RTÉ.ie, Coimisinéir.ie agus BordFáilte.ie i measc 40 suíomh idirlín atá cláraithe le síneadh fada

Fógraíodh anuraidh go mbeadh cead ainmneacha fearainn le sínte fada a chlárú feasta

RTÉ.ie, Coimisinéir.ie agus BordFáilte.ie i measc 40 suíomh idirlín atá cláraithe le síneadh fada

Cláraíodh beagnach 40 ainm fearainn a bhfuil síneadh fada iontu leis an gClárlann Fearainn IE (IEDR) ó ceadaíodh a leithéid den chéad uair dhá mhí ó shin.

Dúirt Maoirseoir na Seirbhísí Cláraithe, Paul Shortt, le Tuairisc.ie gur ceadaíodh ainmneacha fearainn le sínte fada do shuíomhanna dar chríoch .ie den chéad uair ar an 17 Samhain 2016 agus gur cláraíodh 39 ainm fearainn le síneadh fada ó shin.

I measc na n-ainmneacha a cláraíodh tá rté.ie, cié.ie, metéireann.ie agus bordfáilte.ie. Thapaigh eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta an deis freisin agus chláraigh ainm a suímh idirlín le sínte fada, leithéidí raidiónalife.ie, dúchas.ie, coimisinéir.ie agus údarás.ie ina measc.

Nuair a fógraíodh ar dtús go mbeadh teacht ar ainmneacha fearainn le sínte fada in earrach na bliana seo caite, dúirt Michele Neylon, ó Choiste Comhairleach an IEDR, gurbh í “tábhacht na Gaeilge i gcultúr na hÉireann” ba chúis leis an moladh go gcuirfí ar fáil iad.

“Is linne an Ghaeilge agus níl aon chiall le fearann ‘náisiúnta’ mura ndéanann sé freastal cuí ar an teanga náisiúnta. Fiú mura labhraíonn tú Gaeilge, níl aon éalú ón teanga. Tá sí sna logainmneacha, in ainmneacha comhlachtaí agus eagraíochtaí, i nathanna agus i bhfrásaí an Bhéarla atá againn,” a dúirt Neylon, a oibríonn sa chomhlacht Blacknight.

Tugadh cead ar dtús do dhaoine a raibh trádmharc Gaeilge acu ainm fearainn a chlárú i mí Lúnasa na bliana seo caite. Tugadh cead ina dhiaidh sin dóibh siúd a raibh ainm fearainn cláraithe acu cheana féin ach a raibh sínte fada ar lár ann, leithéidí udaras.ie agus coimisineir.ie. Ar deireadh, cuireadh gach ainm fearainn Éireannach eile ar fáil le ceannach ar an 17 Samhain.

Níl gach aon ainm fearainn a cláraíodh nasctha le suíomh beo idirlín fós agus d’fhéadfadh sé nach nascfar go brách iad ach gur ceannaíodh cearta an ainm fearainn lena chinntiú nach i seilbh bradaithe idirlín a bheadh an t-ainm fearainn.

Tugtar ‘suiteoireacht fearainn’ ar an gcleachtas sin, nuair a cheannaíonn duine nó daoine nach bhfuil baint acu le heagraíocht ainm fearainn a mheasann siad a bheadh ag teastáil ón eagraíocht. Is minic a dhíoltar an t-ainm fearainn leis an eagraíocht ar chostas ró-ard, nó a chuirtear ábhar nach mbaineann leis an eagraíocht ar chor ar bith ar an suíomh, nó nach ndéantar rud ar bith leis an ainm fearainn seachas é a choinneáil ón eagraíocht.

Bhí cás cáiliúil ann in 2000 nuair a cheannaigh duine darbh ainm Dan Parisi an t-ainm fearainn www.madonna.com sular thapaigh an ceoltóir mór le rá an deis. Líon sé an suíomh idirlín le hábhar pornagrafaíochta. Bhuaigh Madonna an ceart an t-ainm fearainn a thógáil ó Parisi tríd an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil, eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaithe.

Fág freagra ar 'RTÉ.ie, Coimisinéir.ie agus BordFáilte.ie i measc 40 suíomh idirlín atá cláraithe le síneadh fada'