Rún daingean ag mná Sleacht Néill a n-ainm a chur sa Táin le bua eile

Ní neart go cur le chéile mana an chlub seo agus is léir gur fíor an seanfhocal ina gcás féin

Rún daingean ag mná  Sleacht Néill a n-ainm a chur sa Táin le bua eile

Imreoirí Shleacht Néill ag ceiliúradh a mbua in 2018. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

An bhfuil aon chlub sa tír chomh maith le Cumann Roibeard Eiméid, Sleacht Néill i láthair na huaire? 

Is cumann fíorbheag é Sleacht Néill, atá suite ag bun Shliabh Speirín i ndeisceart chontae Dhoire agus gan ach tuairim is 300 teaghlach ag maireachtaint sa pharóiste.

Tá mórán scríofa fúthu le tamall agus faoin spiorad iontach atá sa pharóiste agus sa chumann.‘Ní neart go cur le chéile’ mana an chlub seo agus is léir gur fíor an seanfhocal ina gcás féin. Tabhair sracfhéachaint ar a bhfuil buaite acu ó 2013: sé chraobh iomána an chontae i ndiaidh a chéile, dhá chraobh Uladh agus ceithre chraobh an chontae agus trí chraobh an chúige sa pheil. Ach ba iad na mná a bhain mullach an chnoic amach agus iad ina seaimpíní ar Éirinn le dhá bhliain.

Amárach beidh siad ar ais san ardchathair i bPáirc an Chrócaigh agus iad ag súil le corn Bill agus Agnes Carroll a bhuachan arís. 

Anuraidh bhuadar ar Sháirséalaigh na Gaillimhe agus imreoir as Uíbh Fhailí, Tina Hannon an réalta a bhí ag mná Dhoire an lá sin. Ba iad na Sáirséalaigh a chloígh siad an bhliain roimhe sin freisin, an chéad uair ag Sleacht Néill a n-ainm a chur ar an gcorn. Ag an ócáid stairiúil sin in 2017 bhí chuid maith cainte faoi chomhbhainisteoir na foirne Thomas Cassidy a bhásaigh  roimh athimirt chluiche ceannais Uladh. Bhí an fear uasal sin ina cheannródaí ar fhorbairt na camógaíochta sa chlub agus bhí  triúr iníonacha leis, Aoife, Bróna agus Eilís ar an bhfoireann bhuacach an lá sin. 

Bhí an triúr Casaideach agus formhór a gcomhimreoirí ar an bhfoireann a chroch leo bonn náisiúnta eile anuraidh.

Amárach rachaidh formhór na n-imreoirí céanna chun catha arís ar son a bparóiste bhig in Ulaidh agus rún daingean acu a n-ainm a chur sa Táin le bua eile.

Sa chluiche leathcheannais i gcoinne Ard Raithin na Gaillimhe tuairim is mí ó shin bhí Shannon Graham, Tina Hannon, Siobhán Bradley agus Louise Dougan ar fheabhas ar fad. Ní haon bhréag a rá go bhfuil an mianach, an spiorad, an cairdeas, an scil, an luas agus an neart sa ghrúpa fíorspeisialta seo agus beidh sé thar a bheith deacair iad a chloí.

Agus cé go bhfuil cúrsaí camógaíochta i Loch Garman in umar na haimléise i láthair na huaire is é cumann Naomh Mairtín ón gcontae sin a bheidh i gcoinne Shleacht Néill amárach. JJ Doyle an bainisteoir atá ag na Carmannaigh agus ní haon dóithín iad agus an seanfhondúir Mags D’Arcy sa chúl agus leithéidí Chloe Foxe, Linda Bolger agus Noeleen Lambert ar an bhfoireann acu. Beidh fíorchoimhlint againn sa chluiche ceannais seo.

Déarfainn go seasfaidh an taithí atá ag mná Dhoire dóibh agus is mairg a déarfadh nach iad a bheidh ina mbanríona camógaíochta ar an tír arís tráthnóna amárach. 

Amárach chomh maith, beidh trí cinn de mhórchoimhlintí na hiomána againn i sraith Allianz Roinn 1A. Beidh Corcaigh agus Tiobraid Árann ag féachaint a chéile i nDurlas Éile, Loch Garman agus Cill Chainnigh i Loch Garman agus contae an Chláir agus Luimneach i bPáirc Uí Chíosóig in Inis.

Gan dabht ní bheidh aon cheann de na contaetha sin sásta aon údar maíte a thabhairt dá gcomharsana. Ach mar sin féin, ní bheidh aon fhoireann acu sásta a lámh a thaispeáint roimh choimhlintí móra chomórtas na craoibhe.

Tríd is tríd tá cluichí maithe feicthe againn go dtí seo i mbliana. De bharr nach bhfuil aon dícháiliú i gceist, tá bainisteoirí sásta imreoirí éagsúla a thriail i ngach cluiche. Ciallaíonn san gur cheart go mbeadh na bainisteoirí cinnte go leor dá bpainéal roimh an gcéad chluiche sa chraobh.

Tá mórán iomána le himirt fós agus duaiseanna go leor le saothrú amach anseo. 

Fág freagra ar 'Rún daingean ag mná Sleacht Néill a n-ainm a chur sa Táin le bua eile'