RTÉ Raidió na Gaeltachta gan aon cheannaire buan le 16 mhí

Deir RTÉ go bhfuil súil acu an post a fhógairt ‘go luath’ agus deir Cathaoirleach Chomhairle RnaG gur chóir go ndéanfaí sin

RTÉ Raidió na Gaeltachta gan aon cheannaire buan le 16 mhí

Tá súil ag RTÉ post an cheannaire i Raidió na Gaeltachta a fhógairt “go luath” agus an stáisiún Gaeilge ag feidhmiú le 16 mí anuas gan aon cheannaire buan air.

Tá Gearóid Mac Donncha ina Cheannaire Gníomhach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó d’éirigh Edel Ní Chuireáin as an chúram sin i mí Márta 2017.

Dúirt urlabhraí de chuid RTÉ le Tuairisc.ie inné go raibh  “súil” acu go mbeidh “ar a gcumas fógra a dhéanamh go luath” faoin bhfolúntas a líonadh go buan.

Nuair a d’éirigh Edel Ní Chuireáin as post an cheannaire breis is bliain is ráithe ó shin, dúradh go raibh sé i gceist an folúntas a líonadh nuair a bheadh athbhreithniú déanta ag RTÉ ar struchtúr bainistíochta an stáisiúin Ghaeltachta.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an t-athbhreithniú sin críochnaithe le breis agus leathbhliain ach nach bhfuil sé faofa go fóill ag lucht na hardbhainistíochta in RTÉ.

Meastar go moltar san athbhreithniú deireadh a chur le post an leascheannaire sa stáisiún agus post bainistíochta eile, a bheadh dírithe níos mó ar bhainistiú acmhainní agus daoine, a chur ina áit.

Dúirt Mícheál S. Mac Donnacha, Cathaoirleach nua Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta le Tuairisc.ie go raibh sé ag súil go gceapfaí duine ina cheannaire buan ar an stáisiún go luath. 

“Tá muid ag glacadh leis go mbeidh rud éigin ag tarlú sa gcás sin go luath agus go mbeidh ceapachán á dhéanamh gan mhoill. Sin an rud atá ráite linn,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Donnacha gur tharla “go leor athruithe” in RTÉ agus i Raidió na Gaeltachta le 16 mhí anuas agus go raibh “athstruchtúrú á dhéanamh ar an mbainistíocht ar fad, rud a thógann go leor ama.”

“Tá súil againn go mbeidh duine ceaptha go luath sa phost agus ba chóir go mbeadh. B’fhearr liom dá dtógfaí am leis agus go ndéanfaí i gceart é agus go mbeadh struchtúr ceart bainistíochta ann, ní hamháin sa Raidió féin ach taobh istigh de RTÉ.”

Is é leascheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha, atá ag feidhmiú mar cheannaire gníomhach ar an stáisiún ó Mhárta 2017, is mó atá á lua leis an bpost buan.

Fág freagra ar 'RTÉ Raidió na Gaeltachta gan aon cheannaire buan le 16 mhí'

  • Feardorcha

    Meas tú an mbeidís sásta figiúr a chur le líon na gceannairí nua?