Saighdiúirí Déiseacha ag dul sa ghleo arís

Tá a gcion féin déanta ag Óglaigh na hÉireann ar son Chumann Lúthchleas Gael

Saighdiúirí Déiseacha ag dul sa ghleo arís

Foireann iomána na Gaillimhe in 1958. Ar chúl: Jim Fives, Mike Sweeney, Joe Young, PJ Lawless, Pat Joe Lally, Tommy Kelly, Pakie Burke. Chun tosaigh: Fintan Spillane, Joe Sammon, Jimmy Duggan, Seamus Cullinane, Tim Sweeney, Fergus Benson, Tom Conway, Billy O'Neill.

The 1st Infantry Battalion is minice a fheicim tugtha anois ar na saighdiúirí atá lonnaithe i nDún Uí Mhaoilíosa ar an Rinn Mhór i gCathair na Gaillimhe. An Chéad Chath Gaelach a bhí orthu i 1958 nuair a d’imir triúr d’oifigigh na beairice ar fhoireann iomána na Gaillimhe i gCluiche Ceannais na hÉireann – Jim Fives, Billy O’Neill agus Joe Young.

Oifigeach airm freisin ab ea captaen na foirne as Tiobraid Árann a bhí ina gcoinne – Tony Wall, ar bronnadh an gradam Iománaí na Bliana air agus an séasúr sin caite.

Dhá bhliain roimhe sin bhí O’Neill agus Young ag imirt le peileadóirí na Gaillimhe nuair a chroch siadsan Corn Mhig Uidhir leo agus oifigeach eile ón mbeairic, Jack Kissane, a chúnamh dóibh.

Rud coitianta go maith ag an am ab ea saighdiúirí go leor a bheith ar fhoirne contae. Tá a gcion féin déanta ag Óglaigh na hÉireann ar son Chumann Lúthchleas Gael ó bunaíodh iad ag tarraingt ar chéad bliain ó shin.

I dteannta Tony Wall chaith leithéidí Con Brosnan agus John Joe O’Reilly an éide freisin, ní áirím Dermot Earley agus a mhac atá ar an ainm céanna leis.

Cé gur dóigh nach bhfuil saighdiúirí chomh fairsing agus a bhí ar fhoirne contae sa lá atá inniu ann, féach go raibh ceathrar ar an bpáirc i gcluiche ceannais iomána na bliana seo caite – Patrick ‘Bonner’ Maher, Colin Fennelly, Paul Murphy agus Eoin Larkin.

An rud faoi leith a bhain le Fives, Young agus O’Neill nár Ghaillimhigh beag ná mór iad. Ba as Domhnach Cearna i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath do Joe Young agus imirt déanta d’iománaithe an chontae sin aige sular tháinig sé chun na Rinne Móire.

Ba as Carraig Tuathail ar imeall na cathrach i gCorcaigh do Billy O’Neill. Ní hamháin go raibh craobhacha peile agus iomána na gcoláistí buaite aige leis an Mainistir Thuaidh, ach ba é a bhí ina chaptaen ar fhoireann shóisir Chorcaí a bhuaigh ar Londain i gCluiche Ceannais na hÉireann 1950.

Ach, ar theacht go Gaillimh dó féin agus do Young, thug Billy O’Neill a dhílseacht don chontae sin mar a rinne Jim Fives.

I gcomhthéacs Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann Dé Domhnaigh seo chugainn is leis-sean a bhaineann an scéal is suimiúla ar fad.

Ba ar an Tuairín in aice le Ceapach Choinn a rugadh Fives. Bhí sé féin agus a cheathrar deartháireacha ar chnámh droma na foirne a bhuaigh Craobh Shinsir Phort Láirge do chumann na háite sin i 1950 nuair a sháraigh siad Cnoc Síon, a bhí ar thóir an tríú bua as a chéile agus a bhuaigh deich gcinn de na 11 craobh a imríodh ina dhiaidh sin.

Scéal mór de chuid Jim is ea go mbíodh cúig dhuine fichead acu in aon ghluaisteán amháin ag dul chun traenála an uair sin … ‘5 Fives,’ mar a deir sé!

