‘Saintí sa Bhaile’ i mBéal Feirste, margadh na Nollag i gCois Fharraige agus IMLÉ i Londain

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

‘Saintí sa Bhaile’ i mBéal Feirste, margadh na Nollag i gCois Fharraige agus IMLÉ i Londain

FÉILTE

Séasúr na Nollag á cheiliúradh ag Fleadh Feirste

Beidh deis eile inniu agus amárach chun geamaireacht na Nollag a fheiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich mar chuid de Fhleadh Feirste. ‘Saintí sa Bhaile’ an teideal atá ar gheamaireacht na bliana seo. Tá a fhios againn ar fad go dtéann Saintí timpeall an domhain in aon oíche amháin Oíche Nollag. Ach céard a dhéanann sé an chuid eile den bhliain?

Tá na freagraí le fáil sa ngeamaireacht Nollag seo atá bunaithe ar an bpictiúrleabhar Saintí sa Bhaile le Áine Ní Ghlinn agus maisithe ag Mr Ando. Beidh an leabhar féin á sheoladh ag ócáid i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an Domhnach 1 Nollaig ag a 1:00 i.n. ag an Lá Teaghlaigh agus tá fáilte roimh chách.

Clár Fhleadh Feirste agus ticéid le fáil anseo.

AONACH

Margadh na Nollag i Seanscoil Sailearna

Cuirfear Margadh na Nollag ar siúl in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ar an Domhnach, an 8 Nollaig ón 11:00 r.n. go dtí 4:00 i.n. Beidh suas le 20 seastán ansin ag trádálaithe agus ceardaithe áitiúla le hearraí éagsúla lámhdhéanta chomh maith le bia agus deoch. Beidh Daidí na Nollag é fhéin sa tSeanscoil ón 1:00 i.n. go dtí a 3:00 i.n. agus é ag súil le bualadh le gasúir Chois Fharraige. I measc na ngnólachtaí a bheidh i láthair an lá sin, beidh Pota Café, Sliabh Candles, agus go leor eile. 

CEOL

IMLÉ in Ionad Cultúrtha na hÉireann i Londain

Beidh an banna ceoil IMLÉ ar stáitse ag ócáid speisialta in Ionad Cultúrtha na hÉireann, i Hammersmith i Londain ar an 28 Samhain, doirse ag oscailt ag 7:00 i.n. Tá cáil agus aitheantas idirnáisiúnta an bhanna ceoil IMLÉ ag dul i méid go mór ó rinne siad an ceol téama don chlár BODKIN, a eisíodh ar an gcainéal Netflix níos túisce i mbliana. Beidh dhá bhanna Éireannacha eile atá ag teacht chun cinn i saol an cheoil ag casadh in éineacht leo, FYNCH agus BLÁNID, ar éirigh an-mhaith leo ag ‘Irish Music Week’ i mbliana. £15 atá ar na ticéid agus tá siad ar fáil anseo. 

SCÉALAÍOCHT

Oíche scéalaíochta AerachAiteachGaelach i Músaem Litríochta na hÉireann

Beidh oíche scéalaíochta Gaeilge ag AerachAiteachGaelach i Músaem Litríochta na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar an Luan, an 2 Nollaig ag a 7:00 i.n. Comharghrúpa ealaíne is ea AerachAiteachGaelach agus breis agus 110 ealaíontóir aiteach ann, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, taibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime.

Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Déanfar ceiliúradh ar ealaín agus ar ealaíontóirí an ghrúpa le bliain anuas ag an ócáid ag a mbeidh léamha filíochta, scéalaíocht, ceol agus fáiltiú fíona. Mar chuid den oíche freisin, seolfar An Gairdín, an chéad eagrán d’irisín AerachAiteachGaelach.

Ticéid ar €10 agus iad ar fáil anseo.

LEABHAIR

Súil siar ag Dave Duggan ar shaol an scríbhneora

Beidh an scríbhneoir Dave Duggan ag síniú cóipeanna dá leabhar nua Journey Work i Waterstones in Ionad siopadóireachta Foyleside i nDoire ar an Satharn, 30 Samhain ag a 2:00 i.n. Seoladh an leabhar ag ócáid dhátheangach i gCultúrlann Uí Chanáin i rith na seachtaine agus tá cóipeanna sínithe ar fáil ó Little Acorns Bookstore i nDoire ón ócáid sin. Tá trí aiste dhéag in Journey Work, a Creative Life ina mbreathnaíonn Duggan ar an saol cruthaitheach.

SEOLADH

Corpas náisiúnta na Gaeilge le seoladh

Seolfar Corpas.ie, Corpas Náisiúnta na Gaeilge, ag ócáid cheiliúrtha i Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath inniu, an Aoine, an 29 Samhain ag 4:30 i.n. Is í Úna Bhreathnach ó Fiontar Scoil na Gaeilge a bheidh ina cathaoirleach ag an ócáid agus ar na cainteoirí a bheidh ansin beidh an Dr Gearóidín Uí Laighléis, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, an Dr Michal Boleslav Měchura, an Dr Mícheál J Ó Meachair chomh maith le haíonna eile. Beidh an bunachar á sheoladh mar chuid de sheimineár oscailte ar an chorpas náisiúnta a bheidh ar bun ó 1:30 i.n. an lá céanna.

Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar '‘Saintí sa Bhaile’ i mBéal Feirste, margadh na Nollag i gCois Fharraige agus IMLÉ i Londain'