiaidh an tseomra oibre a thóg m’athair, ar chumadóir ceoil é nuair a bhí sé beo, sa teach san Ísiltír inar fhás mé aníos agus ina bhfuil cónaí ar mo mháthair fós. 

Adhmad lom giúise taobh istigh ar na ballaí, agus radharc galánta ón bhfuinneog dhormánta mhór mar a bhfuil an deasc oibre suite ar thailte tiúilipí, ar choill ársa, ar dhumhcha gainimh agus ar spéir fhairsing lán conairí comhdhlúthaithe eitleán. 

I mo shuí ag an deasc oibre sin a bhí mé an mhaidin cheana, colún do Tuairisc a bhí nach mór réidh á athléamh agam, nuair a thiomáin gléas ollmhór dubh isteach sa radharc galánta. Seaninneall traenach gaile a mheabhródh an gléas sin duit, nó b’fhéidir péire acu ceangailte le chéile, agus roimh i bhfad bhí an rud ag plúchadh deataigh, ag déanamh raice agus ag cur an tí ag creathadh.  

Anonn liom chuig úinéir na dtailte tiúilipí, a bhí ag breathnú ar an ngléas ollmhór i dteannta triúr fear eile. Bhí saothar anála orm agus cantal. 

‘Ithir fheargach!’ a mhínigh fear na dtiúilipí. ‘Fungas a chaithfear a mharú le gal,’ a chuir sé leis nuair a chuimhnigh sé gur daoine as baile isteach iad mo thuismitheoirí agus nach mbeadh an téarmaíocht a bhaineann le fás tiúilipí ó bhroinn agam mar atá aigesean. 

‘Ar shaill athúsáidte ó shiopaí sceallóg a ritheann an t-inneall,’ a mhínigh duine den triúr fear ar leo an t-inneall, de réir cosúlachta. 

Go breá, saghas bithdhíosail mar sin, agus ní raibh aon nimh á spraeáil chun an fungas a mharú. Ach níorbh í an timpeallacht a bhí ag barr m’aigne ach dréacht m’úrscéil a bheadh á athléamh agam tar éis dom mo cholún do Tuairisc a cheartú. 

‘Cén t-achar a mhairfidh an raic sin?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Seans go rachaidh mé amach ar shiúlóidín.’ 

Bhreathnaigh na fir ar a chéile.  

‘Ceithre lá,’ a dúirt úinéir na dtailte tiúilipí tar éis ciúnas gearr a bhí thar a bheith míchompordach. 

Chuig teach caife liom le m’úrscéal, ach bhí níos mó struis fós i ndán dom. Fadó fadó, roimh an bpaindéim, bhínn in ann obair scríbhneoireachta a dhéanamh agus daoine eile ag cabaireacht timpeall orm ach ar éigean a bhí mé in ann m’aird a choinneáil ar mo chuid oibre anois, ag cúléisteacht i gcoinne mo thola le comhráite na gcustaiméirí eile.  

Seans gur rud é seo a bhaineann le haois. Thart ar m’aois-se a bhí m’athair nuair a thóg sé an seomra oibre ar bharr an tí; tá mo chara an scríbhneoir agus an síceolaí, atá ar comhaois liom, tar éis carbhán a cheannach ar láthair champála cois locha le bheith ag obair ann, agus tá mé féin ag teacht ar an tuiscint nach bhfuilim ag iarraidh cur suas go deo le callán mo chuid comharsan sa Bhrasaíl.  

Seans go mbeidh orm aghaidh a thabhairt ar cheann de cheisteanna móra i saol an scríbhneora mheánaosta: láthair oibre a aimsiú a mbeidh mé in ann scríobh liom ar mo sháimhín só. Ach cá bhfaighfeá a leithéid i ndomhan nach bhfuil mórán ciúnais ná cúlráid fágtha ann? 

Fág freagra ar 'Santaíonn an scríbhneoir ciúnas, ach an bhfaighidh sé é?'