Sacha Baron Cohen ar a chompord i ndomhan diamhair na spiaireachta

Sraith thathagach í ‘The Spy’ seo a dhéanann iarracht fhónta fuadar na spiaireachta a shníomh le cíoradh ar charachtar corr cráite

Sacha Baron Cohen ar a chompord i ndomhan diamhair na spiaireachta

Beidh mearbhall ar an té a fhéachfaidh ar an réamhbhlaiseadh den tsraith The Spy ar Netflix gan aon eolas acu ar ábhar na sraithe. Cífidh siad Sacha Baron Cohen agus beidh siad ag fanacht is ag fanacht don ráiteas grinn, an tslais thíriúil, an amadántaíocht agus an cur i gcéill.

Beidh fanacht orthu óir go bhfuil droim láimhe tugtha ag Cohen d’alfraitsíocht leithéidí Borat is Ali G le tabhairt faoi shaothar i bhfad níos sollúnta agus carachtar níos téagartha.

Ba ghníomhaire de chuid Mossad é Eli Cohen (níl aon ghaol ann) a chaith cúpla bliain ag obair faoi cheilt sa tSiria faoin ainm bréige Kamel Amin Thaabet. É ag ligint ar féin gur fear gnó rathúil ón Airgintín ó dhúchas é a bhí tiomanta d’fhorás fhód dúchais a mhuintire. Éiríonn leis dul i gcion ar phiardaí na bunaíochta agus an airm agus cad é eolas a sheoladh ar ais go rúnda go hIosrael.

I dtús na sraithe címid go bhfuil Cohen gafa ag fórsaí na Siria i 1965 agus tugtar sciuird thapaidh ar Pháras, Tel Aviv agus Damascus le cur ina luí orainn go bhfuil eachtra thromchúiseach tar éis tarlú. Is léir go bhfuil port fhear an chroiméil seinnte. 

De gheit déantar sin a theilgean siar sé bliana mar a bhfuil an fear céanna ag treabhadh leis mar chuntasóir. Éan corr é nach bhfuil ar a chompord i gcomhluadar. Caitear cuid mhaith de chéad chlár na sraithe ag léiriú conas mar a dhéanann Mosad é a earcú agus a thraenáil. Seoltar chun na hAirgintíne é lena chúlra bréagach a neartú agus as sin tugann sé faoin turas achrannach dainséarach chuig an tSiria.


 

Cuirtear abhaile orainn i rith an ama gur duine seiftiúil, cumasach, meabhrach é Cohen. É díograiseach agus scamhadh chun oibre air. B’fhéidir go bhfuil an iomad cíocrais air agus is é seo chuireann eagla ar a shaoiste Dan Peleg (Noah Emmerich), fear atá céasta ag brúidiúlacht na hoibre seo. Carachtar an-suimiúil é Emmerich a éiríonn gafa le bean Cohen agus déantar a snáithe scéil siúd a láimhseáil go tomhaiste.

Go deimhin tá an tsraith ar fad tomhaiste go maith agus ábhar machnaimh go leor ann. Léirítear Cohen mar dhuine atá gafa lena chuid oibre ach a airíonn uaidh a bhean is a chlann. Lena chois sin cuirtear ina luí orainn go bhfuil sé ag éirí an-tógtha leis an bpearsa rathúil seo agus an saol sócúil atá á chaitheamh aige. Tá sé breá in ann cluain a chur ar dhaoine anois agus tá an míchompord sóisialta imithe le sruth. An é go bhfuil sé níos mó ar a chompord sa saol bréagach seo ná mar atá ina fhíorshaol? Tá Cohen le moladh go mór as dul go smior an charachtair agus tá súil agam go gcífear i róil thoirtiúla eile é amach anseo.

Tá nithe áirithe den chúram liobarnach agus seanchaite. Ní chuirfeadh an radharc ina bhfuil Cohen ag dreapadh ar dhíon tí ina chasóg dhinnéir le héalú isteach in oifig aon ní i gcuimhne duit ach rud as gníomhartha buile Bond. Ós ag caint ar Bond mé baineann an tsraith súp as giuirléidí suaithinseacha spiaireachta na linne a chur os ár gcomhair mar aon leis na slite glice, seiftiúla a ceapadh leis an eolas a chur ar ais go hIosrael.

Sraith thathagach í seo a dhéanann iarracht fhónta fuadar na spiaireachta a shníomh le cíoradh ar charachtar corr cráite.

Fág freagra ar 'Sacha Baron Cohen ar a chompord i ndomhan diamhair na spiaireachta'