RTÉ ar a n-oilithreacht bhliantúil do Sheachtain na Gaeilge

Seoladh dhá shraith Ghaeilge ar RTÉ le seachtain anuas agus bhain ár léirmheastóir sásamh áirithe as in ainneoin é a bheith soiniciúil agus ciotrúnta

RTÉ ar a n-oilithreacht bhliantúil do Sheachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge, seachtain an bhéalghrá, faoi lán seoil. Ní aontóidh cách leis an gcur síos agus údar acu óir go bhfuil ardú croí ag baint le daoine a bheith ag déanamh iarrachta maidir lenár dteanga dhúchais. Is fuiriste éirí bailithe den chur i gcéill chomh maith, áfach.  B’fhéidir go bhfuilim éirithe soinciúil agus ciotrúnta agus mé imithe in aois.

Is cuimhin liom an scéal faoin uair go raibh piarda mór i saol na Gaeilge ag caint le piarda mór in RTÉ faoi iarrachtaí an stáisiún i rith Sheachtain na Gaeilge.

Thug fostaí RTÉ le fios go raibh gach n-aon ana-shásta faoin méid a deineadh; Gaeilge sníofa isteach i gcláir éagsúla go nádúrtha, éifeachtach. Níor chosain sé pingin, ní raibh aon bhrú ná achrann i gceist agus níor cuireadh na cláir, an lucht féachana/éisteacha ná na craoltóirí dá mbuille.

Go deimhin bhí scaimh chun Gaeilge ar fhostaithe RTÉ agus bhaineadar súp as a n-iarrachtaí. Freagra fhear na Gaeilge: “Cén fáth nach féidir libh a leithéid a dhéanamh an bhliain ar fad mar sin?”

Ceist loighciúil ach freagra le téagar ní bhfuair sé.

Seo chugainn RTÉ mar sin ar a n-oilithreacht bhliantúil don Ghaeilge. Mar chuid d’fhothragadh na coicíse seoladh dhá shraith Ghaeilge nua.

Bhí Saol na Feirme (RTÉ 1) againn ar an Luan. Tabharfaidh an tsraith sé chlár seo éachtaint ar shaol an fheirmeora sa lá atá inniu. Tugadh ó Phort Láirge go Dún na nGall sin agus as sin go Ciarraí le dreasanna cainte a dhéanamh le fir is mná atá ag plé le feirmeoireacht de gach saghas ón mairteoil is déiríocht go glasraí agus caoirigh.

Rud amháin a rith liom ná an nasc láidir atá acu ar fad leis an talamh agus iad ag trácht go minic ar an bhfeirm a fágadh le huacht acu is na sinsir a bhí a saothrú na talún rompu ar feadh na nglúnta. 11 feirmeoir ar fad a bheidh faoi chaibidil ach ní fhacamar ach cúigear acu ar an Luan; iad ar fad ag labhairt i nGaeilge, dála an scéil. Beidh le feiscint cé chomh domhain is a raghfar faoi cheisteanna timpeallachta agus athrú aeráide.

Bhí an dara gála de Réaltaí na Gaeltachta (RTÉ1) againn ar an Máirt. Coincheap na sraithe seo ná daoine fásta a chur chun na Gaeltachta leis an nGaeilge a fhoghlaim. Siamsaíocht éadrom mar sin. Seoltar Des Cahill, Lauren Whelan,

Amanda Brunker, Oisín Mullin agus Fred Cooke ó thuaidh chuig Coláiste Bhríde i Rann na Feirste.

Scéal faoi na préacháin i measc na bpéacóg. Iad faoi chúram na mban tí, ag freastal ar ranganna Gaeilge agus ag tabhairt faoi chéilithe is imeachtaí eile. É sin ar fad agus scrúdú béil le déanamh acu ag deireadh na seachtaine. D’fhéadfadh an tsraith a bheith sleamhnaithe an-mhór i dtreo uasal le híseal.

Go deimhin ní fada a thóg sé ar Dhlí Godwin na Gaeilge teacht i bhfeidhm – sé sin tagairt do Pheig. Cúis gháirí chugam go bhfuil Lauren chomh óg sin nach bhfuil a fhios aici cé hí Peig.

Sraith mheasúil í agus dearcadh dearfach acu ar fad ar an nGaeilge is iad ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh.

Bhaineas sásamh áirithe as na cláir in ainneoin go bhfuilim soiniciúil agus ciotrúnta.

Fág freagra ar 'RTÉ ar a n-oilithreacht bhliantúil do Sheachtain na Gaeilge'

  • Bríd

    Iontach gur bhain an colúnaí sult as na cláir…

  • Pól

    Tá Seachtain na Gaeilge go maith ann, ach ní chloisfidh muid mórán an chuid eile den bhliain. Cén dochar a dhéanfaidh sé abairtín nó dhó a chaitheamh isteach ó am go chéile le linn na bliana a thaispeánfas dúibnn nach stáisiún Sasanach é RTÉ.