Rún salach na déiríochta nochta ag RTÉ

Mí-úsáid na ngamhna sa tionscal déiríochta a bhí idir chamáin i gclár iniúchta críochnúil eile ó RTÉ

Rún salach na déiríochta nochta ag RTÉ

Arís eile tá saothar de chuid RTÉ Investigates (Dairy’s Dirty Secret, RTÉ 1, Dé Luain) tar éis creathadh a bhaint as an lucht féachana. An uair seo sí mí-úsáid na ngamhna sa tionscal déiríochta atá idir chamáin. Tháinig deireadh le córas na gcuótaí bainne in 2015 agus ní nach ionadh mhéadaigh an tionscal go mór. Dúirt Pat McCormack, Uachtarán an ICMSA, linn i gclár an Luain gur ghabh an Tíogar Ceilteach thar an earnáil gan aon tairbhe agus gurbh é cinneadh 2015 a chuir tíogar na déiríochta ar a bhonnaibh.

Chaith feirmeoirí tuairim is €1.4billiún is iad i mbun forbartha le táirgeacht a mhéadú 68%. Na ba anois ag tál naoi mbilliún lítear bainne; “liquid gold” a sholáthraíonn 10% de bhainne foirmle an domhain. Is scéal iontach é ó thaobh na heacnamaíochta é. Sin cuid den fhadhb, bíonn iarmhairtí le feirmeoireacht thionsclaíoch.

An breac, nó tarbh, sa bhainne ná na gamhna fireanna. Is iad seo “rún salach” na hearnála, fotháirge na déiríochta ná feadar éinne cad ba cheart a dhéanamh leis. Saolaítear tuairim is 1.5 milliún gach bliain agus is gamhna fireanna a leath acu. An fhadhb ná ní thálann na gamhna seo bainne agus mar gur de phór déiríochta iad níl siad oiriúnach chun feola. Rogha an dá dhíogha. Is as seo an thagann ceithre théama an chláir. An chéad cheann acu sein ná an cleachtas na gamhna seo a mharú, réimse dorcha éiginnte ó thaobh an dlí.

An téama eile ná na mílte gamhna a sheoltar thar lear le freastal ar an margadh laofheola; tarraingíonn an easpórtáil bheo seo a thuilleadh cáinte, go mórmhór nuair nach gcloítear le rialacháin iompair. Ansin ansin tá an drochíde a thugtar do ghamhna ar mharglanna na tíre. Déantar na téamaí seo a chíoradh go críochnúil agus ba léir go raibh obair na gcapall ag baint leis an bhfaireachas agus iniúchadh ar fad.

Bhí na míreanna a deineadh a thaifeadadh go rúnda suaite go maith agus ní haon iontas go bhfuil déistin agus an ghoimh ar dhaoine. Níor chuir na cloigne cainte fiacail ann is a dtuairimí á dtabhairt acu. Ina measc siúd Pat McCormack ón ICMSA, Pat Dillon ó Theagasc agus Ray Doyle ó Chumann Comnar Eagraíochtaí na hÉireann; dream atá sáite san earnáil.

An téama ba shuimiúla dom, agus an ceann is casta, ná conas teacht roimh an bhfadhb seo. Do labhair muintir Hynes, feirmeoirí ó chontae Chorcaí, faoin úsáid a bhaineann siad as síol a ghineann gamhna baineanna agus luadh póir atá oirúnach chun feola agus chun bainne. Theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint faoi seo.

Scéal thairis é seo do dhaoine áirithe, lucht veigeáin ach go háirithe, mar go bhfuil siad den tuairim go bhfuil an earnáil seo mímhorálta ó bhun go barr agus nach bhfuil sa chlár seo ach fianaise bhreise ar ghnéithe áirithe den mhímhoráltacht sin. Lena chois sin ar fad tá cúrsaí timpeallachta; truailliú agus astaíochtaí meatáin. Caithfear athrú, ach conas? Ansan áfach, tagaimid ar ais chuig cúrsaí eacnamaíochta arís. Saothar breá eile ó cheárta iniúchta RTÉ.

Fág freagra ar 'Rún salach na déiríochta nochta ag RTÉ'