Saighdiúir Briotanach ar bith eile le cúiseamh faoi Dhomhnach na Fola

Tá Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí an Tuaiscirt ag seasamh lena gcinneadh gan an dlí a chur ar 15 saighdiúirí de chuid arm na Breataine maidir lena ról in eachtraí Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972

Saighdiúir Briotanach ar bith eile le cúiseamh faoi Dhomhnach na Fola

Tá Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí (PPS) Thuaisceart Éireann ag seasamh lena gcinneadh gan cásanna a thabhairt in aghaidh 15 saighdiúirí de chuid arm na Breataine i dtaobh eachtraí Dhomhnach na Fola.

Chinn an PPS anuraidh gur iarshaighdiúir amháin de chuid arm na Breataine, Saighdiúir F, a bhí le cúiseamh as maruithe Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.

Maraíodh 13 saoránach i gcathair Dhoire ar an 30 Eanáir 1972 nuair a thosaigh saighdiúirí de chuid arm na Breataine ag scaoileadh  leis an slua a bhí bailithe sa chathair i ndiaidh mórshiúl ar son cearta sibhialta.

Fuair duine amháin eile bás ina dhiaidh sin de thoradh na ngortuithe a bhain dó.

D’fhógair Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí Thuaisceart Éireann a gcinneadh stairiúil anuraidh  i ndiaidh dóibh scagadh a dhéanamh ar fhianaise a bhain le 18 saighdiúirí, duine nach maireann ina measc, agus beirt bhall de chuid an IRA Oifigiúil a raibh amhras fúthu.

Chuir gaolta na marbh suas feachtas fada ar son an chirt agus lorg siad athbhreithniú ar an gcinneadh gan ach saighdiúir amháin a chúiseamh.

Agus toradh an athbhreithnithe sin á fhógairt inniu ag Leas-Stiúrthóir an PPS, Marianne O’Kane, dúirt sí nach raibh dóthain fianaise ann chun go mbeadh seans réasúnta ann go gciontófaí aon duine eile den 15 saighdiúirí.

Dúirt lucht dlí chuid de ghaolta na marbh gur “údar mór díomá” a bhí sa chinneadh.

Dúradh go rabhthas ag cuimhneamh ar athbhreithniú dlíthiúil a thionscnamh san Ard-Chúirt chun dúshlán thoradh an athbhreithnithe a thabhairt.

Tá ‘Saighdiúir F’ á chúiseamh as dúnmharú James Wray agus William McKinney agus as iarracht ar dhúnmharú i gcás Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon agus Patrick O’Donnell. Cinneadh mar chuid den athbhreithniú gan cur leis na cúiseanna sin.

Ghabh David Cameron leithscéal in 2010 as eachtraí Dhomhnach na Fola a bhí “gan údar agus do-chosanta”.

Bhí iar-phríomh-aire na Breataine ag labhairt i ndiaidh don Tiarna Saville torthaí a fhiosrúcháin faoin sléacht a fhoilsiú. Dúirt Saville gurbh iad saighdiúirí na Breataine a scaoil na chéad urchair in nDoire ar an 30 Eanáir 1972 agus go ndearna siad sin gan aon rabhadh a thabhairt.

Fuarthas go raibh an uile dhuine a maraíodh neamh-armtha agus gur ag teitheadh ó na saighdiúirí nó ag cabhrú le daoine a bhí gortaithe a bhí go leor de na daoine nuair a scaoileadh iad.

I measc na gcúiseanna a bhí á meá ag an tSeirbhís Ionchúiseamh bhí, dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú agus mórdhíobháil choirp a dhéanamh d’aon ghnó.

Fág freagra ar 'Saighdiúir Briotanach ar bith eile le cúiseamh faoi Dhomhnach na Fola'