‘Ruaigfear an LÉ agus cuirfear an Irish Ship ina háit ’

Is trua le Conradh na Gaeilge an tríú long de chuid an Chabhlaigh a bheith á ainmniú i ndiaidh file Éireannach agus ‘rud beag, ach rud mór’ an t-athrú cúrsa seo a deir Alan Titley

LeSamuelBeckett_large

Is “trua” le Conradh na Gaeilge nár tugadh ainm Gaelach ar long nua Chabhlach na hÉireann atá á tógáil i láthair na huaire. Seolfar an LÉ William Butler Yeats i mí Iúil na bliana seo chugainn. Is í an tríú long de chuid an Chabhlaigh a ainmníodh i ndiaidh scríbhneoir Éireannach.

Tá an LÉ Samuel Beckett agus an LÉ James Joyce ar muir cheana féin.

Dúirt Simon Coveney, an tAire Cosanta, go dtabharfar “aitheantas níos mó do longa ár gCabhlaigh i gcalafoirt thar sáile” agus coimisiniú na loinge LÉ William Butler Yeats á fhógairt inné aige.

Ba i dTeach Lios an Daill, teach ina gcaitheadh Yeats laethanta saoire, a rinneadh an fógra agus dúirt an tAire Coveney gur maith a d’fheil sé ainm an fhile a thabhairt ar an long i mbliana agus Éire ag ceiliúradh 150 bliain ó rugadh é.

Dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge, áfach, gur “trua leis an gConradh go bhfuil an Rialtas ag séanadh ainmneacha i nGaeilge a bhaisteadh ar longa de chuid Chabhlach na hÉireann” mar a bhíodh go dtí seo.

Bunaíodh an tSeirbhís Chabhlaigh sa bhliain 1946 agus bhíodh an nós ann na longa a ainmniú i ndiaidh mhná na miotaseolaíochta Ceiltí. Ba iad an LÉ Cliona, LÉ Maev agus LÉ Macha an chéad trí long a bhí ag an tSeirbhís. Tugadh ainmneacha Gaelacha ar gach long ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 2014 nuair a baisteadh an LÉ Samuel Beckett ar long nua.

“Ní raibh costas ar bith ag baint le hainmneacha Gaelacha a thabhairt ar longa Chabhlach na hÉireann, ach níl an Rialtas sásta fiú an méid is lú meas… a thabhairt don Ghaeilge; is cúis mhór díomá í sin do Chonradh na Gaeilge.

“Ní hé nach bhfuil an-mheas ag dul d’fhilí móra Béarla na hÉireann ar nós W.B. Yeats ach is iomaí bealach eile atá ann chun an meas seo a léiriú, agus is cinnte nach raibh aon ghá don Rialtas dea-nós a bhriseadh agus ainmneacha Gaeilge a ionadú le hainmneacha Béarla ar na longa” a dúirt urlabhraí an Chonartha.

In óráid uaidh a foilsíodh san iris Comhar an mhí seo caite, thagair an scríbhneoir Alan Titley do nós nua seo an Rialtais in aiste dar teideal ‘An Ghaeilge ar Imeall an Náisiúin’.

TitleyCuirt-0020
An scríbhneoir, Alan Titley

“Ní gan fáth a tugadh an LE Samuel Bucket, nó an LE James Joyce ar na longa nua cabhlaigh mar mhalairt ar na hainmneacha Gaelacha a bhíodh orthu cheana. Níor léir go raibh spéis ar bith ag Joyce san fharraige seachas ‘the snot green sea’ agus ‘the scrotum-tightening sea’.

“Is é a bhíothas á rá – cuirimis uainn na nithe páistiúla seo is clasaímis chugainn gach a bhfuil nua-aimseartha, agus díbrímis na samhluithe a bhíodh againn roimhe seo. Rud beag, ach rud mór,” a scríobh an Titlíoch.

“Sin cuid den oidhreacht is measa a d’fhág Alan Shatter ina dhiaidh. Ba chuma dá mbeadh samhlaíocht ar bith ag baint leis, ach is dócha go mbeidh an LÉ John Millington Synge, agus an LÉ Lady Gregory agus an LÉ Seamus Heaney againn. Agus ina dhiaidh sin ruaigfear an LÉ agus cuirfear Irish Ship ina háit. Is é sin an IS Lever agus an IS Lover agus an IS John B. Keane…ach IS? Ar éigean é faoi láthair,” a dúirt sé le Tuairisc.ie

Fág freagra ar '‘Ruaigfear an LÉ agus cuirfear an Irish Ship ina háit ’'

  • Páid Ó Donnchú

    Níor mhaith liom a bheith ar bord an Samuel Bucket ar chum ar bith.

  • rua rua

    IS Copula ?

  • philip

    Is fíor gur scríobh Joyce agus Beckett araon dornán dánta, ach is mór idir sin agus ‘file Éireannach’ a thabhairt ar cheachtar acu, mar a rinne an t-iriseoir san alt.

    Maidir le LÉ agus IS, thiocfadh linn an dá thrá a fhrestal agus LEIS a chur roimh an ainm (tá ré na sínte fada imithe sa Ghalltacht, mar is léir ó RENUA). Ansin an t-ainm O’Leary a thabhairt ar long agus (fan leis) beidh fógairt fhóirsteanach againn ar an mheas atá ag Rialtas na hÉireann ar an Ghaeilge, mar atá LEIS O’Leary (san uaigh, nó sa chás seo, ar ghrinneall na mara).

  • alan

    An t-aon chabhlach ar domhan a théann abhaile chun dinnéir!

  • Colm Ó Cinnseala

    Luann Alan go mbeidh an LÉ á thréigint amach anseo agus gur IS (Irish Ship) a bhéas ar na loing. Tá súil agam nach mbeidh bád againn amach anseo agus ‘IL’ mar ainm uirthi!

  • seán

    Fad is nach dtabharfar LE Titley ar cheann acu! D’ardódh sé sin ‘próifíl na tíre’ i gcéin is i gcóngar.

  • cormac

    LE Aisling, Eithne, Orla, Ciara Róisín, Niamh, Samuel Beckett, James Joyce, An Magairlin Meidhreach…..