Ruainne ‘me-time’ a theastaíonn ó bhanríon an tí agus uaim féin 

Tá mé bodhraithe ag Lilí, banríon an tí, ach chaithfeadh meas a bheith agat uirthi

Ruainne ‘me-time’ a theastaíonn ó bhanríon an tí agus uaim féin 

Tá Lilí, an gadhairín nó banríon an tí, tá sé chomh maith agam é a admháil, amuigh sa gcistineach ag sianaíl le fiche nóiméad is níl aon chuma uirthi go bhfuil sí ag éirí tuirseach dhe.

An fáth atá leis an tsianáil ná go bhfuil sí fágtha sa gcistineach léi féin. Is mar chuid den traenáil atá sé seo ar bun agam gach maidin. An plean atá agam ná go mbeadh sí ar a compord agus achar á chaitheamh sa teach ina haonar aici nuair a bheidh orainn imeacht amach agus í a fhágáil sa mbaile anois is arís.

Caithfidh mé a rá, cé go bhfuil mé bodhraithe aici, go bhfuil mé tógtha lena dúthracht is a seasmhacht agus í ag seasamh go tréan ar a cuid prionsabal. An prionsabal is láidre atá aici, de réir mar a thuigim é, ná go mbeadh giolla éigin ag freastal uirthi gach nóiméad den lá.

Is beag dul chun cinn atá á dhéanamh agam agus mé ag iarraidh a chur ina luí uirthi gur cheart di roinnt ama a chaitheamh léi féin. Ruainne ‘me-time’ a bheith ag an mbeirt againn.

Níl a fhios agam cé againn is faide a sheasfaidh gan géilleadh, ach dá mbeinn ag cur airgid air, chuirfinn ar Lilí banríon an tí é.

Imíonn an t-am an-an-mhall go deo nuair atá tú ag éisteacht le babaí ag caoineadh, ceol ard ó theach na gcomharsan i lár na hoíche, agus, mar atá faighte amach agam, le gadhar óg ag sianaíl agus tú ag iarraidh í a thraenáil.

Chuir mé an stop-uaireadóir ag imeacht sa gcaoi is go mbeadh tuairim agam cén fhad a bhí sí ag caoineadh, is nach bhfágfainn rófhada í.

‘Fanfaidh mé láidir!’ a dúirt mé liom féin. ‘Tá chuile ní a theastaíonn uaithi aici sa gcistineach agus tá an doras cúil ar oscailt di freisin má tá sí ag iarraidh a ghabháil amach faoin aer.’

‘Abha, abha, abhaaaaaaaaaaaaaaaaa!’ a deir Lilí.

‘Ó Íosa Críost,’ a deir mé liom féin. ‘Chaithfeadh go bhfuil sí uaireanta an chloig istigh ann anois.’ Bhreathnaigh mé ar an gclog, bhí 7 nóiméad imithe.

‘Úúúúúúúúúúú, Áúúúúúúúúúúú!’ a deir Lilí, agus chuala mé í ag scríobadh ag an doras.

Ní fhéadfaidh mé géilleadh. Caithfidh mé an fód a sheasamh. ‘Má ghéillim anois, beidh sí ina bas beag orm,’ a mheabhraigh mé dom féin.

‘Áúúúúúúúúúúú!’ a deir Lilí agus thosaigh ag cartadh ag an doras arís.

Chuimhnigh mé go bhfaca mé an ghealach lán an tseachtain seo agus lán mara rabharta is mé amuigh ag siúl. An bhféadfadh go raibh Lilí  faoi gheasa ag an ngealach?

B’fhéidir nach raibh aon neart aici ar an tsianaíl. Ba chuma cén traenáil a dhéanfainn uirthi, dá mba rud é go raibh sí faoi smacht ag na fórsaí nádúrtha céanna a tharraingíonn an taoille. Chaithfinn tuilleadh 

staidéir a dhéanamh ar an gceist.

Níor luaigh scoil na madraí rud ar bith faoi éifeacht na gealaí ar ghadhair óga. Dúirt na húinéirí linn nuair a fuair muid í gur mianach ruiséalaigh a bhí inti agus ‘cúpla rud eile’. An raibh aon bhaol ann gur conriocht ceann de na rudaí eile sin?

Fág freagra ar 'Ruainne ‘me-time’ a theastaíonn ó bhanríon an tí agus uaim féin '

  • S. Mac Muirí

    Is eagal liom nach n-oilfear di ach an tsianaíl 7 scríobadh an dorais. Tá an oiliúint áirid sin ag goilliúint, mo léan, ar an mbeirt agaibh freisin.
    Níl ‘fhios a’m cén aois í ach d’fhéadfá an ciúnas 7 cosaint an dorais a chur i réim in achar seachtaine nó coicíse ar mhodh taitneamhach don mbeirt agaibh. Thuigfeadh sí thú go fiú ar an taobh eile den doras chomh maith 7 ní bheadh imní uirthi chomh minic sa ló nuair a mhothódh sí a reacht tí 7 teaghlaigh mar chóras thart uirthi in ionad na héiginnteachta a bhraitheann sí sa saol faoi láthair.
    Má mhol an ‘scoil’ oiliúna madaí an córas thuas duit ná gabh ar ais chucu. Ní thuigeann siad an t-ainmhí ná duine.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Á Lilí bhocht! xx