Bhain Jim áit amach ar fhoireann an chontae an bhliain sin agus d’imir do Phort Láirge i gCraobh na Mumhan sna trí bliana a lean. Ach chuile bhliain acu chuir Tiobraid Árann deireadh le haistear craoibhe na nDéiseach.

Bhí cúpla bliain déanta ag Jim Fives sa gCéad Chath Gaelach faoin tráth sin agus i 1955 d’aistrigh sé a dhílseacht contae go Gaillimh.

Ní tharlódh a leithéid inniu, ach níor imir Jim aon chluiche craoibhe do Ghaillimh riamh gur tháinig Cluiche Ceannais na hÉireann, agus ba é sin an chéad chluiche craoibhe an séasúr sin ag an gcuid eile dá chomrádaithe freisin.

An chúis a bhí leis go mba i gcúigí na Mumhan agus Laighean amháin a bhí iomaíocht shinsearach ag an am. D’fhág sin nach raibh le himirt ach babhta leathcheannais amháin agus go dtugtaí áit i gCluiche Ceannais na hÉireann, ar a seal, do cheann de na craobhairí cúige nó do Ghaillimh.

Ba le Gaillimh an deis i 1955 ach, faoi mar a bheifeá ag súil leis, ba bheag a d’fheil an díomhaointeas iad agus bhuaigh Loch Garman orthu, mar a rinne siad arís i mbabhta leathcheannais an tséasúir dár gcionn.

I 1957 ba iad seanchomrádaithe Déiseacha Jim Fives a bhuaigh Craobh na Mumhan agus d’imir siad Gaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann – dhá chúl a scóráil Tom Cheasty agus ceann an duine a fuair John Kiely agus Larry Guinan a chniog fir an iarthair 4-12 : 0-11.

Bhí áit gan cur ina gcoinne arís ag Gaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann i 1958, Jim Fives i lár na líne leathchúil an babhta seo. Uair amháin eile ba léir meirg a bheith ar a gcuid iománaíochta agus bhuaigh Tiobraid Árann orthu.

Agus iad sa tóir ar bhealach a ghlanfadh an mheirg agus ag súil le lonracht, thoiligh Gaillimh dul isteach i gCúige Mumhan. Socrú tubaisteach ab ea é mar a tharla – níor bhuaigh siad ach aon choimhlint amháin le linn na 10 mbliana a chaitheadar ansiúd.

Bhí Billy O’Neill agus Joe Young éirithe as faoin tráth sin, ach bhí Fives i lár líne leathchúil na Gaillimhe nuair a d’imir siad a gcéad chluiche riamh i gCraobh Shinsearach Iomána na Mumhan – in aghaidh Phort Láirge ar Pháirc na nGael ar an 28 Meitheamh 1959, áit arbh é a sheanchomrádaí Tom Cheasty a bhí sé a mharcáil.

Ba é toradh an lae gur buaileadh greadadh chomh mór ar Ghaillimh agus a buaileadh roimhe ná ó shin, 7-11 – 0-8. Shocaigh Jim Fives na bróga agus an camán a chur ar an lota.

Ina dhiaidh sin ar ndóigh bhuaigh Port Láirge ar Thiobraid Árann agus ar Chorcaigh agus tar éis athimeartha thug siad Corn Mhic Cárthaigh leo den dara huair riamh agus don uair dheireanach nuair a bhuaigh siad ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Bhásaigh Billy O’Neill cúpla bliain ó shin, trócaire air, ach buíochas le Dia tá Joe Young agus Jim Fives beo, bríomhar i gcónaí – chomh díreach le slat ghunna, mar a bhíodar ar paráid i nDún Uí Mhaoilíosa agus i bPáirc an Chrócaigh os cionn trí scór bliain ó shin.

Áit do dheichniúr a deirtear liom – sin eile – atá sna carranna a iompraíonn na hiománaithe idirchontae as an Tuairín na laethanta seo. Shane agus Darragh Fives is ainm dóibh – beirt a bheidh ar dualgas do Phort Láirge i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo chugainn agus garnianna do Jim is ea iad.

Fág freagra ar 'Saighdiúirí Déiseacha ag dul sa ghleo arís'

  • Con

    Agus ca n-imigh ‘an chead chath Gaelach’? Bhfuil aon bhuion Ghaelach san Arm anois? Nach trua gear e sin!