Tá sagart nua á lorg ag muintir Thoraí i dTír Chonaill agus súil ag Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí, go mbeidh acmhainn ag an té a cheapfar sa phost ar an bhfarraige.
D’fhág an tAthair Ciarán an t-oileán cúpla seachtain ó shin i ndiaidh ceithre bliana a chaitheamh ann. Tháinig sé ‘ar cuairt’ chuig Toraigh ‘ar feadh cúpla lá’ ach d’fhan sé tréimhse i bhfad níos faide ar an oileán, áit ar fhoghlaim sé Gaeilge na háite agus ar thum sé é féin i saol an oileáin.
“Bhain muid an-sult as an Athair Ciarán, tháinig sé go Toraigh agus súil aige fanacht cúpla seachtain ach d’fhan sé ceithre bliana. Bhí sé an-mhaith faoi Nollaig, faoi Shamhain, faoi fhéile na Bliana Úire agus na féilte eile – féile na Maighdine Muire, Lá’l Pádraig agus an Cháisc. Sagart an-mhaith a bhí ann agus beidh muid an-bhrónach ina dhiaidh.
“Beidh sagart an pharóiste anois ag teacht, má bhíonn an aimsir fóirsteanach, ag tús mhí na Samhna le haifreann a rá, agus beidh sagairt eile ag teacht ag an deireadh seachtaine go dtí go bhfeicfimid an bhfuil sagart eile ar fáil. Beidh na sagairt Ó Baoill, Ó Gallchóir, Ó Fearraigh anseo ag deirí seachtaine difreáilte,” a dúirt an Rí.
Dúirt sé go raibh siad ag súil go mbeadh sagart ar fáil go luath a bheadh sásta a bheith ina chónaí san oileán agus go mbeadh an Ghaeilge ar a thoil ag an duine sin, nó é sásta í a fhoghlaim. De réir Dhaonáireamh 2011, tá 144 duine ina gcónaí san oileán Gaeltachta seo i bhfíor- iarthuaisceart na tíre. Tá canúint an oileáin beo i gcónaí agus difríochtaí idir í agus canúintí eile Thír Chonaill.
Síneann stair na Críostaíochta ar an oileán i bhfad siar go haimsir Cholm Cille a thóg mainistir ansin sa séú haois. Scrios saighdiúirí Shasana an mhainistir sa bhliain 1595 agus níl fágtha di anois ach cúpla foirgneamh – an cloigtheach ina measc.
Fág freagra ar 'Sagart nua ‘le hacmhainn farraige’ á lorg ag Rí Thoraí dá oileán'