Rún á chur os comhair an tSeanaid inniu go n-aithneodh an Rialtas ‘géarchéim’ na Gaeltachta

Tá rún uileghabhálach faoi chás na teanga le cur os comhair an tSeanaid inniu ina bhfuil moltaí faoi sheirbhísí Gaeilge, faoi chúrsaí oideachais agus faoi Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta

Rún á chur os comhair an tSeanaid inniu go n-aithneodh an Rialtas ‘géarchéim’ na Gaeltachta

An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh

Tá rún á chur os comhair an tSeanaid inniu a mholann go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh Stáit a bhíonn lonnaithe sa Ghaeltacht nó i mbun soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta.

Moltar sa rún chomh maith go n-aithneodh an Rialtas “an ghéarchéim atá sa Ghaeltacht, ó thaobh mheath na Gaeilge agus bánú pobail”.

Deirtear sa rún go bhfuil sé “riachtanach” go dtabharfaí faoi “fheachtas tarrthála” a bheadh bunaithe “ar an obair atá ar siúl” ag pobal na Gaeltachta agus go mbeadh “tacaíocht iomlán” ar fáil aige ó “gach roinn stáit”.

Is é an Seanadóir neamhspleách as Gaeltacht Chonamara Pádraig Ó Céidigh a chuir an rún chun tosaigh agus tacaíocht aige ó 15 seanadóir eile, idir sheanadóirí neamhspleácha, sheanadóir de chuid Fhianna Fáil  agus Sheanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre.

Moltar chomh maith go mbeadh “soláthar na seirbhísí stáit inár dteanga dhúchais ag teacht leis an stádas a bhronntar uirthi i mBunreacht na hÉireann”, go mbeadh an soláthar sin bunaithe ar chaighdeáin agus go mbunófaí córas earcaíochta don tseirbhís phoiblí lena chinntiú go bhféadfaí na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm.

Tagraíonn an rún chomh maith do chúrsaí oideachais agus moltar “beartas Stáit” a thabhairt isteach “a aithníonn ceart tuismitheoirí go bhfaigheadh a gcuid páistí oideachas trí Ghaeilge nuair is é sin a mian”. Moltar go gcinnteofaí go mbeadh dóthain múinteoirí Gaeilge ann agus go mbunófaí cúrsa oiliúna lánaimseartha chun oiliúint a chur ar dhaoine maidir le teagasc trí Ghaeilge.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, moltar sa rún go mbeadh an maoiniú a fhaigheann na heagraíochtaí sin ar comhchéim
leis an maoiniú a fhaigheann na hinstitiúidí stáit eile atá ag plé leis na réimsí céanna forbartha.

Luaitear an IDA i gcás an Údaráis agus An Chomhairle Ealaíon i gcás Fhoras na Gaeilge.

Moltar chomh maith go gcuirfí struchtúr nua faoin bhForas. Caithfear é seo a dhéanamh, a deirtear, mar gheall ar “na deacrachtaí leis an bhFeidhmeannas ó thuaidh” agus “an bac atá sé seo a chur ar fhorbairt an Fhorais agus na Gaeilge”. Deirtear go bhfuil gá leis an struchtúr nua don Fhoras chun nach mbeadh an Ghaeilge thíos leis “na laincisí” atá ar an eagraíocht faoi láthair.

Moltar go dtabharfadh  Seanad Éireann dá aire tacaíocht an Taoisigh agus an Rialtais do Bhliain na Gaeilge 2018 ach go n-aithneofaí chomh maith “go bhfuil go leor oibre fós le déanamh” chun cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta “a chinntiú”.

Fág freagra ar 'Rún á chur os comhair an tSeanaid inniu go n-aithneodh an Rialtas ‘géarchéim’ na Gaeltachta'