‘Rud í an Ghaeilge le daoine a thabhairt le chéile seachas iad a dheighilt’ – an feisire a labhair Gaeilge in Westminster

Is mór an tairbhe atá i dteangacha d’aon sochaí, go háirithe sa Tuaisceart atá deighilte le fada an lá, a deir an Feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts

‘Rud í an Ghaeilge le daoine a thabhairt le chéile seachas iad a dheighilt’ – an feisire a labhair Gaeilge in Westminster

Deir an chéad duine a labhair an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain, gur gá a chur in iúl do dhaoine gur rud í an teanga le daoine a thabhairt le chéile seachas iad a dheighilt.

Agus í faoi agallamh ag Tuairisc.ie, dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, go gcaithfear an leas a dhéanann teangacha a mheabhrú do dhaoine, go háirithe sa Tuaisceart.

Tá a machnamh á dhéanamh ag Saville-Roberts maidir le rún a chur faoi bhráid Pharlaimint na Breataine go dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach don Tuaisceart.

As Londain ó thús di ach bhí sí an-ghníomhach i gcur chun cinn na Breatnaise ina saol gairmiúil ar fad beagnach, ina cuid oibre san oideachas agus ina cuid oibre leis an údarás áitiúil i dTuaisceart na Breataine Bige. 

“Tuigim go maith gur ceist theasaí an tAcht Gaeilge don tuaisceart ó thaobh na polaitíochta de ach ag an am céanna agus ó mo thaithí féin ag obair ar son na Breatnaise sa mBreatain Bheag tá sé an-tábhachtach domsa go dtuigfí an tairbhe a bhaineann le teangacha agus an leas a dhéanann siad don duine agus don phobal.

“An leas a dhéanann siad don duine aonair an tábhacht a bhaineann le teangacha seachas iad a bheith ag deighilt daoine. Cuireann gach teanga feabhas ar do shaol. Is mór an tairbhe atá i dteangacha d’aon sochaí, go háirithe sa Tuaisceart atá deighilte le fada an lá.”

Tá ceist an-bhunúsach ag Saville-Roberts faoi theangacha agus meon daoine ina leith.

“Cén fáth nach féidir linn amharc ar theangacha mar bhealach le daoine a thabhairt le chéile seachas a bheith ag glacadh leis gur siocair dheighilte í teanga?” 

Ba mhaith léi, a deir sí, cur leis an díospóireacht seo agus a mheabhrú don phobal an leas a dhéanann sé do dhuine teanga a fhoghlaim, rud a chonaic sí féin nuair a d’fhoghlaim sí an Bhreatnais. 

“Conas is féidir leis an nGaeilge daoine a thabhairt le chéile seachas í a bheith ag athchruthú na deighilte sa tuaisceart?

“Ceapann a lán go raibh lucht na Breatnaise ar aon intinn riamh anall. Ní fíor sin dáiríre agus bhain daoine áirithe, ar mhaithe le cúrsaí polaitíochta, leas as an mBreatnais chun deighilt a chothú. Nuair a osclaíodh na chéad scoileanna Breatnaise in Caerdydd caitheadh clocha leis na busanna a bhí ag tabhairt na leanaí ar scoil.” 

Baineann cuid de na ceisteanna seanphléite céanna a bhaineann leis an Ghaeilge leis an Bhreatnais chomh maith.

“Tá daoine ann a deir go mbaintear leas as an mBreatnais chun na daoine nach bhfuil acu ach an Béarla a chur faoi mhíbhuntáiste. Go minic ní labhraíonn daoine teanga ach ag ócáidí áirithe. B’fhéidir nach mbeadh an mhuinín agat an teanga a labhairt ag ócáidí eile. Bíonn faisean ag cainteoirí Breatnaise áirithe cainteoirí agus scríbhneoirí na teanga a cheartú.

“B’fhearr liom féin go mór fada go labhródh duine an teanga, fiú agus dearmaid á ndéanamh aige, ná go ndéarfadh sé ‘tá mé ró-náireach agus mar sin labhraím Béarla’.  Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa gan locht. Tá a lán Béarlóirí ann nach labhraíonn ach an Béarla ach ní hionann an cás ag daoine agus teangacha eile. Is iomaí cineál cainteoir Breatnaise ann. 

“Má tá tú ábalta cúpla focal a chur le chéile i mBreatnais agus an teanga á foghlaim agat, tá tú ar do bhealach le bheith i do chainteoir Breatnaise.”

Tá suntas tugtha ag an fheisire parlaiminte do ghné amháin de chás na Gaeilge ar údar imní é, dar léi.

“Rud amháin faoi nGaeilge a gcuirim suntas ann a mhéid agus atáthar ag brath ar an gcóras oideachais leis an teanga a chur chun cinn. Más laistigh den chóras oideachais amháin a fheictear teanga tá an baol ann gur teanga mar theanga oideachais a bheidh againn, bíodh an teanga sin an Laidin, an Ghaeilge nó an Bhreatnais. 

“Mura mbraitheann daoine gur cainteoirí dátheangacha i mBreatnais agus i mBéarla nó i nGaeilge agus i mBéarla iad faoin am a mbíonn siad 16 bliain d’aois, nó 18 ar a dheireanaí, ní bheidh cainteoirí fásta againn. Ní bheidh sa teanga ach meán oideachais a bhuanaíonn é féin seachas teanga a labhraítear.”

Tá Saville-Roberts ina hionadaí d’Iarthuaisceart na Breataine Bige, an ceantar is láidre ina bhfuil an Bhreatnais á labhairt.  Éiríonn leis an gcóras oideachais ansin feidhmiú go héifeachtach mar chóras Lán-Bhreatnaise, a deir sí. Tagann go leor daoine chun cónaithe sa cheantar ó Shasana agus áiteanna eile agus bíonn teaghlaigh ann nach bhféachann orthu féin mar Bhreatnaigh. Faigheann a bpáistí oideachas i scoileanna Lán-Bhreatnaise agus ar chríochnú na scoile dóibh sin, déarfaidh cuid acu gur cainteoirí Breatnaise iad ach ní déarfaidh go leor eile. 

“Ní leor intinn an duine a mhealladh, caithfear an croí a mhealladh chomh maith,” a deir Saville-Roberts. 

“Ní mór dúinn a bheith fíorchúramach faoin úsáid a bhaintear as an teanga sa gcóras oideachais, caithfidh daoine a bheith á hiarraidh. Is fuath liom nuair a théim go dtí scoileanna ina ndeirtear liom go bhfuil múinteoirí ag troid le daltaí faoi labhairt na Breatnaise. Seans gurb é sin an spreagadh is fearr le Béarla a fhoghlaim, múinteoirí a bheith ag rá leat gan é a labhairt.”

Fág freagra ar '‘Rud í an Ghaeilge le daoine a thabhairt le chéile seachas iad a dheighilt’ – an feisire a labhair Gaeilge in Westminster'