Ruairí Ó Brádaigh, agus Robert Nairac ‘fear an Spidéil’

Cuimhníonn ár gcolúnaí ar chomhrá a bhí aige ar an traein le hiarcheannaire an IRA Ruairí Ó Brádaigh agus caitheann sé súil ar an nasc a bhí ag Robert Nairac leis an Spideál i gConamara

Rory O Bradaigh

Bhí aithne réasúnta maith agam ar an bPoblachtach Ruairí Ó Brádaigh. Chastaí dhom é scaití agus bhíodh comhrá cairdiúil againn i gcónaí i nGaeilge. Nuair a cailleadh mo mháthair chuir sé carta comhbhróin chugam.

Bhí a fhios ag Ruairí go maith gur leis na hOifigiúlaigh is mó a bhí bá agamsa agus nach leis na Sealadaigh ach ní tharraingíodh sé anuas é sin chugam ar chor ar bith.

“Stickie é ceart go leor,” a deireadh sé, “ach ní Stickie gangaideach é.”

Os ag caint air sin é, bhí mé ag cuimhneachán Wolfe Tone Domhnach amháin, mé féin agus roinnt Gaeilgeoirí eile ag máirseáil le chéile. Tháinig Roy Johnston anall chugainn agus d’fhiafraigh sé an bhféadfadh sé máirseáil in éineacht linn. Chuir muid fáilte roimhe.

Bhí sé curtha i leith Roy Johsnton ag an am gurbh eisean, seachas duine ar bith eile, ba chúis leis an scoilt i nGluaiseacht na Poblachta. Bhí an-suim agam dá réir ina chomhrá.

Thosaigh sé ag caint ar ‘Éire Nua’, an polasaí a bhí á chur chun cinn ag Ó Brádaigh agus ag a chairde. ‘Tá rudaí maithe sa gcáipéis sin,’ a dúirt sé.

Bhí iontas ormsa go labharfadh sé ar chor ar bith ar Ó Brádaigh ach ar ndóigh ní bhíonn an saol baileach chomh simplí sin aon uair.

Lá eile bhí mé ag teacht as Baile Átha Cliath ar an traein agus cé a bheadh sa suíochán trasna uaim ach Ruairí Ó Brádaigh. Thosaigh mé á cheistiú faoin am a raibh sé ar Chomhairle Airm an IRA.

D’fhiafraigh mé de cé chomh fada agus a d’fhéadfadh sé a dhul le eolas faoi rudaí a tharla. Mhínigh sé dhom gur mar seo a bhí an scéal: dá gceapfadh sé go gcuirfeadh mo cheist as do dhuine ar bith sa nGluaiseacht nó do rud ar bith a bhí ar bun ag an am dhiúltódh sé mo cheist a fhreagairt, ach ní inseodh sé bréag ar bith dhom.

Thug sé cuntas dom ansin ar uair a dtáinig toscaireacht Eaglaiseach chuige ag iarraidh eolais faoi dhaoine a mharaigh an tIRA agus nár fritheadh a gcorp go dtí sin. Ba léir dó go raibh beannacht na Vatacáine ag an toscaireacht.

Tar éis tamaill thuig sé go raibh suim acu i nduine amháin seachas an chuid eile ar fad. Ba shin é an spíodóir, an Caiptín Robert Nairac.

Caitliceach a bhí i Nairac agus bhí cairde maithe aige i gceannasaíocht na hEaglaise Caitlicí i Sasana.

Fear a bhí ann a raibh eolas air sa Spidéal.

Bhí sé cairdiúil le clann an Tiarna Kilannin ón am ar chuir sé aithne orthu i gcoláiste i Sasana. Chaitheadh sé tréimhsí saoire sa Spidéal in éineacht leo.

Spíodóir díchéillí go leor a bhí ann. Bhíodh sé ag dul isteach i bpubanna a thaithíodh Poblachtaígh ag casadh amhráin phoblachtacha agus ag rá gur duine de na hOifigiúlaigh as Béal Feirste a bhí ann.

Cibé faoi na hamhráin is cinnte nach mórán ómóis a bhí do na hOifigiúlaigh i ndeisceart Ard Mhacha.

Oíche an 14 Bealtaine 1977 bhí sé i bpub i nDromainn Tí i gContae Ard Mhacha, pub a dtugtar ‘The Three Steps’ air. Chas sé ‘The Broad Black Brimmer’ an oíche sin:

‘When Ireland gets her freedom,

The one they’ll choose to lead ‘em

Will wear the broad black brimmer

Of the IRA.’

Ar fhágáil an phub dó gar do mheán oíche tugadh chun bealaigh é agus níor fritheadh tásc ná tuairisc air ó shin.

Nuair a thosaigh Robert Nairac a chuid oibre faisnéise sa Tuaisceart rinne sé chuile iarracht a thabhairt le tuiscint gur Éireannach a bhí ann.

De réir an leabhair a scríobh John Parker, Secret Hero, ceistíodh i gCrois Mhic Lionnáin é uair amháin. Bí cinnte gur duine as an IRA a chuir na ceisteanna.

Dúirt sé gur sa Spidéal a rugadh é ach go ndeachaigh sé go Ceanada ina óige agus go raibh sé tagtha ar ais anois agus é ag cuartú oibre.

Tugadh bean i láthair – bean as an Spideál.

“Tá chuile chosúlacht air gur as an Spidéal é ceart go leor,” a dúirt sí, “tá an oiread eolais ar an gceantar aige agus atá agam féin.”

Ní raibh corp Robert Nairac faighte an lá a raibh mise ag caint le Ruairí Ó Brádaigh ar an traein. Níl sé faighte fós. Creideann go leor daoine in Éirinn agus i Sasana gur i miontóir feola a caitheadh an corp.

Má bhí aon eolas ag Ruairí faoi sin níor roinn sé liomsa é.

Fág freagra ar 'Ruairí Ó Brádaigh, agus Robert Nairac ‘fear an Spidéil’'

  • séamus mac seáin

    aisteach go leor ( agus an cliú atá ar an áit ó shin) ba leis na hOifigiúlaigh a a bhí lucht na Gaeilge i mBéal Feirste ag taobhú am na scoilte i nGluaiseacht na Poblachta. Ba iad sin fosta a thóg seilbh ar oidhreacht Uí Chadhain chomh maith.. Alt suimiúil.