RTÉ RnaG ag fágáil slán le Máirtín Tom Sheáinín inniu

Ba sa bhliain 1989 a thosaigh Máirtín Tom Sheáinín, as an Sruthán Buí i Leitir Móir, ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gceannáras an stáisiún i gCasla i gConamara

RTÉ RnaG ag fágáil slán le Máirtín Tom Sheáinín inniu

Cuirfidh an craoltóir aitheanta as Conamara Máirtín Tom Sheáinín an clár Ardtráthnóna i láthair den uair dheireanach inniu agus é ag éirí as a phost le Raidió na Gaeltachta tar éis 31 bliain.

Ba sa bhliain 1989 a thosaigh Máirtín Tom Sheáinín, as an Sruthán Buí i Leitir Móir, ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo Chasla i gConamara.

Bhí an clár Togha agus Rogha, atá ar an aer go fóill, ar cheann de na chéad chláir a bhí faoi chúram an chraoltóra nuacheaptha.

Fuair sé a chéad bhlaiseadh de shaol na craoltóireachta roinnt míonna roimhe sin agus an tsraith amhránaíochta Casadh an tSúgáin á cur i láthair aige.

Bhí an t-amhránaí Máirtín Ó Tuathail, as Baile na Cille, ar an chéad duine ar chuir Máirtín Tom Sheáinín agallamh air mar chuid den tsraith sin agus beidh píosa den agallamh sin le cloisteáil ar Ardtráthnóna inniu.

I samhradh na bliana 1998, thosaigh sé i mbun an chláir cainte Maidin Samhraidh, agus i mí Mheán Fómhair na bliana sin, cuireadh é i mbun an chláir Ardtráthnóna, clár a bhfuil sé ina bhun le 22 bliain anuas.

Is é Máirtín Tom Sheáinín féin a bhí ina láithreoir, ina léiritheoir agus i mbun taighde ar an chlár Ardtráthnóna.

Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha (1994)

I measc na gclár eile a chuir sé i láthair, bhí Corn Uí Riada, Ó Bhinn go Binn, Iris Aniar, Rásaí na Gaillimhe, agus an tsraith Saol agus Saothar.

Amhránaí aitheanta ar an sean-nós é chomh maith, agus thug sé Corn Uí Riada leis faoi dhó, i 1983 agus 1988.

Is craoltóir teilifíse é Máirtín Tom Sheáinín agus tá an clár Comhrá á chur i láthair ar TG4 ó 2003.

Dúirt urlabhraí ó Raidió na Gaeltachta go raibh slán á fhágáil acu le craoltóir a bhfuil “aithne agus cion ag na pobail Ghaeltachta thuaidh, theas, thiar agus thoir air”.

“Tá sé de cháil air go bhfuil sé thar cionn ag cur aíonna ar a gcompord ar an aer, agus go n-éiríonn leis scéalta agus comhrá a mhealladh ó dhaoine a bheadh cúthail b’fhéidir, nó drogallach a dhul faoi agallamh le daoine eile.

“Is craoltóir nádúrthach tuisceanach é, agus bíonn comhluadar breá le fáil ina chuid cláracha.  Is cinnte gur iomaí éisteoir a bheas uaigneach ina dhiaidh agus é ag críochnú le RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo,” a dúirt urlabhraí ó Raidió na Gaeltachta.

Craolfar an clár Ardtráthnóna inniu ag 2pm agus beidh sé faoi agallamh ar an chlár Iris Aniar, Dé hAoine, ag 9.15pm, agus ceiliúradh á dhéanamh ar a shaol craoltóireachta.

Máirtín sa stiúideo le Michael Sarah Ghriallais agus Colm Seoighe sa bhliain 2017

Fág freagra ar 'RTÉ RnaG ag fágáil slán le Máirtín Tom Sheáinín inniu'

  • Tadhg Ó Duigneáin

    Le gach deá ghuí do Mháirtín ag tús a shaol nua. Bhuail mé leis go minic ar an gCeathrú Rua le Linn cúrsaí Gaeleagrais. Fear deas agus amhránaí den chéad scoth.

  • Seán Ó Tuairisg

    Go bhfága Dia an tsláinte agat as ucht na scéalta breátha a chur chugainn ar feadh na mblianta. Bhí an-tuiscint agat ar mhuintir na Gaeltachta agus saol na tuaithe. Bain taithneamh as do shaol nua.