Rún aireacht na Gaeltachta le nochtadh agus 17 aire stáit le ceapadh

Fógrófar inniu an chuid eile de na hairí stáit nua agus lucht na teanga ag súil go bhfuil an feitheamh fada ar aire sinsearach don Ghaeltacht thart

Rún aireacht na Gaeltachta le nochtadh agus 17 aire stáit le ceapadh

Bhí lucht na teanga fós ag fanacht ar scéala aréir faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh aire sinsearach ag an nGaeltacht den chéad uair ó 2011.

Meastar go ndéanfar cinneadh inniu faoin 17 aire stáit nua atá fós le ceapadh agus is nuair a fhógrófar na ceapacháin sin, inniu nó amárach, a bheidh a fhios faoi dheireadh an bhfuil an feitheamh fada ar aire sinsearach don Ghaeltacht thart.

Tuairiscítear nach raibh an liosta deireanach aontaithe ag ceannairí na dtrí pháirtí aréir, ach bhíothas ag súil go mbeadh a leithéid réidh le faomhadh in am do chruinniú rialtais an lae inniu.

Tá seans maith fós ann go ndéanfadh an t-aire nua a bhfuil an Ghaeltacht ina roinn, Catherine Martin, an cúram sin a tharraingt chuici féin, cé gur ag neartú i gcónaí atá an tuairimíocht go mbeidh aire sóisearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge ó lá go lá.

Dúirt urlabhraí ón gComhaontas Glas le Tuairisc.ie tráthnóna inné gur “faoin Taoiseach amháin” atá sé cinneadh a dhéanamh an gceapfar aire stáit don Ghaeltacht.

Thug an t-urlabhraí le fios nach mbeadh a fhios ag Catherine Martin féin ná a páirtí go dtí inniu, cé acu an mbeadh aire stáit Gaeltachta ann nó an bhfanfadh an cúram leis an Aire nua Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta.

Is é an Taoiseach a roghnaíonn na hairí stáit ach tuigtear, de réir an mhargaidh chomhrialtais, go mbeidh seacht gcinn ag Fianna Fáil, seacht gcinn ag Fine Gael agus trí cinn ag an gComhaontas Glas. Tá an triúr airí stáit a mbeidh cead acu freastal ar chruinnithe rialtais fógartha cheana féin.

Tuigtear go bhfuil dáileadh na n-aireachtaí pléite go mion ag na páirtithe agus an Rialtas nua ag iarraidh conspóid eile faoi easpa cothromaíochta ó thaobh tíreolaíochta nó inscne a sheachaint.

Tá roinnt Teachtaí Dála á lua mar aire stáit Gaeltachta, ina measc Thomas Byrne agus Dara Calleary ó Fhianna Fáil agus Joe McHugh agus Brendan Griffin ó Fhine Gael.

Cé gur beag duine nach n-aontódh gurb é an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an té is fearr sa Dáil a bhfuil tuiscint aige ar obair Roinn na Gaeltachta, tá easaontas le tamall idir é féin agus an Taoiseach nua, Micheál Martin, faoin treo a bhfuil Fianna Fáil ag dul agus b’údar iontais a bheadh ann dá dtairgfí aireacht stáit dó.

Bíodh aire stáit ag an nGaeltacht nó ná bíodh, tá dornán beag Teachtaí Dála eile a bhfuil Gaeilge acu á lua le hardú céime inniu.

Cé a bheidh freagrach as cúram na Gaeltachta sa Rialtas nua?

Ina measc siúd tá Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas, Jim O’Callaghan agus Cathal Crowe ó Fhianna Fáil agus Patrick O’Donavan ó Fhine Gael.

Meastar go leagfar béim mhór sna ceapacháin ar chúrsaí tíreolaíochta i bhfianaise na conspóide faoi Dhara Calleary a bheith fágtha i dtaobh leis an bpríomh-aoireacht agus gan aon aire sinsearach as iarthar na tíre a bheith ann.

Fiú sa chás go gceapfaí aire stáit don Ghaeltacht, meastar go mbeadh sé i gceist ag Catherine Martin ról níos feiceálaí a beith aici ó thaobh na Gaeltachta ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí Josepha Madigan. Níor bhac Madigan le cúram na Gaeltachta in aon chor a luaithe is a bhí sé tarmligthe aici don iar-aire stáit Seán Kyne.

Cé gur dócha go bhfáilteodh lucht na teanga roimh aire sinsearach a bheadh níos feiceálaí, b’údar díomá a bheadh ann do leithéidí Chonradh na Gaeilge mura ngéillfí dá n-éileamh seasta go mbeadh freagracht na Gaeltachta ar aire sinsearach.

Tá an chluas bhodhar á tabhairt don éileamh sin anois le nach mór deich mbliana anuas.

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011.

Dúirt Dinny McGinley, iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael, le Tuairisc.ie le déanaí go mbeadh sé ina chúnamh mór do chás na Gaeilge dá gceapfaí sa chéad rialtas eile aire sinsearach a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ní raibh a leithéid d’aire ann ó bhí Pat Carey ina aire Gaeltachta ag Fianna Fáil roimh thoghchán 2011.

Ó shin i leith, cheap Fine Gael triúr airí sóisearacha chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Dinny McGinley, Joe McHugh agus Seán Kyne.

Bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.

Fág freagra ar 'Rún aireacht na Gaeltachta le nochtadh agus 17 aire stáit le ceapadh'