Sagart ar a dtugtaí ‘slánaitheoir’ oileán Gaeltachta ainmnithe ina measc siúd faoina ndearnadh gearán maidir le mí-úsáid leanaí

Ar dhuine den chúigear déag Íosánach atá marbh a d'ainmnigh Ord na nÍosánach inniu, tá Diarmuid Ó Péicín, sagart faoina ndearnadh an clár faisnéise ‘Fear na nOileán’ faoina sheasamh ar son Oileán Thoraí agus oileáin eile

Sagart ar a dtugtaí ‘slánaitheoir’ oileán Gaeltachta ainmnithe ina measc siúd faoina ndearnadh gearán maidir le mí-úsáid leanaí

Tá sagart ar a dtugtaí ‘slánaitheoir’ Thoraí ainmnithe ar dhuine den chúigear déag Íosánach atá básaithe ach faoina bhfuil gearáin déanta maidir le mí-úsáid ghnéis.

Inniu a d’ainmnigh Ord na nÍosánach an cúigear déag Íosánach agus Diarmuid Ó Péicín ina measc. Rinne TG4 clár faisnéise, Fear na nOileán, faoi throid an tsagairt ar son phobal na n-oileán.

Dhá ghearán mí-úsáid ghnéis ar leanaí atá déanta ina leith. Tá gearán amháin déanta ag tríú páirtí faoi.

Baile Átha Cliathach ab ea an tAthair Ó Péicín a bhásaigh in 2008 in aois a 91 bliain. Chaith sé 40 bliain ag obair thar sáile, cuid de na blianta sin i Sasana ag múineadh agus ag obair le himircigh ón tír seo. Sa mbliain 1980 chuaigh sé go hoileán Thoraí i nDún na nGall ag foghlaim Gaeilge agus spreag an bhail a bhí ar an oileán é le feachtas a eagrú ionas nach dtarlódh an rud céanna do mhuintir Thoraí agus a tharla do na Blascaodaigh.

Thug sé an cás chomh fada le Parlaimint na hEorpa agus cuirtear síos ar a ról sa bhfeachtas sin sa gclár faisnéise a rinne TG4 Fear na nOileán agus sa leabhar a scríobh sé féin Islanders : the true story of one man’s fight to save a way of life.

Ar dhuine díobh siúd a ghlac páirt sa gclár sin bhí a chara, Ian Paisley, iarcheannaire an DUP, a mhol a ndearna an sagart ar son phobal na n-oileán agus as “tine nach múchfar go deo” a lasadh.

Sa mbliain 1984, labhair Taoiseach an ama, Cathal Ó hEochaidh ar son an Phéicínigh nuair a d’ordaigh Easpag Ráth Bhoth don sagart Toraigh a fhágáil mar go raibh sé ag cothú “deighilt” sa bpobal.

Is iad an ceathrar déag Íosánach eile atá ar an liosta i dteannta an Athar Ó Péicín (1916-2008): Shaun Curran (1924-1999); Brendan Kearney (1935-2014); John T Kelly (1906-1977); Patrick Kelly (1920-2012); Kevin Laheen (1919-2019); Henry (Harry) Lawlor (1911-1989); John A (Jack) Leonard (1912-1992); Finbarr Lynch (1933-2022); Michael McGrath (1910-1989); Oliver Joseph O’Brien (1920-1994); Edward O’Sullivan (1920-1996); James Stephenson (1906-1979). agus an Bráthair Douglas A Pill (1918-2003).

Anuraidh a bhunaigh Ord na nÍosánach in Éirinn Grúpa Oibre Neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar chomhaid a bhain le hÍosánaigh a bhí ar shlí na fírinne. Bunaíodh an grúpa sin mar gur foilsíodh cuntais faoin Athair Joseph Marmion a bhain le mí-úsáid ghnéis ar leanaí agus mí-iompar eile.

Ghlac an tOrd leis go ndearnadh botúin agus gabhadh leithscéal.

Dúradh go raibh an chuma air go mba thábhachtaí scannal poiblí a sheachaint agus cáil ord na nÍosánach agus a chuid institiúidí a chosaint.

Glacadh leis freisin gur tugadh tús áite do cheart an Íosánaigh a dhea-cháil a choinneáil seachas leas na leanaí, ó thaobh cosaint agus cúnamh a thabhairt dóibh.

Fág freagra ar 'Sagart ar a dtugtaí ‘slánaitheoir’ oileán Gaeltachta ainmnithe ina measc siúd faoina ndearnadh gearán maidir le mí-úsáid leanaí'