Os comhair Choiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais inniu a bheidh ionadaithe RTÉ á ndiancheistiú ag polaiteoirí faoin bpraiseach san eagraíocht.
Míshásta agus amhrasach go maith atá polaiteoirí go fóill faoin míniú ar fad atá tugtha ag RTÉ ar na híocaíochtaí folaithe a rinneadh le Ryan Tubridy.
Tá sé ráite ag roinnt polaiteoirí go bhfuil go leor ceisteanna tábhachtacha fós le freagairt ag RTÉ agus gurb amhlaidh a spreag a raibh le rá ag feidhmeannaigh an stáisiúin ag Coiste Meán an Oireachtais inné tuilleadh ceisteanna.
Beidh freagraí níos soiléire á n-éileamh ag polaiteoirí inniu ar na ceisteanna sin a chreideann siadsan nach bhfuil freagartha go hiomlán fós ag RTÉ.
Tá an Taoiseach agus daoine eile tar éis a rá go gcaithfear an t-eolas ar fad a bhaineann leis an ngéarchéim seo atá ag bagairt ar RTÉ a chur ar fáil.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné nár chreid an rialtas leagan RTÉ den scéal, go háirithe gurbh í Dee Forbes, an t-iar-ardstiúrthóir, an t-aon duine amháin san eagraíocht a bhí ar an eolas faoi na sonraí ar fad ónar eascair na figiúirí míchruinne a a foilsíodh faoi shocruithe pá Ryan Tubridy.
Deineadh diancheistiú i dTeach Laighean inné ar dhaoine sinsearacha ó RTÉ faoi chonspóid na n-íocaíochtaí rúnda a fuair an craoltóir aitheanta Ryan Tubridy.
Léirigh polaiteoirí ag an gcruinniú de choiste Oireachtais na meán amhras agus fearg faoi chuid de na freagraí ó lucht RTÉ agus dúirt Cathaoirleach an Choiste, Niamh Smyth, Fianna Fáil, go raibh cuid de na freagraí sin “an-aisteach go deo”.
Ghabh Cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh leithscéal faoin “bhfeall millteanach seo ar iontaoibh an phobail” agus dúirt sí gur léir nach raibh “an bord feidhmiúcháin ag feidhmiú mar ba chóir do bhord feidhmiúcháin a bheith ag obair”.
Dúirt sí go raibh feidhmeannaigh ag obair beag beann ar a chéile agus gur scaip laige an bhoird feidhmiúcháin “ón mbarr anuas” ar fud na heagraíochta.
“Níl sé ceart. Ní maith é,” a dúirt sí.
‘Tá smál ar iontaoibh an phobail asainn’ – diancheistiú déanta ar RTÉ i dTeach Laighean
Dúirt an Cathaoirleach gur cuireadh eolas nach raibh fíor ar fáil don Choiste agus do dhaoine eile roimhe sin.
“Feall ar iontaoibh asaibhse a bhí ansin, ionadaithe tofa an Oireachtais, agus gabhaimid ár leithscéal ó chroí libh mar gheall air.
“Tá an pobal, foireann RTÉ agus ionadaithe poiblí gonta agus fearg orthu. Tuigimid go bhfuil smál ar iontaoibh an phobail asainn. Tá a fhios againn go bhfuil an iontaoibh sin luachmhar agus gur deacair í a fháil ar ais nuair a dhéantar í a threascairt.
“De réir a chéile déanfaimid ár ndícheall an iontaoibh sin a chothú arís. Ní loicfimid ón dúshlán sin.”
Shíl go leor de bhaill an Choiste go raibh RTÉ ag iarraidh ceap milleáin a dhéanamh de Dee Forbes, iar-ardstiúrthóir an chraoltóra a d’éirigh as an tseachtain seo caite i bhfianaise an scannail.
Ba bheag iontaoibh a bhí ag baill an choiste as leagan RTÉ den scéal, go háirithe an maíomh gurb í Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh dóthain eolais aici le go mbeadh a fhios aici go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn.
jpmorley0@gmail.com
Léigh mé inniu gur ‘carr-ambasadóirí’ (SUVS is dócha, cad eile) ‘sea cuid mhaith de phiardaí & d’iarphiardaí craolacháin RTÉ. É sin sa bhreis ar a gcuid íocaíochtaí follasacha agus folaithe, má tá. Ní bligeardaíocht ná ní ganasaíocht go dtí é. Anois a thuigim cén fáth go mbíonn litir éilimh á sacadh isteach im bosca leitreach gach mí (nach mór) ag an Post i gcomhair earra nach bhfuil agam .i. bosca teilifíse. Chaith mé i dtraipisí é mar gheall ar an méid fógraí a bhí im dhalladh is im bodhradh. Ceadúnas chun ‘cead’ a bheith agam breathnú ar an sciodar sin? Is maith a thuigeas, babhtaí, do Elvis nuair a scaoil sé p’léar (dum dum de dheallraimh…) leis an scáileán diablaí amanta sin a bhí á chur soir!