Tá cúrsaí ciúin ar na páirceanna go fóill agus sinn ag súil go mór le tús na gcluichí sula fada.
Agus mé ag féachaint ar an eagrán iontach de Laochra Gael a bhí ar an scáileán coicíos ó shin faoi Briege Corkery bhíos an-tógtha leis an méid uair a luadh ainm Éamonn Ryan. Bhí an-tionchar ar Ryan ar shaol spórt mórán bean agus fear i gCorcaigh ar feadh blianta fada.
Dar ndóigh tá an Rianach imithe ar shlí na fírinne. Bhí mórán sna meáin faoi nuair a cailleadh é cúpla mí ó shin. Bhí mo cholún féin do Tuairisc.ie ar tí a fhoilsithe nuair a chuala an scéal faoi bhás an Rianaigh ach bhí deis agam cúpla abairt a chur ag bun an ailt faoi. Níor leor in aon chor cúpla abairt chun ómós ceart a thabhairt don fhear uasal sin.
Bhuaileas le hÉamonn i 1967 nuair a bhí seisean ina mhúinteoir i gColáiste na Mumhan Béal Átha an Ghaorthaidh agus mise i mo scoláire a bhí díreach i ndiaidh an scoil náisiúnta a chríochú. Bhí seisean ag imirt le peileadóirí Chorcaí ag an am agus iad cáilithe do chluiche leathcheannais na hÉireann a bhí ar siúl mar ba ghnáth i mí Lúnasa, fad is a bhíos sa Ghaeltacht. Is dócha gurbh é sin an chéad uair i mo shaol gur bhuaileas le himreoir sinsir idirchontae beo os mo chomhair amach (agus é sásta labhairt liom).
Is cuimhin liom go maith é ag taisteal go Corcaigh ar an Satharn chun dul ar an traein go Baile Átha Cliath don chluiche agus é buacach nuair a d’fhill sé ar an seomra ranga ar an Luan. (Agus é fós sásta labhairt liom!)
Ba 1974 an chéad uair eile a chasas leis agus eisean ag imirt iománaíochta lena chlub Cnocán na Biolraí agus mise le mo chlub baile Achadh Bolg i gcluiche leathcheannais sóisir an chontae, cluiche a chailleamar.
Is cuimhin liom an dreas cainte fada a bhí agam leis i ndiaidh an cluiche. Ní raibh mórán ábhair eile ina cheann ag an am (ná riamh ó shin) ach peil agus iomáint.
Ansin i 1981 bhí Éamonn ina bhainisteoir ar pheileadóirí sinsir an chontae agus mise ar an bpainéal. Mar a scríobh mé cheana anseo, caitheadh le peileadóirí an chontae ag an am mar a bheadh saoránaigh den dara grád ann. Ach rinne Éamonn gach a raibh ar a chumas chun sinn a chur ar aon dul leis na hiománaithe. Bhí sé sin an-dian air ach mar a léirigh sé go mion minic ina dhiaidh sin, rinne sé a obair go ciúin béasach agus i gcónaí bhí leas agus cearta na n-imreoirí mar phríomhphrionsabal aige.
Cúpla bliain ina dhiaidh sin bhíos ina chomhluadar go minic mar bhall den choiste a bhí sa chúige ag cur struchtúr cóitseála i dtoll a chéile. Chuaigh se i bhfeidhm go mór orm arís lena shuim dhomhain sa chóitseáil agus i gconas an traenáil a dhéanamh suimiúil agus taitneamhach.
Nach aige a bhí an churiarracht ina dhiaidh sin le mná an chontae agus iad ag buachaint deich gcraobh shinsir na hÉireann in aon séasúir déag. Caith isteach naoi gcinn de chraobhacha sraithe agus deich gcraobh na Mumhan agus tuigfidh tú cad a bhain Éamonn agus a mheitheal ban amach.
Ach, mar a léamar ó dhuine i ndiaidh duine sna meáin i ndiaidh a bháis, ba de bharr a dhea-thréithe mar dhuine agus mar chara a bhí an meas is mó air.
Bhí sé deas, cairdiúil, uasal, greannmhar is cúthaileach go leor nuair a labhair sé le buachaill óg i mBéal Átha an Ghaorthaidh i 1967 agus de réir gach tuairisce níor athraigh sé mórán riamh.
Agus sea bhí an greann go domhain ann. Mar a dúirt Briege sa chlár Laochra Gael agus í ag tagairt d’Éamonn agus é ag caint leo i ndiaidh dóibh a gcéad chraobh na hÉireann a bhuachan. Chaithfí cúpla craobh eile a bhuachaint, a dúirt sé.
Dúirt sé leo smacht a choimeád orthu féinig agus mhol sé dóibh teacht ar ais i ndiaidh na Nollag le cloigne agus tóineanna beaga.
Suaimhneas síoraí dó.
Fág freagra ar 'Sa seomra ranga fadó a bhuail mé den chéad uair le duine de na laochra Gael'