Na Sáirséalaigh v Baile Dic – Páirc an Chrócaigh, 5.15in (Beo ar RTÉ2)
Lá tar éis do pheileadóirí Chill Chóirín-Cluain Bheirn iarracht a dhéanamh an tríú craobh uile-Éireann a bhuachan, tá deis ag dream eile as Gaillimh an gaisce a dhéanamh agus na Sáirséalaigh ag dul chun páirce i gcluiche ceannais sinsir na camógaíochta.
Bhuaigh fir na Sáirséalach dhá chraobh uile-Éireann as a chéile i 1993 agus 1994 ach tá deis inniu ag mná an chumainn ón gCnoc Breac agus an Ballán an t-éacht sin a shárú má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Bhaile Dic i bPáirc an Chrócaigh.
Má éiríonn leis na Sáirséalaigh tráthnóna, beidh Craobh na hÉireann tugtha leo acu ceithre huaire le cúig chraobh anuas, rud a léiríonn an dúshlán atá roimh mhná Chill Chainnigh.
Is in 2019 a bhuaigh Baile Dic an chraobh sa bhaile den chéad uair ach tá dhá chraobh eile curtha leis sin acu ó shin agus iad anois ag iarraidh an ceann mór a bhuachan. Tá siad tagtha slán ó chluichí crua i gcoinne Naomh Máirtín agus Naomh Uinsionn i gCraobh Laighean agus bhí bua slachtmhar acu i gcoinne Sheamróga Loch gCaol i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann.
Bhí na tosaithe idirchontae, Aoife Prendergast agus Asha McHardy, go mór san imirt an lá sin ach tá cosantóirí ag Baile Dic a bhfuil taithí acu a bheith ag imirt le foireann shinsir Chill Chainnigh chomh maith, sin iad Ciara agus Niamh Phelan.
Seans go gcuirfear de chúram ar na deirfiúracha Phelan súil a choinneáil ar bheirt deirfiúracha eile, Orlaith agus Siobhán McGrath, réaltaí ar fhoireann na Sáirséalach. Tá an bheirt lár páirce, Clodagh McGrath agus Sarah Spellman, ag imirt ar fheabhas i mbliana, mar atá cuid mhaith den fhoireann.
Bua seacht bpointe a bhí acu ar Sháirséalaigh Chorcaí i gcluiche leathcheannais na hÉireann coicís ó shin agus is mór an chabhair dóibh an taithí mhór atá san fhoireann agus iad ag iarraidh a n-ainm a chur sa Táin inniu.
Fág freagra ar 'Sáirséalaigh na Gaillimhe sa tóir ar a dtríú craobh as a chéile i bPáirc an Chrócaigh'