‘Leanfaidh mé le foghlaim na Gaeilge agus mé i mo Thaoiseach’ – Varadkar

Leanfadh Leo Varadkar ag déanamh cúrsaí Gaeilge agus é in oifig an Taoisigh. Deir sé chomh maith go bhfuil sé ag súil go mbeidh maoiniú breise ar fáil don Ghaeilge

‘Leanfaidh mé le foghlaim na Gaeilge agus mé i mo Thaoiseach’ – Varadkar

Pictiúr: RollingNews.ie

Dúirt ceannaire nua Fhine Gael, a thoghfar mar Thaoiseach inniu, le Tuairisc.ie go raibh sé an-sásta leis an dul chun cinn a rinne sé le linn an chúrsa Gaeilge a chríochnaigh sé le déanaí agus go bhfuil sé i gceist aige cúrsa eile a dhéanamh.

“Bhain mé taitneamh as an gcúrsa agus chuir sé go mór le mo mhuinín. Tá rún agam coinneáil leis,” a dúirt ceannaire Fhine Gael.

Chríochnaigh Varadkar le déanaí Leibhéal 4 den chúrsa a chuireann Gaelchultúr ar fáil d’fhostaithe san earnáil phoiblí.

Chun dul ar aghaidh go dtí Leibhéal 5 den chúrsa céanna, ní mór do dhuine marc 70% nó os a chionn a fháil ag Leibhéal 4.

Tuigtear gur chaith ceannaire nua Fhine Gael an-dua leis an gcúrsa a chríochnaigh sé an mhí seo caite agus meastar go ndearna sé an-dul chun cinn lena linn.

Tá geallta ag Varadkar go n-úsáidfeadh sé an Ghaeilge gach lá mar Thaoiseach.

Maidir le hinfheistíocht bhreise a dhéanamh i réimse na Gaeilge agus na Gaeltachta, dúirt ceannaire Fhine Gael le linn thoghchán ceannaireachta an pháirtí gur thuig sé “an tábhacht atá le hacmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise [20 bliain don Ghaeilge] a bhaint amach”.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie de cén fáth nach raibh geallúint shonrach tugtha aige faoi chaiteachas ar chúrsaí Gaeilge, mar a rinne sé sa mhír ina cháipéis pholasaí a bhaineann le cúrsaí ealaíon, cultúir agus spóirt.

“Cé nach bhfuil aon choimitmint shonrach tugtha agam, táim ag súil go dtiocfaidh ardú ar an maoiniú [don Ghaeilge] chun an Straitéis [20 Bliain don Ghaeilge] a chur i bhfeidhm,” a dúirt Varadkar le Tuairisc.ie.

Dúirt ceannaire Fhine Gael go raibh “sé chomh tábhachtach céanna” a chinntiú go gcaithfí an maoiniú atá ar fáil don Ghaeilge ar bhealach a chinnteodh go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí agus go mbainfí spriocanna amach.

Fág freagra ar '‘Leanfaidh mé le foghlaim na Gaeilge agus mé i mo Thaoiseach’ – Varadkar'

  • Pól Réamonn

    @Cé nach bhfuil aon choimitmint shonrach tugtha agam,

    Níl iontas orainn roimh seo.