‘Samhnas’ ar Chonradh na Gaeilge ‘nach raibh sé de mhisneach ag an DUP’ glacadh le hacht teanga

Tá eolas tugtha ag Sinn Féin faoin dréachtmhargadh a deir siad a bhí déanta acu leis an DUP maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an eolas atá curtha ar fáil ag Sinn Féin faoin margadh a bhí déanta acu leis an DUP i dtaobh cheist an achta Ghaeilge sular theip ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont an tseachtain seo.

Bhuail toscaireacht de chuid Chonradh na Gaeilge le hionadaithe Shinn Féin tráthnóna inné agus tugadh le fios dóibh go raibh ‘Acht Gaeilge neamhspleách’ mar chuid den dréachtmhargadh a bhí déanta sular theip ar na cainteanna. Sa mhargadh sin, a deir Sinn Féin, a bhí aontaithe leis an DUP, gealladh stádas oifigiúil don Ghaeilge, coimisinéir teanga agus deireadh le hAcht 1737 a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, gur “léir ón eolas atá tugtha faoin idirbheartaíocht maidir le ceist an achta Ghaeilge go raibh socrú déanta idir an DUP agus Sinn Féin agus go raibh Acht don Ghaeilge amháin san áireamh sa socrú sin.

“Bhí stádas oifigiúil san áireamh don Ghaeilge agus coimisinéir le cearta phobal na Gaeilge a chosaint. Is buneilimintí d’aon reachtaíocht teanga iad seo atá coitianta timpeall na cruinne agus cuireann sé samhnas orainn nach raibh sé de mhisneach ag an DUP glacadh leis na moltaí bunúsacha seo. 

“Molann Conradh na Gaeilge tacaíocht Shinn Féin, mar aon leis na páirtithe eile, agus Rialtas na hÉireann, d’Acht Gaeilge neamhspleách. Tá bearnaí ann fós i dtaobh cúrsaí comharthaíochta agus eile agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go mbeadh infheictheacht na Gaeilge, mar aon le seirbhísí dár bpobal, san áireamh in aon socrú a thagann chun tosaigh amach anseo,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gur “chúis mhór díomá” don eagraíocht go bhfuil “cearta á séanadh ag an DUP arís orthu siúd, ní hamháin a labhraíonn Gaeilge go laethúil ach orthu siúd a bhfuil spéis acu i gcaomhnú agus i bhforbairt na teanga”.

“Tugadh gealltanas don phobal deich mbliana ó shin go mbeadh Acht Gaeilge ann, mar atá sa Bhreatain Bheag agus mar atá in Albain. Chuir Conradh na Gaeilge in iúl don Stát-Rúnaí Karen Bradley, MP, nuair a bhuail toscaireacht léi an mhí seo go mbeadh sé de dhualgas ar Rialtas na Breataine reachtaíocht a thabhairt isteach sa chás nach n-éireodh leis an iarracht an Tionól a chur ag obair arís.

“Beidh Conradh na Gaeilge ag dúil le cruinniú breise leis an Stát-Rúnaí, mar aon leis an Taoiseach, sna laethanta amach romhainn, agus cuirfimid an cás seo chun cinn. Tá gluaiseacht na Gaeilge tiomanta d’Acht Gaeilge a bhaint amach a bheidh chun leasa gach duine sa tsochaí agus ní thiocfaidh deireadh lenár gcuid iarrachtaí cothrom na Féinne a bhaint amach,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Deir Sinn Féin gur éirigh leo dréachtmhargadh maidir le hathbhunú Stormont a aontú leis an DUP an tseachtain seo caite agus go raibh acht teanga don Ghaeilge amháin san áireamh sa mhargadh sin.

Is é an tuiscint a bhí ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ar an scéal go raibh a leithéid de mhargadh déanta chomh maith, cé go bhfuil an méid sin séanta ag Arlene Foster agus polaiteoirí sinsearacha eile de chuid an DUP.

Dheimhnigh ceannaire nua Shinn Féin Mary Lou McDonald gurbh é an réiteach a bhí ar an easaontas maidir le ceist an achta Ghaeilge ná go ngeallfaí go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus scáthreachtaíocht cultúir a chuirfeadh meas ar theangacha agus ar an éagsúlacht chun cinn.

D’fhógair Arlene Foster Dé Céadaoin go raibh teipthe ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi cheist an achta Ghaeilge.

Dúirt leascheannaire an DUP Nigel Dodds gur “bolscaireacht” de chuid Shinn Féin a bhí ina maíomh go raibh dréachtmhargadh déanta agus go raibh acht Gaeilge mar chuid de.

Tá sé i gceist ag Sinn Féin cóipeanna den dréachtmhargadh, a deir siad a bhí déanta acu leis an DUP, a thabhairt do Rialtas na hÉireann agus do Rialtas na Breataine agus tá ráite acu go gcuirfidh siad eolas faoi na sonraí ann ar fáil do na páirtithe eile.

Fág freagra ar '‘Samhnas’ ar Chonradh na Gaeilge ‘nach raibh sé de mhisneach ag an DUP’ glacadh le hacht teanga'