RUGBAÍ: Anois nó riamh é ag na cúigí san URC

Anois nó riamh ag na Muimhnigh in aghaidh na Bulls, na Connachtaigh in aghaidh na Laighneach agus na hUltaigh san Afraic Theas in aghaidh na Leon

RUGBAÍ: Anois nó riamh é ag na cúigí san URC

Cuirfidh na Connachtaigh chun páirce ar an mBóthar Beag arís anocht den dara huair agus an dara deireadh seachtaine as a chéile agus a n-eireaball go hard san aer de bharr bua Bhabhta 4 i gcoinne na Muimhneach. Fós féin, in ainneoin an bhua sin, caithfidh siad a admháil nach raibh a gcur chuige le linn ochtó nóiméad thar mholadh beirte agus go raibh siad in iomaíocht i gcoinne foirne a bhí ag imirt i bhfad faoi chaighdeán traidisiúnta na Mumhan. Is maith is eol d’Andy Friend go bhfuil tástáil de chineál eile roimh a fhoireann anocht agus iarchuraidh an chomórtais, Cúige Laighean, ag taisteal go Gaillimh. Caithfidh imirt fhir an iarthair a bheith i bhfad níos eagraithe agus níos snasta ná mar a chonaic muid uathu sa gceithre chluiche go dtí seo.

Tá bearna ollmhór idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean ar thábla an chomórtais, mar a bhfuil foireann Átha Cliath ar a bharr, trí áit déag níos airde agus cúig phointe dhéag níos fearr ná foireann an iarthair. Is deacair dúshlán níos mó ná cluiche na hoíche anocht a shamhlú do na Connachtaigh go háirithe agus Jack Carty, captaen na foirne, fós ag filleadh ó tréimhse gortaithe. Maidir le Cúige Laighean ní shásóidh tada eile seachas bua le ceithre úd nó níos mó iadsan. Is deacair toradh ar bith seachas an bua sin a thuar dóibh roimh thús an chluiche seo, cé nach mbeinn cinnte faoin bpointe bónais.

Tabharfaidh Cúige Uladh faoi na Lions i Johannesburg amárach, áit nach mbíonn sé éasca ariamh ag foirne ón limistéar seo de bharr a bheith ag imirt chomh hard sin os cionn leibhéal na farraige. Tá trí áit agus trí phointe idir na foirne seo ar chlár an tábla. Tá Cúige Uladh sa dara háit, ainneoin go bhfuil trí bhua agus cluiche amháin caillte ag an dá fhoireann ó thús an tséasúir. Is iad na ceithre phointe bónais a d’aimsigh Cúige Uladh go dtí seo i gcomparáid leis an aon cheann amháin a shlánaigh na Lions an difríocht idir na foirne seo. Mar sin féin éacht a bheas ann má thugann na hUltaigh an lá leo.

Tráthnóna amárach tabharfaidh Cúige Mumhan faoi fhoireann eile ón Afraic Theas, na Bulls. Is cinnte go bhfuil Mumhain thar a bheith sásta gur i Luimneach atá an cluiche seo á imirt. Teastaíonn chuile bhuntáiste ó Chúige Mumhan faoi láthair agus gan ach cluiche amháin buaite acu as ceithre iarracht go dtí seo. Seans go raibh taispeántas na Mumhan i gcoinne Chonnacht an Aoine seo caite i measc na n-iarrachtaí ba laige dá bhfaca muid uathu ariamh, gan muinín, plean, ná fiú sprid acu.

Ní dóigh go raibh Cúige Mumhan chomh híseal ariamh ar thábla aon chomórtas leis an dara háit déag ina bhfuil siad faoi láthair. Cúis náire agus imní sin, ní hamháin do na himreoirí ach dá lucht leanta dílis. Má theipeann orthu arís an deireadh seachtaine seo, beidh áit i gcomórtas Chorn na gCuradh an tséasúir seo chugainn i mbaol, rud a bheadh thar a bheith tromchúiseach ar fad. Tá a ndroim le balla anois. Caithfidh siad dul ar an ionsaí ó thús go deireadh an chluiche seo. Caithfidh siad spás agus liathróid a cheilt ar na Bulls, foireann atá ocht n-áit níos airde ná iad ar chlár an tábla.

Mar sin féin, creid é nó ná creid, ach tá mise ag tuar bua do na Muimhnigh. Cén rogha eile atá acu anois?

Fág freagra ar 'RUGBAÍ: Anois nó riamh é ag na cúigí san URC'