RTÉ chun tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí ná riamh

Beidh an rogha ar fáil den chéad uair i mbliana do chluiche ceannais iomána Laighean amárach idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh

RTÉ chun tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí ná riamh

Beidh rogha tráchtaireachta i nGaeilge ar fáil do chluichí ceannais iomána an deireadh seachtaine seo agus é fógartha ag RTÉ go bhfuil siad chun an tseirbhís a chur ar fáil do níos mó cluichí ná riamh an samhradh seo.

Tá sé i gceist tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do 13 cluiche ar fad i gcraobhacha iomána agus peile i mbliana, trí chluiche sa bhreis ar sholáthar na bliana seo caite. Beidh tráchtaireacht ar fáil i nGaeilge freisin ar chluiche ceannais camógaíochta na hÉireann.

Den chéad uair i mbliana, beidh rogha na Gaeilge ar fáil do chluiche ceannais iomána Laighean amárach idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh.

Garry Mac Donncha agus iarchaptaen Uíbh Fhailí Pat Fleury a bheas i mbun tráchtaireachta don chluiche sin agus beidh an bheirt i láthair freisin chun cur síos a dhéanamh ar chluiche ceannais na Mumhan idir Luimneach agus Tiobraid Árainn Dé Domhnaigh.

Sna seachtainí amach romhainn beidh tráchtaireacht Ghaeilge mar rogha ar chluichí ceannais gach cúige sa pheil chomh maith le craoladh ar cheann de na cluichí ceathrú ceannais iomána.

Agus ar ndóigh beidh tráchtaireacht ar fáil i nGaeilge ar na cluichí leathcheannais agus ceannais sa pheil agus san iomáint chomh maith le cluiche ceannais na camógaíochta.

Is iad Garry Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta a bheas i mbun tráchtaireachta agus comhthráchtaireacht agus anailís á gcur ar fáil ag Dara Ó Cinnéide, Pat Fleury, Gary Brennan agus Claire O’Connor.

Cuireadh tús leis an tseirbhís Ghaeilge in 2015 nuair a cuireadh tráchtaireacht bheo i nGaeilge ar fáil do chluichí ceannais na hÉireann agus cuireadh léi gach bliain ó shin.

Beidh na cluichí ar fad le feiceáil ar RTÉ News Channel, RTÉ Player agus má bhíonn daoine ag féachaint ar RTÉ TWO ar Saorview is féidir na céimeanna seo a leanas a leanúint.

Conas teacht ar thráchtaireacht Ghaeilge ar Saorview

Ag féachaint ar RTÉ 2 – roghnaigh an cnaipe language (lang) ar an gcianrialtán Saorview. Ansin téigh chuig ‘audio language’ agus brúigh OK.

Céim 2

Tar éis OK a bhrú osclóidh an dara bosca aníos ar an scáileán agus feicfidh tú na teangacha ar fad atá ar fáil duit.

Céim 3

Más mian leat tráchtaireacht i nGaeilge, athraigh ó English Language go Irish Language agus brúigh “OK” ar an gcianrialtán.

Fág freagra ar 'RTÉ chun tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí ná riamh'